Ní cóir go dtiocfadh aon mhaolú ar sholáthar Gaeilge RTÉ má bhíonn Nuacht TG4 neamhspleách – Sinn Féin

Tá imní léirithe ag an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge agus Meán Shinn Féin, faoin ‘bhearna’ i soláthar clár Gaeilge a bheadh le líonadh ag RTÉ má éiríonn leis an phlean seirbhís nuachta neamhspleách a bhunú do TG4

Ní cóir go dtiocfadh aon mhaolú ar sholáthar Gaeilge RTÉ má bhíonn Nuacht TG4 neamhspleách – Sinn Féin

Deir Sinn Féin gur gá a chinntiú nach mbeadh sé ina “leithscéal” ag RTÉ gan a gcuid dualgas faoin acht craolacháin a chomhlíonadh má dhéanfar Nuacht TG4 a aistriú ó RTÉ go dtí TG4.

Faoin reachtaíocht, tá dualgas ar RTÉ 365 uair an chloig d’ábhar a chur ar fáil do TG4 gach bliain agus is ábhar nuachta agus cúrsaí reatha ar nós Nuacht TG4 agus 7Lá atá i gceist le thart ar leath den 365 uair an chloig sin.

Tá imní léirithe ag an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge agus Meán Shinn Féin, faoin “bhearna” i soláthar clár Gaeilge a bheadh le líonadh ag RTÉ má éiríonn leis an moladh go mbunófaí seirbhís nuachta Gaeilge neamhspleách do TG4.

Deir Ó Snodaigh, cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais, go gcaithfí a chinntiú nach dtiocfadh aon mhaolú ar an soláthar agus nach rachadh “caighdeán” na gclár Gaeilge a chuireann RTÉ ar fáil do TG4 “in olcas”.

“Ní mór dúinn a chinntiú nach ndéanfar RTÉ a fhágáil gan seirbhís Ghaeilge ar bith, seachas Raidió na Gaeltachta, chun a gcuid dualgas mar chraoltóir atá in ainm is a bheith dátheangach a chomhlíonadh, agus tá ceist fós ann maidir leis an dualgas ar RTÉ ábhar Gaeilge a chur ar fáil do TG4.

“Tuigtear le fada, go háirithe tar éis imscrúdú an Choimisinéara Teanga, go bhfuil bearna in RTÉ cheana féin maidir le soláthar trí Ghaeilge, agus ní mór dúinn a chinntiú nach rachaidh an bhearna sin, nó caighdeán an ábhair i nGaeilge acu in olcas agus an t-aistriú seo mar leithscéal,” a dúirt Ó Snodaigh.

Chinn an Coimisinéir Teanga in 2018 go raibh sárú á dhéanamh ag RTÉ ar a dhualgas i leith na Gaeilge faoin Acht Craolacháin. Faoin reachtaíocht sin tá sé de dhualgas ar RTÉ réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil i nGaeilge agus cláir cúrsaí reatha a chur ar fáil i nGaeilge.

Is minic go raibh easaontas idir an dá chraoltóir faoin soláthar 365 uair an chloig atá ag dul do TG4 ó RTÉ agus bíonn TG4 ag iarraidh ar RTÉ feabhas a chur ar chaighdeán an tsoláthair sin, caighdeán na seirbhíse nuachta agus cúrsaí reatha san áireamh. Deir RTÉ go bhfuil siadsan sásta le caighdeán an tsoláthair.

Ghlac an Rialtas dhá bhliain ó shin le moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.

Tá iarrtha ag Coimisiún na Meán ar RTÉ agus TG4 pleananna a chur ar fáil faoin moladh go mbeadh neamhspleáchas ag TG4 ó thaobh na nuachta.

Déanfaidh an Coimisiún scagadh ar na pleananna sin agus cuirfidh siad comhairle ar an Aire Cumarsáide dá réir.

Dúirt Ó Snodaigh go dteastaíonn socrú faoina mbeadh an dá chraoltóir ag freastal ar phobal labhartha na Gaeilge.

“Táimid ag iarraidh go dtacóidh an socrú le cur chun cinn na teanga tríd an dá chraoltóir seirbhíse poiblí, RTÉ agus TG4, agus go bhfreastalódh an péire acu ar phobal labhartha na Gaeilge,” a dúirt Ó Snodaigh.

Tuairiscítear gur dhá rogha a chuir RTÉ faoi bhráid Choimisiúin na Meán, seirbhísí nuachta Gaeilge ar leith do RTÉ agus TG4, nó múnla nua a bheadh bunaithe ar an chomhlacht Independent Television News sa Bhreatain.

Tá €13.625 milliún breise sa bhliain á lorg ag TG4 i mBuiséad 2025 chun “smacht eagarthóireachta Nuacht TG4 a aistriú ó RTÉ go dtí TG4”. Deir lucht an stáisiúin go dtógfadh sé bliain an tseirbhís ilardáin nua a bhunú ón uair go gcuirfí ar fáil dóibh an maoiniú breise atá á lorg acu.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh gur ceist thábhachtach atá sa tseirbhís nuachta Gaeilge agus go dteastaíonn soiléiriú “go luath” fúithi.

“Is mór an trua dhá bliain tar éis an mholadh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go bhfuil moilleadóireacht fós ar siúl maidir leis an gceist thábhachtach seo faoin tseirbhís nuachta ag TG4. Teastaíonn soiléiriú go luath, agus tuigim go bhfuil Coimisiún na Meán ag tabhairt faoi athbhreithniú faoi láthair.

“Tá oibrithe i gceist anseo, agus pé réiteach a bheidh socraithe sa deireadh, caithfidh go mbeidh leas na n-oibrithe lárnach ann,” a dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.

Tá dearbhú tugtha ag Ceannasaí RTÉ, Kevin Bakhurst, d’fhoireann Nuacht TG4 nach dtiocfaidh aon athrú ar a stádas fostaíochta le RTÉ “beag beann ar na hathruithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn i dtaobh an chláir sin”.

Dúirt Bakhurst go bhféadfadh go mbeadh “leasú reachtaíochta” de dhíth ag brath ar na moltaí a dhéanfar san athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge atá ar siúl ag Coimisiún na Meán faoi láthair.

Fág freagra ar 'Ní cóir go dtiocfadh aon mhaolú ar sholáthar Gaeilge RTÉ má bhíonn Nuacht TG4 neamhspleách – Sinn Féin'