Ní féidir ceist faoi ‘athaontú’ na tíre a fhreagairt i gceart murar léir ciall an fhocail

Ní fiú a bheith ag caint faoi athaontú na tíre ná ag plé na bpobalbhreitheanna mura mbíonn sonraí ar fáil faoi bhrí na bhfocal

Ní féidir ceist faoi ‘athaontú’ na tíre a fhreagairt i gceart murar léir ciall an fhocail

Ní foláir dom a admháil ar an toirt, a léitheoir dhil, gur deacair ciall a bhaint ar an gcéad amharc as an gceannlíne thuas.

Nach dtuigeann gach duine céard a chiallaíonn ‘athaontú’? Nach ionann é agus an tír a bheith aontaithe arís, an teorainn a bheith curtha as feidhm agus an t-oileán a bheith á riar feasta ar bhonn aontaithe in ionad na críochdheighilte?

Faraor ní fiú freagra a thabhairt ar cheisteanna dá leithéid mura bhfuil sonraí ar fáil a léiríonn brí na bhfocal. Sonraí nach bhfuil ar fáil in aon chor faoi láthair.

Tá aird á tarraingt arís ag pobalbhreith Ipsos don Irish Times agus d’Acadamh Ríoga na hÉireann ar an doiléire a bhaineann leis na focail ‘athaontú’ agus ‘aontú’. Léiríonn an suirbhé céanna nach beag an tábhacht atá leis na roghanna polaitiúla a bhaineann leis na focail – roghanna atá á seachaint i gcónaí ag príomhpháirtithe na Dála.

Thug an phobalbhreith le fios gur mian le 50% de vótálaithe an Tuaiscirt fanacht sa Ríocht Aontaithe agus go dteastaíonn aontú leis an bPoblacht ó 27%. Ar an taobh eile den teorainn, thug 66% tacaíocht d’aontú na tíre agus dúirt 16% go raibh siad ina choinne.

Cuimhnigh go raibh na tuairimí seo go léir á nochtadh gan freagra a bheith tugtha ag páirtithe a mholann athaontú ar cheisteanna a bhaineann go dlúth leis an toradh polaitiúil agus praiticiúil a bheadh ar vóta reifrinn i bhfabhar aontachta.

An mbunófaí sa chás sin, mar shampla, stát aontaithe nó cónaidhm ina mbeadh parlaimint agus rialtas réigiúnach i gcónaí i mBéal Feirste?

An mbeadh an Garda Síochána i gceannas ar an oileán ar fad, nó an gcoinneofaí an PSNI nó fórsa réigiúnach de chineál éigin sa Tuaisceart?

An gcoinneofaí córas sláinte an NHS sa Tuaisceart, nó an gcuirfí córas sláinte leathphoiblí agus leathphríobháideach mar atá sa Phoblacht ina ionad? Nó córas eile?

An mbeadh córas oideachais an Tuaiscirt (a dhéanann idirdhealú idir páistí aon bhliain déag ar bhonn scrúduithe) ar aon dul feasta le córas an deiscirt?

An bhfuil socrú eatramhach beartaithe, ina mbeadh beartais mar atá leagtha amach thuas, nó cuid acu, i bhfeidhm ar feadh tamaill tar éis vóta i bhfabhar aontachta?

An bhfuil plean airgeadais ar bith molta nó pléite dáiríre maidir le maoiniú an Tuaiscirt mar chuid de thír aontaithe?

An mbeadh an trídhathach agus Amhrán na bhFiann fós mar shiombail ag an stát aontaithe nua, nó an mbeifí toilteanach cinn eile a chur ina n-ionad? Cé mar a roghnófaí na siombailí nua?

D’fhéadfaí cur leis an liosta fáthanna gurb ionann ceist i bpobalbhreith ar bith faoi athaontú na tíre faoi láthair agus ceist faoi mhuc ina mála. Ní haon iontas é go mb’fhearr le go leor daoine sa Tuaisceart (21% de Chaitlicigh ina measc) go bhfágfaí cúrsaí mar atá siad in ionad triail a bhaint as rogha nach eol dóibh a cruth.

