Níor easaontaigh Teachta Dála ar bith leis an tuairim a nocht an Taoiseach agus cogadh na dtaraifí á phlé i rith na seachtaine.
“An éiginnteacht an t-aon rud atá cinnte,” a dúirt Micheál Martin agus é ag admháil nach raibh a fhios aige conas a chríochnóidh an cogadh trádála atá á fhearadh nó á bhagairt ag uachtarán na Stát Aontaithe.
Ní bhíonn comhthuiscint i réim go minic i nDáil Éireann ach bhí an cur chuige cúramach céanna á mholadh ar chaon taobh Dé Céadaoin. B’fhearr foighne Eorpach ná beartais gan mhoill mar fhreagra ar tharaifí Trump a dúirt urlabhraithe an rialtais agus an fhreasúra ar aon.
Tháinig casadh gan choinne ar an scéal ar ndóigh, cúpla uair an chloig tar éis don Dáil é a phlé. Chuir ardú ar an ráta úis ar iasachtaí Meiriceá iachall ar an uachtarán moill 90 lá a chur ar tharaifí móra na Stát (ach amháin i gcás na dtaraifí breise ar earraí ón tSín).
B’údar misnigh an mhoill dar le ceannairí rialtais i mBaile Átha Cliath agus i mórán príomhchathracha eile. Léirigh sé freisin, cé nach dtugann Trump aird ar chomhairle de ghnáth, nach raibh aon dul as aige ach aird a thabhairt ar rabhadh a thug na margaí bannaí dhó. Ní féidir le huachtarán ar bith an ráta úis a íoctar ar iasachtaí a thíre a smachtú.
Is cúis mhór imní don tír seo fós an taraif mhéadaithe ar earraí cógaisíochta atá geallta ag Trump. Is léir áfach go dtabharfaidh cur siar dáta feidhmithe na dtaraifí breise deis idirbheartaíochta do na Meiriceánaigh – más mian leo leas dáiríre a bhaint as.
Thug Trump agus a fhoireann le fios nárbh ionann cur ar atráth na dtaraifí nua agus athrú poirt a léirigh mearbhall nó míthreoir. Ní foláir breathnú ar shéanadh dá leithéid mar fhianaise a léiríonn a mhalairt.
Is soiléire ná riamh faoin am seo nach plean ná polasaí tomhaiste atá á chur i bhfeidhm ag Trump ach cinní a bhunaítear ar mheon nach féidir a thuiscint ná a thuar go cinnte ó lá go lá.
“Níl aon uirlis ar fáil a chuirfeadh ar chumas eacnamaí ar bith déileáil le héiginnteacht dá leithéid,” a dúirt an t-eacnamaí Neil Shearing le Channel Four News Déardaoin. Faoistin shothuigthe, má chuimhnítear ar cheist amháin nár fhreagair an t-uachtarán ná a lucht cosanta go soiléir fós.
Cén cuspóir atá aige agus na taraifí á n-ardú aige?
Brú a chur ar chomhlachtaí earraí a dhéanamh sna Stáit? Nó an coibhneas trádála idir na Stáit agus tíortha eile a chothromú? Nó teacht isteach státchiste na Stát Aontaithe a mhéadú?
Ní féidir an chéad ná an dara haidhm a chur i gcrích sa ghearrthéarma. Ní féidir an tríú ceann a chur i bhfeidhm gan geilleagar an domhain a chur ar gcúl ná gan praghsanna sna Stáit a mhéadú.
Fiú má fhágtar na deacrachtaí sin as an áireamh, ní foláir aghaidh a thabhairt ar fhadhb níos bunúsaí a sheachain Trump go dtí seo. Ní féidir na haidhmeanna go léir thuas a chur i bhfeidhm in éineacht. Ní foláir rogha a dhéanamh eatarthu – rogha nach mian leis an uachtarán a dhéanamh ná a admháil.
Ní fios, a dúirt Micheál Martin Déardaoin, cén chríoch a bheidh ar an scéal seo. Má thagann críoch shoiléir uair éigin, agus ní beag an má é, ní leigheasfar an dochar bunúsach atá á dhéanamh ag Trump.
Ní féidir le rialtas ar bith ar domhan a bheith muiníneach as na Stáit Aontaithe fad is a bheidh sé in oifig. Ní féidir le hinfheisteoirí a bheith cinnte ach oiread faoi cén cur chuige a bheidh aige an tseachtain seo chugainn, gan trácht ar an mbliain seo chugainn.
Is de réir a chéile a chothaítear muinín i ngach cineál caidrimh ach is fusa an bonn a bhaint de mar atá á dhéanamh fós ag Trump.
Bhí an Taoiseach ag labhairt ar an raidió Déardaoin tar éis do na páirtithe na poist mar chathaoirligh ar choistí an Oireachtais a roinnt eatarthu. Deimhneoidh réiteach an aighnis a spreag rialacha cainte an rialtais ó thús na bliana go mbeidh an tOireachtas ábalta feidhmiú mar is gá cúig mhí tar éis an olltoghcháin.
Ní obair pharlaiminteach ach útamáil agus óráidíocht gan mhaith a bhí ar bun ar mhórán laethanta sa Dáil go dtí seo. Ní leigheasfaidh an réiteach a rinneadh idir na páirtithe Dé Céadaoin an ghangaid a chothaigh an t-aighneas.
Léirigh sé comhthuiscint eatarthu áfach maidir le dualgais na Dála ar an gcéad dul síos. Faraor, tá an Dáil curtha ar athlá go dtí 29 Aibreán agus ní bheidh na coistí i mbun oibre dáiríre go dtí an mhí seo chugainn ar a luaithe.
Is fiú tagairt do chomhthuiscint eile idir na páirtithe. Má fhágtar na Daonlathaithe Sóisialta as an áireamh, níor cheil na páirtithe eile a ndrochmheas orthu. Drochmheas a thuill siad tar éis dóibh Eoin Hayes, an Teachta Dála a chuireadar ar fionraí anuraidh, a áireamh mar chomhalta den pháirtí chun post breise – cathaoirleach ar choiste – a bhaint amach.
Níl ann ach coicís ó rinne na Daonlathaithe Sóisialta cáineadh géar ar rialacha cainte an rialtais a thug cearta Thadhg an Dá Thaobh don ghrúpa a bhunaigh Michael Lowry.
Níl Tadhg an Dá Thaobh ina sonar, ar cheachtar taobh den Dáil.
JP
Dream ionraic prinseabálta ‘ar chaon taobh’ go deimhin.
“Sin iad na prionsabail atá agam, arsa’n polaiteoir, ach féach, mura dtaitníonn siad sin leat tá cinn eile anseo agam”.
Alt breá sa NYT dar teideal
“Trump family cash registers ring” mar a dtugtar éachtaint chuimsitheach dúinn ar shainnt ainspianta an teaghlaigh sin.