Ní dhearna Nigel Owens dearmad ariamh ar ché dár díobh é ná ar a theanga dhúchais

Tá an Bhreatnais préamhaithe i gcluiche an rugbaí sa mBreatain Bheag

Ní dhearna Nigel Owens dearmad ariamh ar ché dár díobh é ná ar a theanga dhúchais

Tá mé cinnte nach mise amháin a aireoidh Nigel Owens uaim na seachtainí seo amach romhainn. Fágann é a bheith éirithe as an réiteoireacht le dhá shéasúr go bhfuil an Chraobh Dhomhanda Rugbaí atá á himirt faoi láthair ar an gcéad cheann ó 2007 nach mbeidh fead le cloisteáil uaidh inti.

Is maith iad Wayne Barnes agus Luke Pearce i mbun a gcúraim. Bainfidh Nic Berry agus Ben O’Keeffe fad as a gcuid focal, mar a dhéantar sna tíortha inar tógadh iad, agus déanfaidh Mathieu Raynal aithris mhaith ar Monsieur Poirot.

Dá fheabhas iad mar sin féin, ní líonfaidh ceachtar acu bróga Nigel agus ní hí tuin a gcuid cainte amháin is cúis leis sin.

Ní shin le rá ach an oiread nach togha réiteoirí iad. ’Sea go cinnte. Is beag rud nach dtugann siad faoi deara, tá sáreolas acu ar na rialacha. Bíonn súile an tseabhaic acu ar na himreoirí faoi mar a bheadh ag oide maith i seomra ranga nó saoiste grinn ar láthair thógála.

Bhí na buanna sin ar fad freisin ag Owens, ach bhí cuid mhaith lena chois aige. Bhí sé deisbhéalach, abartha agus féith an ghrinn go láidir ann. Thar rud ar bith eile, bhí gifte aige a d’fhág gur cheap tú go raibh sé féin lárnach sa gcoimhlint a bhí os do chomhair amach, seachas a bheith ina mhaoirseoir seachtrach.

Tá cúis lena chois sin a fhágann go bhfuil ardmheas agam ar Nigel. Sin nach ndearna sé dearmad ariamh ar ché dár díobh é ná ar a theanga dhúchais.

Má bhí cainteoir Breatnaise ag imirt, ba sa teanga sin a labhair Owens leis sna cluichí ar fad a ndearna sé réiteoireacht orthu i gcomórtais na hEorpa agus i Sraitheanna na gClubanna.

Ós rud é go mba as an Bhreatain Bhig é féin, ní bhfuair sé deis ariamh réiteoireacht a dhéanamh ar chluiche tábhachtach ina raibh an tír sin san iomaíocht.

Ach go gairid sular éirigh sé as dhá bhliain ó shin, tharla eachtra i gcluiche idir an Fhrainc agus an Iodáil a d’fhág meascán mearaí ar thráchtairí sa Stade de France, orthu siúd a raibh fáil acu ar ghlór an réiteora ann agus ar lucht féachana na teilifíse sa mbaile.

Agus leathuair imeartha fanta, fuair leathchúlaí clibirte na hIodáile Marcello Violi comhartha ón taobhlíne go raibh a sheal caite agus cuireadh ionadaí isteach ina áit.

I mBéarla a bhí a chuid treoracha tugtha ag Nigel Owens go dtí sin, ach ba ‘Aros fyna’ (‘ná corraigh as sin’) an chéad ordú a thug sé don fhear nua agus an Fhrainc i mbun clibirte.

Go gairid ina dhiaidh sin, nuair ba ag an Iodáil an liathróid a chur sa gclibirt, thug Nigel an treoir ‘yn y canol nawr’ (‘isteach sa lár anois.’)

Seans gurbh é an t-ionadaí a bhí i ngreim sa liathróid faoin tráth seo an t-aon duine san áit a thuig é. Ba leis an mBreatnais a tógadh é siúd freisin – Stephen Varney a rugadh agus a tógadh i Caerfyrddin, ach a bhfuil cead imeartha leis an Iodáil aige siocair gur as an tír sin a mháthair. Go deimhin, tá Varney ar dhuine díobh siúd atá ar an bpainéal atá sa bhFrainc acu faoi láthair.