Dá mhéid an doiléire atá sa liosta thuas, ní foláir mór-ábhar eile a lua, ábhar nár pléadh in aon chor fós. Cad iad na sonraí bunreachtúla, dlí agus polasaí ba chóir don rialtas i mBaile Átha Cliath a leagan amach sula reáchtálfaí reifrinn (ó thuaidh agus ó dheas) ar athaontú?

Ní rogha bheag í seo. Mura mbeadh tuairim ag lucht vótála i reifreann faoin gcineál stáit a bhunófaí dá vótálfaí i bhfabhar aontachta, déarfaí go réasúnta gur do mhuc i mála dáiríre a bheadh said ag vótáil. Ach má thugann an rialtas i mBaile Átha Cliath geallúintí a bheidh ró-righin cuirfear ina leith go bhfuil an iomarca socruithe á ndéanamh roimh lá na reifreann acu.

Is ábhar suntais é nach bhfuil polasaí a bhaineann leis na roghanna seo go léir beartaithe ná pléite fiú amháin ag príomhpháirtithe na Dála a deir go bhfuil súil acu go mbeidh an tír aontaithe amach anseo.

Tá tionscnamh dar teideal ‘Éire Chomhroinnte’ (Shared Island) seolta ag an Taoiseach chun comhthuiscint agus comhoibriú a chur chun cinn. Dúirt Leo Varadkar le comhdháil ‘Ireland’s Future’ ar an 1 Deireadh Fómhair go bhféadfaí córas rialtais, póilíneachta, sláinte agus oideachais an Tuaiscirt a choimeád i dtír aontaithe ach ba léir gur cur síos ar fhéidearthachtaí seachas fógairt polasaí a bhí ar bun aige.

Níl sonraí ar bith maidir leis na roghanna atá san áireamh thuas leagtha amach ag Fianna Fáil ná ag Fine Gael ná ag Sinn Féin (a deir gur chóir iarraidh ar Thionól Saoránach iad a phlé).

Cuireann polaiteoirí i ngach tír roghanna achrannacha ar an méar fhada ar chúiseanna a bhíonn intuigthe scaití. Níl fianaise i suirbhé Ipsos ná i gclaonadh na bpobalbhreitheanna ó thuaidh a thugann le fios go bhfuil móramh i bhfabhar athaontú na tíre.

Sin ráite, b’fhiú do na páirtithe go léir ar mian leo i bprionsabal go mbainfí athaontú amach machnamh a dhéanamh ar chomhairle an tsaineolaí pholaitiúil Brendan O’Leary. Ina leabhar nua Making Sense of a United Ireland deir sé gurb ionann an cinneadh gan taighde, plé ná pleanáil i gcomhair athaontaithe a dhéanamh agus cinneadh é a sheachaint, nó cinneadh go gcuirfí moill a chur ar roghanna tábhachtacha go dtí an tréimhse ina dhiaidh sin*.

Molann O’Leary comhoibriú idir na páirtithe chun roghanna a bhaineann le hathaontú na tíre a shoiléiriú. Ar ndóigh ní bheadh soiléiriú iomlán ar gach ceist ar a gcumas, ach b’fhearr dar leis tús a chur leis an obair in ionad í a dhéanamh faoi bhrú níos deireanaí.

B’fhéidir nach vótálfar i bhfabhar athaontú na tíre go ceann i bhfad, nó go deo b’fhéidir. Ach cuimhnigh ar stair na gcomharsan. Ní raibh vóta i bhfabhar an Bhreatimeachta á thuar ag mórán thall, go dtí gur tharla sé.

* I mBéarla: “Not to research, deliberate and plan for reunification is either a decision to avoid it, or to postpone serious choices until afterwards.”

