Ní féidir linn talamh slán a dhéanamh den daonlathas ná den tsíocháin

Agus cogadh tosaithe ag Vladimir Putin ar mhórchríoch na hEorpa, ná déanaimis dearmad gur fhás an tAontas Eorpach mar thionscnamh ar son na síochána

Ní féidir linn talamh slán a dhéanamh den daonlathas ná den tsíocháin

Le seachtain anuas, tá súile an domhain ar na heachtraí uafásacha atá ag titim amach san Úcráin, agus is deacair a chreidiúint go bhfuil an t-ionsaí seo ag tarlúint chomh gar dúinn. Anseo in Éirinn is gá dúinn seasamh i ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine agus trí ambasadóir na Rúise a dhíbirt as an tír teachtaireacht shoiléir a chur chuig an Rúis nach nglacann muid le hionsaí ar thír neamhspleách.

Is eiseamláir den cheannaireacht dhaonlathach an tUachtarán Zalensky agus é ag fanacht i gCív, misneach agus teacht aniar á léiriú aige agus a thír á cosaint. Léiríonn na srianta agus na smachtbhannaí is déanaí i gcoinne na Rúise a d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula Von der Leyen go seasann an Eoraip leis an Úcráin. Is fiú cuimhneamh go bhfuil an Úcráin ag cur isteach ar bhallraíocht san Aontas Eorpach sa bhliain 2024. Ag an deireadh seachtaine, d’iarr Zalensky ar an AE cinneadh a dhéanamh faoi bhallraíocht na tíre mar léiriú eile don Rúis ar an dlúthpháirtíocht seo.

Ba cheart go gcuirfeadh na heachtraí san Úcráin i gcuimhne dúinn go léir, gur gá an daonlathas a chosaint go leanúnach, in am na síochána, agus in am an chogaidh.

Mar sin, cuirimis fáilte roimh an gcaoi go bhfuil an tAontas Eorpach ag dul i ngleic le buncheisteanna an daonlathais, go háirithe i ndiaidh an Bhreatimeachta, sa Chomhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa.

An deireadh seachtaine seo caite, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, ghlac 200 saoránach Eorpach, a roghnaíodh go randamach ó gach cearn den Aontas, páirt sa Phainéal deireanach de Chomhdháil Saoránach an AE, d’eagraigh Insititiúid um Eachtraí Eorpacha agus Idirnáisiúnta (IIEA). Bhí ceithre phainéal san iomlán ann agus ghlac 800 saoránach san iomlán páirt iontu agus grúpa ionadaíoch a bhí iontu ó thaobh tíreolaíochta, inscne, aoise, cúlra socheacnamaíoch agus oideachais. Ba dhaoine óga (16–25 bliain) iad aon trian de gach Painéal.

‘Geilleagar níos láidre, ceartas sóisialta agus poist, oideachas, cultúr, an óige agus an spórt, agus ‘an t-aistriú digiteach’ na hábhair a bhí faoi chaibidil ag an bpainéal i mBaile Átha Cliath. Tugadh aird sa phlé chomh maith ar cheisteanna an cheartais shóisialta. Chuathas i ngleic leis na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann leis an aistriú digiteach, ceann de na hábhair is tábhachtaí i dtaca leis an todhchaí.

Bhí an t-ilteangachas go mór sa treis agus 24 teanga á n-aistriú. Ag na seisiúin uilig, agus sna foghrúpaí, labhair gach saoránach ina máthairteanga féin, agus cuireadh aistriúchán comhuaineach ar fáil. Chuaigh an chaoi gur ghlac na saoránaigh leis an ról a bhí acu le fonn agus le díograis go mór i bhfeidhm orm. Bhí cur agus cúiteamh iontach sna foghrúpaí agus nuair a bhí sé in am acu vótáil ar na moltaí, ba léir gur ghlac siad an-dáiríre leis an bhfreagracht a leagadh orthu. Labhair go leor ambasadóirí ó na grúpaí éagsúla faoin bpribhléid a d’airigh siad a bheith i láthair ag an bpainéal. San iomlán ghlac na saoránaigh le 48 moladh uaillmhianach, moltaí i leith íosphá Eorpach agus ‘obair chliste’ san áireamh. Rachaidh na moltaí uilig ar aghaidh go dtí Seisiún Iomlánach na Comhdhála i gceann cúpla seachtain in Strasbourg.

Bunaíodh an Painéal Saoránach ar mhúnla Thionóil Saoránach na hÉireann agus thíortha eile. Leagan den daonlathas breithniúcháin atá ann a bhí mar chuid lárnach den phróiseas sna reifrinn ar an gcomhionannas pósta (2015) agus ar an nginmhilleadh (2018). Anseo in Éirinn vótáil an Dáil agus an Seanad an tseachtain seo caite le Tionól nua a bhunú i mbliana a phléifidh le ceist ardmhéarachta na hardchathrach. Sa daonlathas breithniúcháin, bíonn béim faoi leith ar ionadaíocht na rannpháirtithe sa phróiseas agus ar an gcaoi go ndéantar ceisteanna a scagadh bunaithe ar eolas cruinn.

Tá tábhacht chomh maith leis na moltaí a eascraíonn ón bpróiseas a chur chun cinn. Tá gealltanas fíorthábhachtach tugtha ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún Eorpach éisteacht le muintir na hEorpa agus gníomhú ar na moltaí a dhéanfar an mhí seo chugainn. Léiríonn na próisis seo uilig gur gá cúram a dhéanamh don daonlathas ar bhonn leanúnach agus go mbíonn ról ag an saoránach sa daonlathas i bhforbairt polasaithe an t-am go léir agus ní ag tráth an toghcháin amháin.

Agus é ag labhairt i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an Satharn, dúirt an Feisire Eorpach Guy Verhofstadt go léiríonn na heachtraí san Úcráin an tábhacht a bhaineann leis an gComhdháil, agus an gá lenár ndaonlathas a chosaint, páirt a ghlacadh ann agus a luach a aithint.

Ní féidir linn talamh slán a dhéanamh den daonlathas, de na hinsitiúidí a thacaíonn leis an gcóras daonlathach nó fiú den tsíocháin. Is dea-shampla an Chomhdháil den chaoi gur féidir leis an Aontas Eorpach éisteacht níos fearr a thabhairt dá shaoránaigh agus chomh maith leis sin, den fháilte a bhíonn ag saoránaigh roimh an seans páirt níos mó a ghlacadh sa chóras daonlathais, ach an deis sin a bheith acu. Ná déanaimis dearmad gur fhás an tAontas Eorpach mar thionscnamh síochána i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Agus cogadh tosaithe ag Vladimir Putin ar mhórchríoch na hEorpa, ba cheart dúinn a bheith níos díograisí ná riamh maidir lenár ndaonlathas a chosaint agus a neartú.

Tá údar an ailt seo i mbun PHD i gColáiste na Tríonóide faoin daonlathas breithniúcháin agus is iarrthóir í i bhfothoghchán an tSeanaid ansin

Fág freagra ar 'Ní féidir linn talamh slán a dhéanamh den daonlathas ná den tsíocháin'

  • Eoin Ó Murchú

    Tá Ursula ar son ambasadoir na Rúise a dhibirt. Bhfuil sí i bhfabhar a leithéid i gcás na hIosraeile maidir le Gaza, nó i gcás na Breataine maidir lena sceimhlitheoireacht ó thuaidh?