SCANNÁN: Ní imíonn ‘First Man’ le gealaigh le gaisce agus is fearr an scannán é dá bharr

Fanann First Man glan ar an mbuaileam sciath agus ar an mbolscaireacht chun scéal daonna lán teannais Neil Armstrong a chur inár láthair, agus is amhlaidh is fearr é

SCANNÁN: Ní imíonn ‘First Man’ le gealaigh le gaisce agus is fearr an scannán é dá bharr

First Man
Stiúrthóir: Damien Chazelle
Cliar: Ryan Gosling, Claire Foy, Jason Clarke, Kyle Chandler, Corey Stoll, Ciarán Hinds

Tá a fhios ag madraí an bhaile nach bhfuil aon teora leis an bPoncánach ó thaobh buaileam sciath.  Níl uathu ach gaoth an fhocail le bheith ag feacadh glúine os comhair bhrat Mheiriceá agus a bheith ag cur díobh faoi ‘the home of the brave’. Ba dhóigh le duine mar sin go dtosóidís ag rith amach ón gcairt ar fad agus gaisce thuirlingt ar an ngealach idir chamáin.

Ba ghaisce é gan aon agó.

Bhí fís, diongbháilteacht, crógacht agus forbairtí móra teicneolaíochta ag teastáil leis an aistear ceannródaíoch sin a dhéanamh.

Ach is saothar níos duairce, níos sollúnta agus níos tomhaiste atá againn i First Man agus is amhlaidh is fearr é. Ag tús an scannáin címid iníon le Neil Armstrong (Gosling) ag dul ar shlí na fírinne de bharr ailse. Ní nach ionadh tá an t-athair agus an mháthair Janet (Foy) croíbhriste. Stiúrann, spreagann agus cránn an tragóid seo Neil an chuid eile den scannán.

Ar uairibh taibhsíodh dom gur scannán é faoi ghrá athar dá iníon mar aon le cíoradh ar an mbriseadh croí a bhaineann le páiste a chailliúint. Tá na radharcanna ar dhromchla na gealaí fiú lán le cuimhní den chailín óg. Tá mír amháin, go háirithe, a chuirfidh deora i gceann do chuid súl. Is fada seo ó bhuaileam sciath.

 

Fiú nuair atá an spástaisteal i lár an aonaigh, is iad an sceimhle, an chontúirt, an obair chapaill agus na dúshláin a bhíonn le feiceáil. An mheitheal mhór seo ag paidhceáil leo sa dorchadas i ngach ciall den fhocal.

Beidh tú féin sceimhlithe ag na radharcanna ina bhfuil na hárthaí ag éirí leo in airde. Na hárthaí ag crith is ag geonaíl amhail is go bhfuil siad chun titim ó chéile, gan aon cheol ár dtionlacan ach sin i dtaobh le fuaimeanna tuarúla na heitilte.

Níl aon rómánsaíocht ag baint leis an gcúram ach seifteanna á gceapadh as maoil an chonláin. Ag pointe amháin agus na spásairí á gceangail san árthach fiafraíonn duine de an teicneoirí an bhfuil scian airm Eilvéiseach ag éinne féachaint an bhféadfadh sé an scrios a dheisiú. Dá fheabhas iad na forbairtí teicneolaíocha a deineadh, is minic é ráite go bhfuil áireamhán póca an lae inniu i bhfad Éireann níos cumhachtaí ná an ríomhaireacht a rabhthas ag brath air an tráth sin.

Is léir go dtuigeann na spásairí go bhfuilid ar imeall na haimléise i rith an ama. Léirítear tragóidí chlár NASA na linne dúinn agus an tslí go raibh muinín an phobail ag sleamhnú uathu.

Is carachtar beagfhoclach, machnamhach, dúnéaltach, cumasach é an Armstrong a chuireann Gosling os ár gcomhair.  Níl a shárú ann le tabhairt faoina leithéid de ról. Bheadh an baol ann i scannán den saghas seo go mbeadh an bhean chéile fágtha in áit na leathphingine, ach a bhuíochas den scríbhinn agus de Foy ní hamhlaidh atá. Tacaíonn sí go hiomlán lena fear céile ach í buartha faoina bhfuil i ndán dó agus díomách lena chuid iompair ag an am céanna. Tá an mhír ina dtagann an ghoimh uirthi chuige an-chumhachtach.

Sa radharc ina bhfuil misean a fir imithe sa bhfraoch cuireann sí corc i bhfearaibh mhórchúiseacha NASA. Iad ag iarraidh í a chur ó dhoras á rá go bhfuil gach rud faoi smacht acu.

‘You’re a bunch of boys making models out of balsa wood. You don’t have anything under control!’, a deir sí go feargach.

In ainneoin an ghaisce, na físe agus an mhisnigh ar fad léiríonn an scannán seo go bhfuil smut den cheart aici. 

Fág freagra ar 'SCANNÁN: Ní imíonn ‘First Man’ le gealaigh le gaisce agus is fearr an scannán é dá bharr'