‘Ní léir go bhfuil an fuinneamh céanna ag an Rialtas i dtaobh Bhliain na Gaeilge is atá acu i gcás na bhfógraí do Project Ireland 2040’

Deir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Moynihan nach bhfuil an fuinneamh céanna á léiriú ag an Rialtas maidir le scaipeadh scéal Bhliain na Gaeilge is atá léirithe acu agus iad ag scaipeadh scéal an Phlean Forbartha Náisiúnta

‘Ní léir go bhfuil an fuinneamh céanna ag an Rialtas i dtaobh Bhliain na Gaeilge is atá acu i gcás na bhfógraí do Project Ireland 2040’

Ní léir go bhfuil an “fuinneamh céanna” ag an Rialtas i leith Bhliain na Gaeilge is atá acu i leith na fógraíochta atá á déanamh faoin bPlean Forbartha Náisiúnta.

B’in a bhí le rá ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Moynihan sa Dáil inné agus plean an Rialtais maidir le Bliain na Gaeilge 2018 faoi chaibidil.

Tá conspóid mhór faoi láthair ann maidir leis an ábhar bolscaireachta atá á fhoilsiú ag an Rialtas i dtaobh Project Ireland 2040 agus é curtha ina leith go bhfuil mí-úsáid á bhaint acu as airgead stáit ar mhaithe le dul chun cinn a dhéanamh sa pholaitíocht agus ar mhaithe le hiarrthóirí toghcháin de chuid Fhine Gael.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Moynihan nárbh léir go raibh “an fuinneamh céanna” i gceist maidir le scaipeadh scéal Bhliain na Gaeilge.

“Tá sé soiléir go bhfuil an-fhuinneamh ag an Rialtas chun fógraíocht a dhéanamh ar an bPlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027, ach n’fheadar an bhfuil an fuinneamh céanna acu i dtreo Bliain na Gaeilge, a thugann seans dúinn síneadh amach chuig daoine lasmuigh de phobal na Gaeilge.

“Dúirt an tAire Stáit go bhfuil €450,000 curtha ar fáil. An bhfuil sé sin don chlár é féin nó don fhógraíocht? Níl sé soiléir go bhfuil clár fógraíochta cinnte ann chun Bliain na Gaeilge – an scéim ar fad – a chur os comhair an phobail, go háirithe pobail lasmuigh de mhuintir na Gaeilge,” arsa Aindrias Moynihan.

Mhaígh an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh go raibh “obair dhian” ar bun maidir le Bliain na Gaeilge.

“Tháinig an smaoineamh maidir le Bliain na Gaeilge ó Chonradh na Gaeilge, atá ag obair go dian agus go cóngarach leis na dreamanna uilig ar an talamh, ar nós na chomharchumainn, Údarás na Gaeltachta agus na h-eagraíochtaí deonaithe.

“Tá siad ar fad ag obair go dian ar cúpla smaoineamh maidir leis an bplean. Tá sonraí breise agam maidir leis na himeachtaí a bheidh ann i rith na bliana. Beidh mé sásta na sonraí sin a chur ar fáil do na Teachtaí a bhfuil suim acu iontu,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta.

D’iarr an Teachta Dála Catherine Connolly den Aire Stáit cérbh iad na pleananna agus na socruithe atá ag Éire Ildánach, an clár náisiúnta do na healaíona, do Bhliain na Gaeilge ach níor freagraíodh a ceist.

Fág freagra ar '‘Ní léir go bhfuil an fuinneamh céanna ag an Rialtas i dtaobh Bhliain na Gaeilge is atá acu i gcás na bhfógraí do Project Ireland 2040’'