Ní chailltear teanga ‘na broinne’ riamh, fiú más teanga eile a shealbhaíonn an páiste nuair a shaolaítear é

Maítear i saothar taighde nach 'gcailltear’ an teanga a chuala an leanbh agus é sa bhroinn má labhraítear teanga eile leis ar theacht ar an saol dó.

baby-belly-child-3732

Déanann teanga na máthar patrún néarach in inchinn gine sa bhroinn a mhaireann ar feadh blianta tar éis a bhreithe.

Maireann an patrún néarach fiú mura labhraíonn an leanbh an teanga sin riamh i ndiaidh teacht ar an saol dó – mar a tharlódh sa chás go n-uchtófaí thar lear é agus go mbeadh teanga eile aige seachas an teanga a bhí ag a máthair nuair a bhí sí ag súil.

Sin cuid dá bhfuil le háiteamh ag an aigneolaí Lara Pierce agus a foireann taighdeoirí in Ollscoil McGill i Montreal i Cheanada ina saothar nua, ‘Unconscious languages: Forgotten mother tongues leave traces in the brain’.

Mar chuid den taighde, rinneadh scanáil ÍAM (MRI) ar 48 cailín idir naoi mbliana agus seacht mbliana déag d’aois.

Bhí cónaí ar gach uile dhuine acu i Montreal, cathair ina bhfuil an Fhraincis ina teanga phobail. Roinneadh na cailíní ina dtrí ghrúpa. Ba chainteoirí aonteangacha Fraincise iad an chéad ghrúpa, a rugadh agus a tógadh i dteach Fraincise.

Uchtaíodh na cailíní, ar cainteoirí Sínise iad, sa dara grúpa agus iad ina leanaí agus tógadh i dteach Fraincise iad gan aon chuimhne acu ar theanga a dtuismitheoirí – an tSínis . Ar deireadh, ba dhátheangaigh líofa iad baill an tríú grúpa, a raibh an Fhraincis agus an tSínis ar a dtoil acu.

Scanadh inchinn na bpáistí go léir a fhad is a bhí siad ag éisteacht le Sínis agus bhain torthaí an scanta siar as an lucht taighde.

“Bhí iontas orainn gur mar a chéile a bhí patrún gníomhaithe inchinne na gcailíní a ‘chaill’ an tSínis agus iad sin a choinnigh orthu á labhairt. Is ag tús an tsaoil amháin a gheobhfaí na léirithe néaracha a thacaíonn leis an bpatrún seo. Patrún eile ar fad é seo ón bpatrún a léirigh na cainteoirí aonteangacha Fraincíse,” a dúirt Pierce.

Ní raibh aon Sínis cloiste ag na cailíní a uchtaíodh le, ar an meán, dhá bhliain déag roimh an scanadh.

Thuigfí ón staidéar ní hamháin go gcoinnítear san inchinn eolas a fuarthas sa bhroinn ach go n-imríonn an t-eolas sin tionchar ar phróiseáil inchinne le haimsir. Maítear go mbréagnaíonn an taighde an teoiric go ‘gcailltear’ an teanga a chuala an leanbh agus é sa bhroinn má labhraítear teanga eile leis ar theacht ar an saol dó.

D’fhéadfadh sé go gciallaíonn an t-eolas seo go mbeadh cumas níos fearr ag na cailíní a uchtaíodh teanga ‘na broinne’ a ‘athfhoghlaim’.

 

Fág freagra ar 'Ní chailltear teanga ‘na broinne’ riamh, fiú más teanga eile a shealbhaíonn an páiste nuair a shaolaítear é'