Ba í an litir san Irish Times a spreag chun pinn mé. Agus mé ar mo bhealach chuig an aerfort ní mórán fonn a bhí orm tabhairt faoi phíosa scríbhneoireachta. Bhí an oiread sin rudaí ag cur olc orm sa nuacht, go raibh sé ag cinneadh orm ábhar a roghnú don cholún seachtainiúil.
Ach bhí rudaí ráite sa litir a thug chun cuimhne na ráitis a cuireadh amach nuair a thosaigh bainistíocht RTÉ ag caint faoin scéim iomarcaíochta deonaí a bhí fógartha acu. An t-am sin, dúradh go mbeadh RTÉ ag smaoineamh ar chuid de na cláir theilifíse a dhéanamh taobh amuigh de stiúideonna RTÉ féin, agus go mbeadh na cláir á léiriú ag comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha.
Is cuimhin liom go raibh polaiteoirí an-chorraithe faoin scéal. Bhí an-imní orthu faoin gcor is deireanaí seo i scéal RTÉ. Rinneadar cáineadh ar an earnáil neamhspleách, amhail is gur dream amplach, gan caighdeán ná smacht a bhí iontu. D’úsáid cuid acu an focal ‘outsourcing’.
Agus Dé Sathairn nuair a léigh mé an litir ó Shéamus Dooley, Rúnaí Cheardchumann na nIriseoirí (NUJ) in Éirinn, nach bhfaca mé na focail chéanna, na habairtí céanna agus an caitheamh anuas céanna ar léiritheoirí neamhspleácha teilifíse.
Cé as a dtáinig an teachtaireacht seo? Céard air atá an masla seo bunaithe? An amhlaidh nach bhfuil a fhios ag daoine gurb iad na léiritheoirí neamhspleácha an dream is mó a dhéanann gnáthchláir theilifíse (gach cineál clár seachas nuacht)?
Agus muid ag ceiliúradh tréimhse uachtaránachta Michael D Higgins, tá sé tráthúil go gcuimhneoimis gurb é an t-aire ealaíon, cultúir agus Gaeltachta a chuir sa reachtaíocht go mbeadh bonn ceart faoin earnáil neamhspleách. Leag sé síos go mbeadh ar RTÉ céatadán áirithe den chaiteachas ar theilifís a chaitheamh ar léirithe neamhspleácha. Chuaigh an tsuim sin suas agus síos leisna blianta, ag brath ar an eacnamaíocht agus ar theacht isteach ioncam tráchtála.
Anuraidh, de réir chuntais RTÉ, caitheadh €47.3 milliún ar léiriúchán neamhspleácha in RTÉ.
Cén fáth a bhfuil an raic seo tarraingthe an tráth seo?
D’fhógair RTÉ le gairid go mbeadh deireadh leis an aonad inmheánach cláracha faisnéise. Ó tharla go bhfuil daoine ag imeacht de bharr go bhfuil scéim iomarcaíochta ar bun in RTÉ faoi láthair, tá gá, a deir siad le daoine a bhogadh go dtí áiteacha eile san eagraíocht.
Tharla sé seo cheana. Tharla sé níos mó ná uair amháin le mo linn féin i Roinn na Teilifíse in RTÉ. Tá seirbhísí agus rannóga éagsúla imithe agus dúnta síos – ach ní hin le rá nach bhfuil an tseirbhís á cur ar fáil. Níl ann ach go bhfuil dream neamhspleách á dhéanamh. Cé a smaoineodh ar Aonad Craolachán Seachtrach (Outside Broadcast Unit) a athbhunú i i nDomhnac Broc agus scuaine leoraithe móra a pháirceáil taobh amuigh agus iad réitithe do chuile chineál ócaide- cluichí, coirmeacha ceoil etc? Ní bheadh sé eacnamúil.
Is léir ón méid atá ráite ag RTÉ go bhfuil go leor de na hacmhainní sa stáisiún ag dul in aois. Luadh go gcosnódh sé €100 milliún faoin mbliain 2030, na stiúideonna a chur in oiriúint do riachtanais an lae inniu. Thuigfeadh éinne nach féidir an costas sin a sheasamh nuair nach bhfuil na stiúideonna céanna in úsáid ó mhaidin go hoíche.
