Ní leor do mhuintir na Gaeltachta gan a bheith ciníoch, caithfear tacú os ard leis an éagsúlacht

Spreag alt a foilsíodh ar an suíomh seo inimirceach chun alt a scríobh faoina taithí mar chainteoir líofa Gaeilge a bhfuil cónaí uirthi sa Ghaeltacht

Ní leor do mhuintir na Gaeltachta gan a bheith ciníoch, caithfear tacú os ard leis an éagsúlacht

Brasaíleach mé ó chúlra Gearmánach. Ó tháinig mé go hÉirinn naoi mbliana ó shin, ní bhfuaireas ach fáilte ó phobal na Gaeltachta.

Sin cuid mhór den fáth go bhfuil an teanga agam in aon chor. Is fíor go raibh suim agam san amhránaíocht ar an sean-nós sular tháinig mé go hÉirinn – agus go raibh beagáinín Gaelainne dá bharr – ach ní chuirfinn feabhas nó cleachtadh ar mo chuid Gaelainne murach an cairdeas a d’fhás idir mé agus an pobal.

Is sa Ghalltacht a d’fhulaing mé de bharr mo chúlra mar inimirceach ó am go ham. Ba nós liom na scéalta a insint, tráth dá raibh, ach is annamh agus is beag duine a thug cluas éisteachta dom. ‘Níl pobal na hÉireann ciníoch,’ a dúirt cuid acu ag an am. ‘Ná tabhair aird ar na hamadáin sin, eisceachtaí iad,’ a dúirt cuid eile. Go ginearálta, an teachtaireacht a chualas ná gan míol mór a dhéanamh de mhíoltóg. D’aontaigh mé leo ar deireadh.

Ach thosnaigh mé ag diúltú d’agallaimh as Béarla mar gheall ar an gceist shíoraí “an fáth go bhfuil suim agam ins an Ghaelainn in aon chor”. Déarfainn gurb é an freagra a bhí na Béarlóirí ag iarraidh a chloisteáil ná… ‘ó, is scoláire ceart mé. Thar a bheith intleachtúil! Déanaim gach teanga fén spéir d’fhoghlaim’.

Ní fíor é sin ar chor ar bith, áfach, agus nílim sásta bréag a insint chun daoine a bhfuil eagla orthu roimh an fhírinne a shásamh. Dar liom féin, is fearr tost ná bréag.

Nach ormsa a bhí an t-iontas, áfach, nuair a thosnaigh na hagóidí (i mBÁC ar dtús, agus de réir a chéile, ar fud na tíre) i gcoinne na hinimirce.

“Cad tá ag tarlú ar chor ar bith?” a smaoinigh mé. Cheap mé gur ormsa a bhí an dul amú a bheith ag déanamh aon imní mór go dtarlódh a leithéid sin de rud in Éirinn. Dúradh liom go minic nach dtarlódh. Cheap mé gur mise a bhí tar éis deimhin a dhéanamh de mo bharúil mar gheall ar an tuiscint a bhí agam ar stair mo thíre dúchais agus gurb amhlaidh nár thuig mé cúrsaí polaitíochta na hÉireann chomh maith céanna.

Ná géillimis do mheon duairc na nGael ná don ‘imní aeráide’

Ach is léir, faraor, go raibh an ceart agam ó thús. B’fhéidir go bhfuil feiniméin áirithe uilíoch. An ghluaiseacht fhrith-inimirce sa tír seo bíonn a leithéid ar fud an domhain, agus bíonn na cúiseanna céanna taobh thiar di gach uile uair.

An bhfuil bród ag muintir na hÉireann as a gcultúr? An mbraitheann siad go bhfuil féiniúlacht láidir, dhearfach acu mar phobal uathúil? N’fheadar cad a déarfaidh siad mar fhreagra, ach tá a fhios agam an freagra ionraic ar an dá cheist. Níl. Ní ábhar náire an freagra sin, agus níl an locht ar mhuintir na hÉireann i gcoitinne – lorg na gcéadta bliain den choilíneachas ar ndream a bhí fé chois ag an impire atá i gceist. Ach is fiú an fhírinne a aithint.

D’fhéadfainn a bheith níos beaichte agus a rá go bhfuil féiniúlacht i bhfad níos láidre ag pobal na Gaeltachta ná mar atá ag an gcuid eile de phobal na hÉireann. Níl aon dabht orm fé sin.

