‘Ní féidir glacadh le haon mhoill eile ar an reachtaíocht teanga’ – Mary Lou McDonald

Bhí ceannaire Shinn Féin ag labhairt ag cruinniú cinn bhliana de chuid chraobh an pháirtí i dTuaisceart Éireann.

‘Ní féidir glacadh le haon mhoill eile ar an reachtaíocht teanga’ – Mary Lou McDonald

Tá ráite ag ceannaire Shinn Féin nach féidir a thuilleadh moille a chur leis an reachtaíocht Ghaeilge atá geallta don Tuaisceart.

Dúirt Mary Lou McDonald ag an deireadh seachtaine go gcaithfí na gealltanais a tugadh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua [New Decade. New Approach] a chomhlíonadh in ainneoin na n-iarrachtaí a bhí déanta bac a chur roimh an reachtaíocht.

Bhí ceannaire Shinn Féin ag labhairt ag cruinniú chinn bliana chraobh an Tuaiscirt den pháirtí.

“Na gealltanais a rinneadh sa chomhaontú New Decade, New Approach, Acht Na Gaeilge san áireamh, caithfear iad a chomhlíonadh. Ní féidir glacadh le haon mhoill eile,” a dúirt McDonald ag an gcruinniú.

Cothaíodh éiginnteacht faoin reachtaíocht teanga ó thuaidh an tseachtain seo caite nuair tugadh le fios nach dtacódh an DUP lena tabhairt isteach fad is a bheadh an Prótacal iarBhreatimeachta i bhfeidhm.

Shéan an DUP an scéal ina dhiaidh sin ach tá litir seolta ag Conradh na Gaeilge go dtí an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire ag iarraidh soiléiriú faoin ngealltanas go dtabharfar reachtaíocht Ghaeilge isteach.

Mhaígh Ian Paisley, feisire de chuid an DUP, chomh maith an tseachtain seo caite go bhféadfadh a pháirtí ceist na Gaeilge a úsáid chun iarracht a dhéanamh stop a chur le feidhmiú dlíthe ar son an ghinmhillte sa tuaisceart.

Tá fearg léirithe ag lucht na Gaeilge ó thuaidh faoin moill agus deir Conradh na Gaeilge go bhfuil an baol ann nach mbeidh aon mhuinín ag an bpobal sna hinstitiúidí ó thuaidh maidir le soláthar cearta teanga.

Tá beirt Choimisinéirí, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus oifig chultúir agus féiniúlachta mar chuid de phlean Ré Nua, Cur Chuige Nua.

Aontaíodh an phlean mí Eanáir 2020 agus bhí an reachtaíocht le cur i bhfeidhm taobh istigh de 100 lá ach níl na gealltanais curtha i bhfeidhm go fóill breis is bliain i ndiaidh an chomhaontaithe.

Dúirt Arlene Foster le déanaí go dtabharfaí reachtaíocht Ghaeilge isteach faoi Bhealtaine na bliana seo chugainn.

Fág freagra ar '‘Ní féidir glacadh le haon mhoill eile ar an reachtaíocht teanga’ – Mary Lou McDonald'