Is cuimhneach liom féin nuair a bhíomar ag obair ar Cúrsaí agus an clár ag teacht ó Stiúideo 4 gach lá sa tseachtain. Bhíodh criú chlár na hiarnóna ag imeacht amach as agus muidne ag dul isteach ag cleachtadh don chlár beo an tráthnóna sin. Bhí clár laethúil eile díreach romhainn i gcúinne eile den stiúideo. Agus muidne ag glanadh amach as ina dhiaidh sin agus mise b’fhéidir ag rith chun an bus go Gaillimh a fháil ag 8pm, nach mbíodh an criú ó Nighthawks, ag teacht isteach chun cleachtadh a dhéanamh roimh a gclár féin!
D’fhéadfá a rá go raibh úsáid mhaith á baint as an spás an uair úd. Ach tá an ré sin caite agus spéis ag an lucht féachana i gcláracha de chineál eile anois. Agus is iad na léiritheoirí neamhspleácha a bhíonn i mbun an chuid is mó díobh.
Thar na blianta agus mé ag obair in RTÉ, nó imithe ó RTÉ agus ar an mBord i TG4, bhí plé nó teagmháil dhíreach agam le roinnt mhaith de na comhlachtaí neamhspleácha. Dream fíor-dhíograiseach, crua-oibríoch, le hardchaighdeáin agus le suim mhór sna meáin seirbhíse poiblí atá iontu. Ní fhéadfaí déanamh gan iad.
Ní dream iad, mar a dhéanann Séamus Dooley cur síos orthu, a ‘makes an important contribution to the media landscape but its sole reason for existence is generation of profit, with all the limitations that places on editorial and production resources’.
An amhlaidh nach bhfuil ceart ag daoine brabach a dhéanamh? Is beag brabach a dhéanann léiritheoir ar bith ar ghnáthchláracha – má bhíonn siad in ann a gcostas a ghlanadh agus gach duine a íoc, bíonn an t-ádh leo. Agus má éiríonn leo brabach a dhéanamh, comhghairdeas leo – ach an smaoiníonn éinne ar an am a chaitheann siad ag fanacht ar an gcéad choimisiún eile? Ní íocann an craoltóir tú as an tréimhse a chaitheann tú idir coimisiúin.
‘The nurturing of a creative culture will be undermined by this outsourcing…’ a deir Séamus Dooley ina litir chuig an Irish Times. An gceapann éinne agaibh go raibh an cultúr curtha i mbaol ag cláracha teilifíse TG4? Siad an earnáil neamhspleách croílár na hearnála léirithe ansin. Nuair a bunaíodh an stáisiún, ba ar phrionsabal an Foilsitheoir/Craoltóir a leagadh síos an múnla. Bhí sé cruthaithe ag leithéidí Channel 4 sa mBreatain gur oibrigh an múnla sin go maith agus sin é atá ann go dtí an lá inniu.
Agus ag deireadh an lae, ní bheidh na daoine a fhanfaidh in RTÉ ag cailleadh a gcuid jabanna. Aistreoidh siad go dtí rannóga eile agus bheadh súil agam go bhfaighidh siad poist a bheas in oiriúint dá gcuid scileanna. Níl aon amhras ach gur chuir siad raon éagsúil, cruthaitheach cláracha ar an scáileán le blianta anuas. Agus níl amhras ar bith orm ach go gcuirfidh dream éigin ón earnáil neamhspleách raon chomh hiontach céanna ar an scáileán san am atá romhainn.
Seán Mistéil
Maith thú, a Mhairéad! Dá dhílse Séamus Dooley dá chomhghleacaithe in RTÉ, tá dul amú air an tráth seo.
Tá ceannasaíocht agus cruthaitheacht den scoth aitheanta san earnáil neamhspleách, mar adeir tú féin.
San am céanna, tá ardmholadh ag dul d’fhoireann RTÉ i ngeall ar a cumas agus cur chuige, agus gaisce déanta agus éachtaí bainte amach ainneoin na gciorraithe agus na ndúshláin inmheánacha le blianta anuas.
Tá an saol craoltóireachta ag athrú. Níl gá ná tairbhe cáineadh a dhéanamh, ná amhras a chaitheamh i leith ceachtar dream…