Agus cé hiad an dream is minice a léiríonn fearg i gcoinne inimircigh ‘ag teacht anseo, ag goid ár bpost agus ár gcuid tithíochta agus ag tabhairt a gcuid cultúr seachtrach isteach?’ Muintir na Galltachta. An dream céanna atá ag streachailt níos mó le ceisteanna a bhaineann leis bhféiniúlacht chultúrtha.

Níl an dream sin míshásta le hinimircigh mar gheall ar ‘tithíocht, fostaíocht agus ceannas cultúrtha’ i ndáiríre. Níl ann ach leithscéalta, ionas gur féidir leo bréag a insint dóibh féin agus gan déileáil leis an bhfíorfhadhb. Bhí na fadhbanna sóisialta sin againn cheana féin i bhfad sular tháinig an chéad teifeach nó inimirceach isteach.

Agus ní ag dul in olcas de bharr inimirce aá siad. Is fiú cuimhneamh i gcónaí go go mbíonn fadhb na himirce i bhfad níos measa, agus na céadta atá ag imeacht go dtí an Astráil agus tíortha eile gach bliain. Nach áisiúil an scéal sin a fhágáil ar lár nuair atáthar ag iarraidh an locht as gach uile fhadhb a chur ar an ndream is leochailí?

Bíonn cuid acu ag iarraidh muintir na Gaeltachta a mhealladh go dtí an ghluaiseacht shuarach, ghránna sin, mar a tharla i gConamara le déanaí.

Ach ag an am céanna, níl aon rud le rá acu faoi fhás na Gaelainne. Níl duine ar bith acu a bhfuil suim acu sa phleanáil teanga nó fiú amháin a bheith páirteach in imeachtaí cultúrtha don phobal. Ní dhéanfaidís chun tithíocht inacmhainne a fháil don Ghaeltacht ach an oiread. Ní dhéanann siad ach éad a léiriú le gach éinne sa tír seo a bhfuil féiniúlacht láidir acu agus obair dhian ar siúl acu.  Ní éiríonn leo an t-éad sin a cheilt taobh thiar dá leithscéalta.

Uaireanta, ní leor é gan a bheith ciníoch. Caithfear tacú os ard leis an éagsúlacht.

Fág freagra ar 'Ní leor do mhuintir na Gaeltachta gan a bheith ciníoch, caithfear tacú os ard leis an éagsúlacht'

  • Eamonn Mac Niallais

    Ceart ar fad agat. Táthar ag úsáid cosaint na teanga le cúr in aghaidh inimirceach nuair nach bhfuil suim dá laghad acu san ábhar.

  • JP

    Aiste an-spéisiúil go deo í sin, guth úrfhírinneach arbh fhiú dona lán againn éisteacht go géar leis agus aird a thabhairt air.
    Eithne na fírinne aici agus an eithne sin curtha inár láthair go neamhbhalbh agus go tuisceanach aici.
    Nithe curtha ar mo shúile aici dom ná raibh feicthe ná tuigthe agam roimhe seo…súil eile go deimhin.
    Tá an ceart aici nuair adeir sí gur cuid mhór den duine is ea an formad, go háirithe nuair a bhíonn dul chun cinn follasach á dhéanamh ag an duine ‘eile sin thall’.
    Cloisim sa chafé go minic é …
    tá siad ag canntáil ár gcoda orainn, tugtar tosach áite dóibh i gcúrsaí tithíochta, bíd ag teacht i dtír ar íocaíochtaí leasa shóisialta…
    ‘féach thall’, arsa duine amháin le seanbhlas, ‘agus buggy breá nua aici, mo léir’ …..
    Ach na hallúraigh go léir a chastar ormsa is ag obair go dian duainéiseach a thugann siad a saol.
    Pinginí á seoladh abhaile ‘dtína muintir acu ag deireadh na míosa go féichiúnta.
    Tá feabhas mór tagtha ar shochaí agus ar mheanma na tíre seo, dar liom, a bhuíochas leis na himircigh sin.
    Ach an bhfuil na hÉireannaigh in éad leo chomh maith (go fo-choineasach, abair) toisc a dteanga féin a bheith go rábach acu agus gan aon cheann fé orthu í a labhairt, ach a mhalairt?
    Sinne ‘dúchasaigh’ curtha in áit na leathphingne acu ar bhealach eile? Balbháin inár dteanga féin?
    Pé’r bith é, fearaim fíorchaoin fáilte roimh Natalia go dtí an tír shuaite seo agus ….nár laga Dia a sciúch!