Fág freagra ar 'Ní féidir ceist faoi ‘athaontú’ na tíre a fhreagairt i gceart murar léir ciall an fhocail'

  • Seamus Ó Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************
    Arís eile

    Nollaig Shona do Dhaidí na Nollaig
    as an bhronntanas Athaontú na Tíre a bhronnadh orainn

    Ag dul i dtreo Éire Aontaithe atá muid agus :——

    Chomh cinnte is atá cros ar asal agus táim cinnte go bhfuil, tiocfaidh plé, díospóireacht agus poblailbhreith faoin teoireann le toradh déarfa a fháil réidh le críochdheighilt.

    Ansin an bealach fada/nó gairid go ceann scríbé na bPoblachtach ‘Éire Aontaithe’ agus muid mar Poblachtaigh ag dúil le Éire Shoisialach, Ghaelach, Neamh-eaglasta, Neamhsheicteach mar mhúnla don Tír Aontaithe Nua seo.

    Ach baineann dhá fhadhb leis an fhís seo.

    An mbeidh Caitlicigh/Náisiúnaigh( cuid acu), aontaithe faoin idé-eolaíocht phoblachtach nó an mbeidh siad ró-chleachtadh leis an Saol Caipitileach Anglo-Mhéiriceánach agus an Béarla ag teoiriú an tSochaí leis an nasc Breatanach.

    Bheul, caidé faoin darna fadhb ag dul i dtreo na Tíre Aontaithe seo, na Aontachtóirí nó Protasúnaigh(cuid mhór acu) . Muna mbeidh siadsan sásta d’fhéadfaí an darna cogadh cathartha a bheith ar siúl.

    Scor ar bith beidh na Sasanaigh sáite ina bhfadhbanna féin le boilsciú gurbh fhearr leo fáil réidh leis an fhadhb a chruthaigh siadsan sa chéad dul siós( cé nár adhmaigh siad sin in am ar bith ). Ba lucht déanta na síochána iad i gcónaí mar an gcéanna leis an Saorstát, dar leo.

    Leis an scéal a dhéanamh gairid agus ní scéal gairid é. Ní mór dúinn a thoiseacht á dhéanamh ag cruthú an ‘Éire Nua’ casta seo.
    (tuilleadh le teacht amach anseo)

    Is mise le dóchas mór agus ceol binn ó na beanna/( ó na Túir)
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Ardán 1
    Bloc E
    Éire

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Cathal Mac Coille dar teideal ‘Ní féidir ceist faoi ‘athaontú’ na tíre a fhreagairt i gceart murar léir ciall an fhocail –– Ní fiú a bheith ag caint faoi athaontú na tíre ná ag plé na bpobalbhreitheanna mura mbíonn sonraí ar fáil faoi bhrí na bhfocal’, tuairisc.ie, Dé Sathairn, Nollaig 10, 2022.

    7 n–ábhar a liostaíonn Cathal Mac Coille –– ‘c[h]eisteanna a bhaineann go dlúth leis an toradh polaitiúil agus praiticiúil a bheadh ar vóta reifrinn i bhfabhar aontachta, agus admhaíonn seisean nach aon iontas é ‘go mb’fhearr le go leor daoine sa Tuaisceart (21% de Chaitlicigh ina measc) go bhfágfaí cúrsaí mar atá siad in ionad triail a bhaint as rogha nach eol dóibh a cruth’. Ní mórán measa atá ag Cathal ar an tionscnamh ‘Éire Chomhroinnte’ a sheol an Taoiseach Micheál Martin le déanaí, ná ar an méid a dúirt Leo Varadkar leis an gcomhdháil ‘Ireland’s Future’. Meabhraíonn Cathal dúinn nach bhfuil ‘fianaise i suirbhé Ipsos ná i gclaonadh na bpobalbhreitheanna ó thuaidh a thugann le fios go bhfuil móramh i bhfabhar athaontú na tíre’; cuireann Cathal síos dúinn ar bhreithiúnas Bhrendan O’Leary i leabhar nua leis seo, Making Sense of a United Ireland –– ‘gurb ionann an cinneadh gan taighde, plé ná pleanáil i gcomhair athaontaithe a dhéanamh agus cinneadh é a sheachaint’. Agus ansin a deir Cathal, sa pharagraf leathdheiridh den alt aige féin: ‘B’fhéidir nach vótálfar i bhfabhar athaontú na tíre go ceann i bhfad, nó go deo b’fhéidir.’

