Ní éiríonn le saothar Ridley Scott an tsúil ribe a chur ar Napoleon

Tá an iomarca ar a n-aire ag Scott agus Phoenix sa saothar ró-uaillmhianach seo

Ní éiríonn le saothar Ridley Scott an tsúil ribe a chur ar Napoleon
Napoleon
Stiúrthóir: Ridley Scott
Cliar: Joaquin Phoenix, Vanessa Kirby, Tahar Rahim, Ben Miles, Rupert Everett

Tá Réabhlóid na Fraince i 1793 faoi lán seoil agus címid Páras in chíor thuathail.  An tricolore ar foluain ar fud na háite agus an chosmhuintir ag éileamh éirice. Seoltar Marie Antoinette i dtreo an ghilitín i gcairt shuarach, a gruaig bhán ar foluain go mínéata, a ceann san aer aici agus glasraí á gcrústach léi.

In airde ar an stáitse léi agus baintear an cloigeann di is na gártha molta á n-ardach. Ag seasamh i lár an tslua go ciúin tá an t-oifigeach airtléire Napoleon Bonaparte (Phoenix). Sin mar a chuirtear tús le saothar Ridley Scott faoi fhear beag toirtiúil na Corsaice agus duine de mhóphearsana na staire san Eoraip. Saothar eipiciúil eile é seo ó fhear Gladiator (2000) agus Kingdom of Heaven (2005).

Léirítear dúinn go raibh An Fhrainc suaite agus bunoscionn i rith agus i ndiaidh réimeas an sceimhle. Gach n-aon ag tarrac uisce ar a mhuileann féin. Sé an folús sin a thug deis don Ghinearál cumasach seilbh a ghlacadh ar an chumhacht, píosa ar phíosa.

Ceann de laigí an scannáin ná nach bhfaighimid mórán léargais ar mheon an fhir féin. É uaillmhianach, sotalach cinnte. É beagfhoclach agus dúnéaltach lena chois sin. Ní fios dúinn cad atá ag éirí thiar as. Níl aon trácht ar a óige ná a bhlianta tosaigh san arm. Ní haon locht é sin ar Phoenix óir gur aisteoir den scoth é agus tugann sé faoin ról le flosc.

Taibhsíodh dom go mb’fhéidir go bhfuil an iomarca ar a aire anseo. Táimid á seoladh ó eachtra go heachtra ó chogadh go cogadh ar luas lasrach. Sinn ag imeacht ó Léigear Toulon go Cogadh na bPirimidí agus as sin go hionradh na Rúise agus Cath Waterloo. I rith an ama tá tréimhsí deoraíochta ar Oileán Elba agus Saint Helena. Cé gur saothar toirtiúil go maith é agus é breis is dhá uair an chloig go leith ar fad, bheadh sraith de dhíth leis na téamaí sin ar fad a chíoradh chun ár sástachta.

Cuirtear abhaile orainn i rith an ama gur ceannaire míleata ar leith ba ea é ach ní léirítear é sin dúinn. Gan amhras níl sárú Scott le tabhairt faoi na radharcanna cogaíochta mórthaibhseacha. Iad éigiallta, fuilteach, scanrúil agus draíochtúil nach mór ar uairibh. Ina dhiaidh sin féin ritheann ceann isteach sa cheann eile.

Lena chois sin caitheann an saothar cuid mhaith ama ag cíoradh an ghaoil a bhí aige le Joséphine (Kirby). É go hiomlán tógtha léi ach é cruálach léi ag an am céanna. Í féin ar nós cuma liom faoi ar dtús agus leannán aici is eisean san Éigipt. Grá domhain eatarthu chomh maith agus mhair a ngaol i ndiaidh a cholscartha.

San iomlán mar sin is dóigh liom go raibh an saothar ró-uaillmhianach agus dá bharr sin go raibh an iomarca ar a n-aire ag Scott agus Phoenix.

Fág freagra ar 'Ní éiríonn le saothar Ridley Scott an tsúil ribe a chur ar Napoleon'

  • jpmorley0@gmail.com

    Ara, cad eile go mbeifeá ag súil leis ó Bhaothchnoc a’ Chuilinn ach eanglais, fastaím, buaileam sciath agus maise súl .i. meascán mearaí?
    Ní raghad ag féachaint in ao’ chor anois air t’réis dom an aiste seo a léamh. Grma…as gan an áirithe sin a bheith caillte agam leis!

  • seosaimhín Ní Bheaglaoich

    Bheadh dearúd ar dhuine gan dul a féachaint ar an scannán san a déarfainnse.
    Aineoin na n-eachtraí fuilteacha uafásacha seo i stair na Fraince is na hEorpa, ar aon dul leis an uafás atá ós comhair ár súl na laethannta seo i nGaza, ba léir gur duine ar leith ab ea Napoleon Bonaparte.
    Léagas nua aoiseach ar eachtraí staire na linne san. Aisteoireacht den scoth ó Joaquin Phoenix.agus Vanessa Kirby.
    Ceol álainn dramatúil.
    Cad eile a bheadh ó dhuine i gcorp lár an gheimhridh.