Agus tús á chur le Craobh Sacair an Domhain sa gCatar faoi Shamhain seo caite, thagair mé do na hiarrachtaí a bhí ar bun ag Cumann Sacair na Breataine Bige teanga dhúchais na tíre sin a chur chun cinn chomh mór agus ab fhéidir leo. Amhrán Breatnaise Yma o Hyd ab ea an ceann aitheantais a bhí acu; bhí cúigear cainteoirí dúchasacha i measc na n-imreoirí agus cúigear eile a bhfuil líofacht acu sa teanga sin.

Ina measc bhí Ben Davies, an chéad duine ariamh a labhair Breatnais ag preas-ócáid de chuid Choirn an Domhain.

Tá an teanga chomh préamhaithe céanna i gcluiche an rugbaí sa mBreatain Bheag – nó b’fhéidir níos láidre fós.

Is cuimhneach liom gur shiúil mé thar sheomra feistis na Breataine Bige i mBóthar Lansdúin go luath sna 1980idí agus gur thug mé faoi deara go raibh an doras ar oscailt. Bhí an chuma ar an áit go raibh sé tréigthe, ach le teann fiosrachta, sháigh mé mo chloigeann isteach. Triúr a bhí fanta, buidéal beorach ina gcuid lámha agus iad sona sásta ag comhrá ina dteanga dhúchais.

Tá práinn faoi leith ag Nigel Owens as ballraíocht a bheith bronnta air sa mbuíon ar a dtugtar Gorsedd Cymru. Díreach mar thugann Aosdána onóir sa tír seo don ealaíontóir, don fhile, don scríbhneoir, do lucht ceoil, damhsa agus ailtireachta, tugann an Gorsedd Cymru aitheantas dá leathbhádóirí sa mBreatain Bhig. San áireamh freisin acusan bíonn siad siúd a chuireann leis an teanga agus leis an saol poiblí.

‘Draoithe’ a thugtar orthu agus déantar iad a insealbhú le linn an Eisteddfod, féile mhór chultúrtha na tíre.

Ar na himreoirí rugbaí eile ar bronnadh an onóir orthu le blianta beaga, tá Ray Gravell, Jonathan Davies, Ken Owens, George North, Jamie Roberts, Stephen Jones agus Robin McBryde, atá anois ina chóitseálaí le Cúige Laighean, ach a bhí roimhe sin ag imirt agus ag obair lena thír dhúchais.

Ní hiontas go raibh an Bhreatnais chun cinn i mórchuid dá gcuid seisiún traenála siúd.


Ag tús an tsamhraidh seo, d’fhógair Aontas Rugbaí na Breataine Bige go raibh siadsan le cur go mór leis an tacaíocht atá siad a thabhairt don teanga agus don úsáid a bhaineann siad aisti.

As seo go ceann cúpla seachtain, déanfaidh siad aithris ar an méid a rinne lucht an tsacair anuraidh – go fiú go sáróidh siad é. Beidh beirt imreoirí ag labhairt leis na meáin théis na gcluichí – comhchaptaein atá ar fhoireann an rugbaí. Cainteoirí Breatnaise an bheirt – Dewi Lake agus Jac Morgan.

Fág freagra ar 'Ní dhearna Nigel Owens dearmad ariamh ar ché dár díobh é ná ar a theanga dhúchais'

  • jpmorley0@gmail.com

    Agus ceard déarfá le foireann rugair na hÉireann (agus gach foireann eile)…an t-aon fhoireann amháin ar domhan sa Chraobh seo NACH gcanann a bhformhór mór amhrán náisiúnta na tíre! Níl na focail ar eolas acu. Cumá nár chuimhnigh Farrell ar rud chomh bunúsach sin a leasú? Deora ar sileadh le himreoirí sna foirne eile agus iad ag canadh in ard a gcinn is a ngutha…

  • Micheál

    Tuigim do chuid feirge ach is dóigh liom go bhfuil tú ag díriú na méire sa treo mícheart. Ní hiad Andy Farrell ná na himreoirí a roghnaigh an cur i gcéill ar a dtugtar ‘Ireland’s Call’. Déarfainn go bhfuil cuid mhaith den fhoireann a chanfadh “Amhrán na bhFiann” go fonnmhar ach an rogha sin a bheith ar fáil dóibh, rud nach bhfuil.

  • Brian

    Yr hyder i roi cynnig arni /An muinín triail a bhaint as. Thosaigh mé ag foghlaim an teanga arís tar éis caoga bliana ó shin.Cheapaim go bhfuil na focal sin fíor.