Cuirtear i leith an Éireannaigh go minic go mbíonn an-leisce orainn éirí amach chun léirsithe. Cuirtear inár leith go rabhamar chomh fada sin fá shúistibh Gall, agus ina dhiaidh sin fé údarás ollsmachtach na hEaglaise ar feadh i bhfad, go bhfuil rialú fo-chomhfhiosach i bhfeidhm orainn ná ligeann dúinn cur i gcoinne an údaráis go ró-mhinic. D’fhéadfá áireamh aon láimhe a dhéanamh ar na hamanta go bhfacthas sluaite ollmhóra ag léirsiú ar shráideanna na tíre le tríocha bliain anuas.
Bhí tamall ann, áfach, ag deireadh na seascaidí agus tús na seachtóidí, nuair a bhí gála gaoithe de léirsithe ag séideadh ó dheisceart na Stát Aontaithe go Béal Feirste agus Doire Cholmcille, agus chun na Gaeltachta mar a raibh aird á díriú ar chearta sibhialta a bheith á gceilt ar na pobail iargúlta seo.
Bhain an gála seo ceann de na pobal ba iargúlta sa Ghaeltacht, Dún Chaoin, amach i 1970, mar a raibh lámh láidir an Stáit tar éis buille tromchúiseach a bhuaileadh ar an bpobal nuair a dúnadh Scoil Naomh Gobnait, an t-aon rian de thacaíocht an Stáit san áit. Bunscoil bheag aon oide a bhí ann a dúnadh mar chuid de pholasaí náisiúnta an Rialtais scoileanna beaga tuaithe a dhúnadh nó a chomhnascadh.
Polasaí pollphéisteach ab ea é seo, dála scata de pholasaithe an Rialtais, a bhí dírithe ar fhigiúirí agus ar shumanna agus a bhí beag beann ar thábhacht na scoileanna beaga seo do chreatlach agus d’anam na bpobal ina rabhadar. B’amhlaidh dúnadh na scoileanna agus droim láimhe a bheith á thabhairt ag an Stát na pobail bheaga iargúlta.
Bhí fonn foghlama agus fonn oideachais ar an Éireannach riamh.
Sular cuireadh an córas scoileanna náisiúnta ar bun, bhí scoileanna eile ag tál oideachais ar phobail bhochtáin na tíre. Sular osclaíodh dhá scoil náisiúnta i bparóiste Dhún Chaoin, bhí scoileanna scairte agus go deimhin scoil Laidine sa pharóiste, maraon le dhá scoil Phrotastúnach, ceann i mBaile na Rátha ar an míntír agus ceann istigh sa Bhlascaod Mór. Rud a bhí íorónta go maith ab ea go raibh léamh agus scríobh na Gaelainne á múineadh sna scoileanna Protastúnacha, rud nach raibh sna scoileanna náisiúnta ar feadh tamaill mhóir.
Do phobail iargúlta na hÉireann bhí an scolaíocht ina bhealach éalaithe ón dteirce agus ón ngannchúis. D’fhéadfaidis nithe a fhoghlaim ar scoil a bheadh úsáideach dóibh agus iad fásta. Nuair a dúradh le muintir Dhún Chaoin go raibh a scoilín le dúnadh, Chonacthas dóibh nach raibh i ndán don bpobal ach a bheith mar phobal seandaoine gan aon áis do lánúineacha óga filleadh ar a bhfód dúchais chun clann a thógaint.
Ní rabhthas chun glacadh leis an ndán úd. Cuireadh feachtas ar bun, ina raibh muintir na háite agus a gcairde ó phobal na Gaelainne i gcoitinne, chun an scoil a choimeád oscailte beag beann ar chinneadh an Rialtais. Cuireadh oidí ag múineadh na leanaí sa scoil ‘neamhdhleathach’, gan aon aitheantas ón Roinn Oideachais agus gan aon chabhair ná cúnamh ón gcléir a bhí in ainm is a bheith i mbun bainistíochta ar an scoil.
Eagraíodh léirsithe agus cruinnithe agus máirseáladh ar Bhleá Cliath chun aird an náisiúin a dhíriú ar an gceist. Bhí toradh ar an bhfeachtas, agus nuair a toghadh Rialtas de chuid Fhine Gael i 1972 d’oscail an Aire Oideachais nua, Risteárd de Búrca, an scoil in athuair. Tá sí ina seasamh go suáilceach ó shin, agus bhí céad bliain na scoile á cheiliúradh i mbliana
Inseofar scéal Scoil Naomh Gobnait, an stair a bhaineann léi agus tábhacht na scoile don bpobal, sa scannán faisnéise de chuid Woodend Films, Ní Dhúnfar Scoil Dhún Chaoin!’ a bheidh á chraoladh ar TG4 anocht ag a 7.30pm. Scéal scoile amháin í seo, ach tá a macasamhail de scoileanna i ngach aon phobal in Éirinn. Pléifear stair an oideachais sa pharóiste, ceist na teanga sa scoil, an húralamboc a bhain le teacht David Lean agus criú an scannáin Ryan’s Daughter i ndeireadh na seascaidí agus an chonspóid ar fad a bhain le dúnadh agus athoscailt na scoile.
Chomh maith le sin ardófar ceisteanna maidir le todhchaí na bpobal beaga Gaeltachta agus sinn ag bogadh linn chun cinn san aonú aois is fiche.
Fág freagra ar 'Ní dhúnfar scoil Dhún Chaoin!'