Ní bhíonn i go leor de chaint na hEaglaise Caitlicí faoi bheith níos oscailte ach blea blea blea

Dealraíonn sé go bhfuil daoine fós ann nach bhfuil tada foghlamtha acu ó shotal na hEaglaise san am atá thart

Ní bhíonn i go leor de chaint na hEaglaise Caitlicí faoi bheith níos oscailte ach blea blea blea

Bhí mothú déjà vu agam agus mé ag léamh tuairisc Kitty Holland san Irish Times faoin easaontas idir an pobal agus an sagart paróiste i nDroim Chonrach i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath toisc go raibh an oiread sin cosúlachtaí aige leis an aighneas faoin Aifreann Gaeilge i nDún Laoghaire.

I mí Iúil 2020 scríobh an sagart paróiste, an tAthair Martin O’Shea, litir chuig scoil Montessori a bhí lonnaithe sa halla paróiste ag cur in iúl dóibh go rabhthas á ndíbirt as an bhfoirgneamh mar gheall ar fhadhbanna sábháilteachta dóiteáin. Dúirt an sagart paróiste go gcosnódh sé €150,000 na fadbhanna a réiteach. Fuair an Scoil Montessori comhairle neamhspléach go gcosnódh sé €25,000 na fadhbanna a réiteach agus thairig siad íoc as na deisiúcháin iad féin agus an halla a ghlacadh ar léas fadtéarmach.

Dhiúltaigh an sagart paróiste aon phlé ar chor ar bith a dhéanamh leo faoi seo. Lorg an tAire Airgeadais Paschal Donohue agus an Seanadór Mary Fitzpatrick agus ionadaithe poiblí áitiúla eile cruinniú leis faoin gceist. Dhiúltaigh sé bualadh leo. Dhiúltaigh an tArdeaspag Diarmuid Martin do gach iarratas ar chruinniú faoin aighneas freisin.

Dúirt an Seanadór Fitzpatrick gur ‘údar ollmhór díomá é nach bhfuil aon fhreagra faighte ar iarratais chuig an sagart paróiste agus an tArdeaspag, fiú chun caint faoin halla…. Níl siad sásta plé linn ar chor ar bith….’

Ba é an cur chuige ceannann céanna a bhí ag an sagart paróiste san aighneas faoi aifreann Gaeilge Dhún Laoghaire, agus ag an Ardeaspag Martin freisin.

Baineadh geit as pobal Aifreann Gaeilge Dhún Laoghaire nuair a d’fhógair an Sagart Paróiste Paul Kenny deireadh leis an Aifreann Gaeilge tar éis leathchéad bliain i nuachtlitir an pharóiste i samhradh 2017. Ní raibh aon bhuíochas do na díograiseoirí a choimeád cór ag dul ar feadh na mblianta, a d’eagraigh léitheoirí agus a chabhraigh le sagairt nach raibh líofacht sa Ghaeilge acu. Dhiúltaigh an tAthair Kenny do gach iarratas ón bpobal – a pharóisteánaigh fhéin – bualadh leis chun an scéal a phlé. Mar an gcéanna leis an Ardeaspag Martin – cheap sé eadránaí nár éirigh leis an t-eadránú a dhéanamh mar gur dhiúltaigh an sagart paróiste páirt a ghlacadh in aon phróiseas dá leithéid. Dhiúltaigh an tArdeaspag é fhéin aon chruinniú a bheith aige leis an phobal nó a ladhar a chur sa scéal.

Lean an pobal orthu ag ágóidíocht agus ag tarraingt aird na meán Béarla agus Gaeilge ar an aighneas. I ndeireadh na dála tar éis dhá bhliain d’aistrigh an tAthair Kenny go dtí paróiste eile. Chuaigh an sagart paróiste nua i bpáirt le Pobal an Aifrinn chun an tAifreann Gaeilge a chur ar bun arís cé gur chuir an phaindéim Covid-19 moill ar chúrsaí. Cuireadh an tAifreann sa tsiúl arís anuraidh.

An íomhá atá ag an Ardeaspag Diarmuid Martin ná gur ceannaire eaglasta nua-aimseartha é atá i bhfabhar ról níos mó do thuataigh agus do mhná san eaglais.

In óráid faoi thodhchaí na heaglaise ar an 19 Márta 2019 dúirt sé: ‘Caithfidh ceannaireacht na hEaglaise Caitlicí a bheith ionadaíoch ar thuataigh agus cléirigh, mná agus fir, óg agus aosta. Aontaímid ar fad faoi sin, ach dealraíonn sé nach dtarlaíonn tada. An toradh a bhíonn air seo ná go méadaíonn coimhthíos a lán ban.’

Dúirt sé freisin gur gá don eaglais foghlaim ón sotal a léirigh sí san am atá thart.

Briathra breátha, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne sa dá chás seo ní raibh aon chur leo ag an Ardeaspag nó a chuid sagart. Dibríodh tuataigh ar shlí amháin nó ar shlí eile gan buíochas, míniú sásúil, ná comhairliúchán.

Dealraíonn sé go bhfuil sagairt fós nach bhfuil tada foghlamtha acu ó shotal na hEaglaise san am atá thart, agus nach bhfuil sásta guth ar bith a thabhairt do thuataigh i gceannaireacht na heaglaise, in ainneoin ghéarchéim na heaspa sagart.

Agus dealraíonn sé uaireanta nach bhfuil i gcaint an Ardeaspaig Martin faoi ról do thuataigh agus do mhná i gceannaireacht na hEaglaise ach blea blea blea ar mhaithe leis an Irish Times agus meáin liobrálacha eile.

Más aon fhasach cás Dhún Laoghaire, ní athróidh an sagart i gcás Dhroim Conrach a phort riamh. Leanfaidh sé air ag diúltú aon phlé a bheith aige leis an bpobal. Má leanann an pobal orthu ag agóidíocht, i gceann bliain nó dhó bogfar go paróiste nua é agus ceapfar sagart paróiste nua a dhéanfaidh iarracht an scéal a réiteach. Ach beidh sin ródhéanach do na páistí agus na tuismitheoirí atá thíos leis agus beidh tuilleadh dochair déanta ag an Eaglais institiúideach di féin.

Fág freagra ar 'Ní bhíonn i go leor de chaint na hEaglaise Caitlicí faoi bheith níos oscailte ach blea blea blea'

  • Séamas de Barra

    Ní hé an Dr Diarmuid Martin Ard–Easpag Caitliceach Bhaile Átha Cliath a thuilleadh. Nollaig 29, 2020, tháinig an Dr Dermot Farrell i gcomharbacht ar an Dr Martin.

    Tá go leor Máirtíneach i saol poiblí na hÉireann le blianta: Ard–Easpag Caitliceach Ard Mhacha; iar–Ard–Easpag Caitliceach Bhaile Átha Cliath; an Taoiseach; an tAire Catherine Martin. Agus tá go leor Ard–Easpag ar Ard–Deoise Bhaile Átha Cliath arb é ‘Diarmuid/Dermot’ an t-ainm baiste a bhí, nó atá orthu: Dermot Ryan; Diarmuid Martin, agus Dermot Farrell. B’fhéidir gur cheart don Vatacáin dlí a thabhairt isteach nach gceapfar Diarmaid ar bith eile ina Ard–Easpag ar Bhaile Átha Cliath go ceann 100 bliain, i nDroim Conrach, ná fiú i nDroim Chonrach.