    Is cuid den fhadhb is ea gur féidir ró–anailís a dhéanamh ar an scéal. Má chuirtear in iúl don vótálaí gur scéal an–chasta ar fad is ea Athaontú na tíre, is cinnte nach vótálfaidh tromlach go deo leis, thuaidh ná theas. Seanrá is ea é gurb í an pholaitíocht ceird na hindéantachta. Seanrá eile is ea é gur fearr ‘leathbhairín ná a bheith gan arán’. Ní fhanfaidh spéis ar bith ag formhór na vótálaithe sa scéal, mura léir gur féidir sprioc, nó spriocanna, a bhaint amach, más de réir a chéile féin é. Is é mo thuairim féin gur de réir a chéile is fearr tabhairt faoin ábhar seo. Cad atá inbhainte amach i gceann 20 bliain, abair? Torthaí an Olltoghcháin is déanaí thuaidh, thabharfaidís le fios gur tromlach atá eatarthu, ag Sinn Féin, nó ag an SDLP, i 8 gcinn de na Toghlaigh thuaidh –– na 6 cinn ar feadh na Teorann –– An Dún Theas; An tIúr agus Ard Mhacha; Fir Mhanach agus Tír Eoghain Theas; Lár Uladh; Tír Eoghain Thiar; agus an Feabhal; agus tromlach i 2 Thoghlach ag Sinn Féin i mBéal Feirste, ceann i mBéal Feirste Thiar; agus ceann eile fós i mBéal Feirste Thuaidh. Ba ar an gcéad chomhaireamh a d’éirigh le Gerry Kelly, SF, agus le Caral Ní Chuilin, SF, i mBéal Feirste Thuaidh; ar an 10ú comhaireamh a d’éirigh le Phillip Brett, DUP, agus le Brian Kingston, DUP; agus ba ar an 11ú comhaireamh a d’éirigh le Nuala McAllister, Páirt na Comhghuaillíochta. Ciallaíonn sé sin, dá rithfeadh ball den SDLP sa Toghlach sin, gur dócha go mbuafadh sé/sí suíochán Nuala McAllister.

    De réir mar a thuigim, ghlacfadh an Bhreatain le hAthaontú na hÉireann dá mbeadh 50%, móide aon vótálaí amháin, de na vótálaithe ag vótáil TÁ leis sin. Ní bhraithim gur cur chuige stuama é sin. Mura léamh neamhcheart agamsa é, vótaí Shinn Féin agus an SDLP eatarthu in Olltoghchán 2022, is mó iad ná 50% de na vótaí sna 6 Thoghlach ar feadh na Teorann, atá luaite agam; agus vótaí Shinn féin i 2 Thoghlach i mBéal Feirste, ceann i mBéal Feirste Thiar, agus ceann eile i mBéal Feirste Thuaidh. Mura vótálfadh breis agus 50% de vótálaithe na dToghlach sin le hAthaontú leis an bPoblacht, níorbh fhiú a bheith le Tuaisceart Éireann ar fad a Athaontú leis an bPoblacht. Dá réir sin, ach córas an Reifrinn féin a bheith i gceart, b’fhiú Reifreann a thionól sna 8 dToghlach sin, i dtosach, abair, féachaint an vótálfadh na Toghlaigh is dóchúla TÁ i Reifreann.

