Ní bheidh sé éasca teacht ar úid agus na Leoin ag tabhairt aghaidh ar an Afraic Theas 

Ní bheidh an tsraith thart inniu is cuma cé a bheas ag ceiliúradh, ach beidh tús iontach déanta acu

Ní bheidh sé éasca teacht ar úid agus na Leoin ag tabhairt aghaidh ar an Afraic Theas 

Chomh luath agus a d’fhógair Warren Gatland a phainéal le taisteal chuig an Afraic Theas thuar mise go mbeadh Tadhg Furlong agus Robbie Henshaw i measc a chéad rogha le dul san iomaíocht leis na Springboks. Tá an bheirt i measc cúigear imreoirí ón tír seo atá ar an bpainéal triúr imreoirí is fiche a d’ainmnigh Gatland don chéad tástáil in Cape Town tráthnóna.

Ní haon ábhar iontais Furlong agus Henshaw a bheith ag dul sa gcath ó thús an chluiche ach is ábhar mór áthais é go bhfuil Jack Conan Chúige Laighean ag tosú freisin. Is cinnte gur thapaigh Conan chuile dheis agus cás á dhéanamh aige ar a shon féin sna cluichí cleachtaidh a bhí á n-imirt ag na Leoin go dtí inniu.

Cé gur cúis áthais é roghnú Conan, is cúis díomá nár éirigh le Conor Murray ná le Tadhg Beirne áit a fháil i measc an chéad chúigear déag cé go mbeidh siad sásta a bheith i measc na n-ionadaithe, rud a chinnteoidh go mbeidh siad san áireamh roimh dheireadh an chluiche. Ach an oiread le Conan, cheap mise go ndearna Beirne a dhóthain sna cluichí cleachtaidh chun áit a chinntiú dó féin. Seans go bhfuil baint ag cumas Beirne imirt sa dara roinn nó sa líne chúil tosaithe le cinneadh Gatland é a choinneáil mar chlúdach éifeachtach.

Beidh go leor i gCúige Mumhan ag clamhsán gur i measc na n-ionadaithe atá Conor Murray inniu, ach i bhfianaise na himeartha a chonaic muid uaidh ar an turas go dtí seo, feictear domsa go bhfuil an t-ádh air a bheith ar an mbinse féin. Chaithfeadh trua a bheith agat do Bundee Aki agus Henderson a thug taispeántais iontacha aon uair a bhfuair siad deis ar an turas go dtí seo, ach tá dhá chluiche eile i gcoinne Churaidh an Domhain le teacht fós.

Maidir le cluiche an lae inniu, beidh sé uafásach fisiciúil agus beidh an imirt an-sciobtha ar fad. Beidh tionchar mór freisin ag cúrsaí smachta ar an gcluiche seo.  Caithfidh an dá thaobh na ciceanna éirice a sheachaint agus gan pointí boga a thabhairt uathu, mar nach mbeidh sé éasca teacht ar úid. Cuimhnigh gur bhuaigh an Afraic Theas Corn an Domhain faoi thrí go dtí seo agus níor ghéill siad oiread agus úd amháin féin in aon chluiche ceannais.

Seans gur buntáiste do na Leoin gur chuir Covid-19 as go mór do réamh-ullmhúcháin na Springboks don trí chluiche atá amach romhainn.

Ní bheidh an tsraith thart inniu is cuma cé a bheas ag ceiliúradh, ach beidh tús iontach déanta acu.

Fág freagra ar 'Ní bheidh sé éasca teacht ar úid agus na Leoin ag tabhairt aghaidh ar an Afraic Theas '