Ní laochra thar oíche iad peileadóirí Loch Lao, cumann peile lán-Ghaeilge Bhéal Feirste

Cé go bhfuil siad dhá bhliain déag ar an bhfód, imreoidh Laochra Loch Lao, cumann CLG lán-Ghaeilge Bhéal Feirste, i gCraobh Aontroma den chéad uair i mbliana agus cumann buan bunaithe acu anois

Ní laochra thar oíche iad peileadóirí Loch Lao, cumann peile lán-Ghaeilge Bhéal Feirste

Beidh aithne mhaith ag aon duine a d’fhreastail ar Chomórtas Peile na Gaeltachta le roinnt blianta anuas ar pheileadóirí agus lucht leanúna Laochra Loch Lao. Tá cumann lán-Ghaeilge Bhéal Feirste ag freastal ar an bhféile peile ó 2006 agus iad ag baint lántaitneamh as deireadh seachtaine mór peile na Gaeltachta.

Rud nach mbeadh ar eolas ag gach duine áfach ná nach cumann buan a bhí iontu. Roimhe seo, ní thagadh an fhoireann le chéile ach amháin do Chomórtas Peile na Gaeltachta nó do chomórtais éagsúla i gcathair Bhéal Feirste agus, seachas sin, d’imríodh na peileadóirí lena gcumainn féin.

Tá athrú ag teacht air sin áfach agus i ndiaidh go leor oibre a bheith déanta acu, tá Laochra Loch Lao aitheanta anois mar chumann ceart in Aontroim. Dé Luain seo caite, tugadh foireann na bhfear isteach i Roinn 3 de shraith an chontae agus i gCraobh Shóisir an chontae. Cúpla seachtain ó shin tugadh an stádas céanna d’fhoireann na mban.

“Tá muid ag labhairt faoi seo go ciúin le cúpla bliain anuas,” a deir Seán Ó hEacháin, imreoir agus ball de choiste Laochra Loch Lao.

“Bhí cúpla cruinniú poiblí againn nuair a labhair muid leis na Gaeil a bhí anseo i mBéal Feirste, le daoine a bhí ag plé le Cumann Lúthchleas Gael, agus le daoine nach raibh aon bhaint acu le CLG ach a raibh suim acu ann. Is próiseas é seo atá ar bun le bliain nó dhó agus le cúpla mí anuas tá rudaí ag bláthú.”

Má bhí gríosú ar bith ag teastáil ó Laochra Loch Lao, fuair siad a leithéid ó Na Gaeil Óga, a bhunaigh cumann lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath in 2011 agus atá imithe ó neart go neart ó shin.

“Rud a thug spreagadh dúinn, agus a chuir brón orainn ar bhealach, ná dul chun cinn Na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath. Cé gur tháinig siad inár ndiaidh, chuaigh siad chun tosaigh orainn,” a deir Ó hEacháin.

“Bhreathnaigh muid ar céard a bhí ar siúl acu i mBaile Átha Cliath agus thug sé spreagadh dúinn. B’fhéidir gur thug muid an bunspreagadh dóibh, ach is cinnte go ndeachaigh siad chun tosaigh orainn!”

Thaistil baill de chuid Na Gaeil Óga suas go Béal Feirste chun freastal ar chuid de na cruinnithe a bhí á reáchtáil ag Laochra Loch Lao agus deir Ó hEacháin go bhfuil an cumann thar a bheith buíoch as an gcomhairle agus na moltaí a chuir Gaeil Bhaile Átha Cliath ar fáil dóibh.

Ar ndóigh, ní bheadh aon mhaitheas lena leithéid de chabhair mura mbeadh suim ag muintir Bhéal Feirste féin páirt a ghlacadh sa chumann, ach ar an dea-uair, ní fadhb í sin atá ag Laochra Loch Lao faoi láthair.

Mar is eol go maith do Na Gaeil Óga, thuig Ó hEacháin agus baill an choiste freisin gurb é an bealach is fearr chun a chinntiú go mairfidh an cumann ná imreoirí óga a mhealladh. Cuireadh tús leis an obair sin mí Mheán Fómhair seo caite.

“Chuaigh cuid de na baill amach agus rinne siad suirbhé sna bunscoileanna i mBéal Feirste chun fáil amach cérbh iad na páistí a bhí ag imirt nó nach raibh ag imirt. Thug muid cuireadh do na gasúir nach raibh ag imirt le cumann teacht chugainne agus ag an chéad seisiún traenála, bhí 50 páiste ar an pháirc. Chuir sé sin gliondar orainn agus thug sé spreagadh dúinn,” a deir Ó hEacháin.

Bhí sé in am ansin díriú ar na fir agus ar na mná agus, arís, tháinig go leor acu amach. Tá suas le 45 imreoir anois ag traenáil le foireann na bhfear agus thart ar 30 le foireann na mban.

Ní hé gach aon duine a bheidh sásta é sin a fheiceáil, áfach. Agus líon na n-imreoirí ag titim i gclubanna ar fud an chontae, thuigfeá do chumainn nach mbeadh róbhuíoch go bhfuil tuilleadh imreoirí á gcailleadh acu, is cuma cén dea-rún atá ag an gcumann nua ó thaobh na teanga de. Deir Ó hEacháin, áfach, nach gá d’fhoirne eile a bheith róbhuartha.

“An chuid is mó de na himreoirí atá ag imirt linne, is imreoirí iad a bhí imithe ó chumainn eile le cúpla bliain anuas,” a deir sé.

“Tá muid ag tabhairt deis do dhaoine a bhí imithe ó chumainn teacht ar ais chuig an gCumann Lúthchleas Gael, agus é sin a dhéanamh, ar ndóigh, trí mheán na Gaeilge. Beidh daoine sna cumainn ar fud Bhéal Feirste nach mbeidh sásta leis sin, nach mbeidh ag iarraidh imreoirí a chailleadh ach, mar a dúirt mé, ní raibh mórán de na himreoirí gníomhach i gcumainn eile.”

Agus iad ag tabhairt aghaidh ar chumainn atá ar an bhfód le breis agus céad bliain, tuigeann baill Laochra Loch Lao na deacrachtaí atá rompu sa ghearrthéarma ach tá siad ag súil le fás céim ar chéim.

“Ní bhuafaidh muid gach cluiche, ní bheidh muid ar an bhfoireann is rathúla sa chéad chúpla bliain, ach níl teorainn ama leis an phlean seo agus tá muid ag iarraidh go mbeadh muid anseo chomh fada leis na cumainn eile. A fhad agus go bhfuil muid réidh le dul arís an bhliain seo chugainn, beidh muid breá sásta,” a deir Ó hEacháin.

Fág freagra ar 'Ní laochra thar oíche iad peileadóirí Loch Lao, cumann peile lán-Ghaeilge Bhéal Feirste'

  • Mánus

    Seo bealach íontach le pobail le Gaeilge a bhunú. Leis an fuinneamh óg atá acu ba chóir go mbeadh na cumainn LánGhaeilge agus a lucht leanúna in ann comharchumann tithíochta LánGhaeilge a thosú agus baile beag Gaelach a bhunú in Áth Cliath nó Béal Feirste. Caithfidh go bhfuil ailtire agus tógálaí a bheadh báiúil le togra mar seo agus headh cúpla Euro le sábhailt ar thithíocht ag an óige.