    Ach córas an Reifrinn atá anois ann, thuaidh is theas, ní dhéanfaidh sé cúis. Tromlach na vótaí a chaitear, lá na vótála, sin é a shocraíonn toradh toghcháin nó Reifrinn i dToghlach i láthair na huaire. Ach tuigimid go léir go mbíonn ráta mór STAONTA, le linn Reifrinn, abair –– ó 35% go dtí 40%, minic go leor, sa Phoblacht. Is vóta an–chinniúnach a bheadh i vóta i dtaobh Athaontú leis an bPoblacht. Dá réir sin, is gá gur ar 50%+ de na vótálaithe cláraithe a bheadh an toradh bunaithe, is é sin, má táimid chun ár ndícheall a dhéanamh ar laghdú, a oiread agus is féidir, ar an bhforéigean a leanfadh vóta TÁ sa chás sin. Agus ní leor díreach Reifreann, mar atá i láthair na huaire againn, chun ceist an Athaontaithe féin a réiteach. Tá gá le réamh–Reifreann a bheith ar dtús ann, chun a fháil amach an dteastaíonn ó 50%+ de na vótálaithe cláraithe ceist an Athaontaithe a chur ar Reifreann. Fairis sin, is Toghlach ar Thoghlach ba cheart an réamh–Reifreann, agus an Reifreann Iarmhartach, a thionól; is é sin, an saghas Reifrinn atáimse a mholadh, ní bheadh ciall ar bith, i láthair na huaire, lena leithéid a thionól sna Toghlaigh arb é is dóichí gurb é NÍL an toradh a bheadh air. Tharlódh, amach anseo, go dtiocfadh athrú aigne ar chuid de na Toghlaigh eile seo, ach is gríosú chun foréigin a bheadh ina leithéid a thionól i bhformhór na dToghlach i láthair na huaire. Is é an córas céanna Reifrinn atá in Éirinn agus atá sa Bhreatain; ar an móramh, lá an Reifrinn, a bhíonn an toradh bunaithe. D’fhág sin, i gcás an Bhreat–Imeachta, gur timpeall le 16,000,000 a vótáil TÁ; 15,000,000 a vótáil NÍL; agus 13,000,000 a STAON. Bíodh duine ar son, nó i gcoinne an Bhreat–Imeachta, níl aon bhun lena áitiú gur toradh daonlathach é sin. Is toradh olagarcach é. Is iad ‘na mochóirithe’, mar a thugann Leo Varadkar orthu, a bhuaigh Reifreann an Bhreat–Imeachta. B’fhéidir nach mbeadh a oiread sin STAONTA le linn Reifrinn, dá mbeadh bun ceart daonlathach le córas an Reifrinn.

    I gcás na mionlach áitiúil, bheadh slite chun riar orthusan. Cuir i gcás, dá mbeidís gairid do Thoghlach a mbeadh a ndream féin ina móramh ann, ceantair na mionlach áitiúil a shnaidhmeadh le ceantair mhóraimh a ndreama féin –– mar shampla, an chuid is faide ó dheas de Leithinis Aird Uladh i dToghlach Loch Cuan/Strangford, mórchomharsanacht Phort an Pheire, abair, a cheangal, le droichead, den Dún Theas. Ceantair eile a bheadh scartha amach ó cheantair mhóraimh a ndreama féin –– leithéid Bhéal Feirste Thiar –– b’fhéidir earraíocht a bhaint as débhealaí chun iad sin a shnaidhmeadh le ceantair mhóraimh a ndreama féin; b’fhéidir Béal Feirste Thiar a cheangal, le débhealach, den Dún Theas, agus an taobh thoir thuaidh de Cho. Aontroma a cheangal, le débhealach, de Bhéal Feirste Thiar –– nó de Bhéal Feirste Thuaidh, dá dtiocfadh sé de rud go vótálfadh Béal Feirste Thuaidh TÁ le hAthaontú leis an bPoblacht. B’fhéidir an áis chéanna díreach a dhéanamh do cheantair mionlach Aontachtach a bheadh scoite amach.

    Ní beag sin.