‘Ní bheadh seans réadúil agam’ – cinneadh déanta ag Ó Céidigh gan ainmniúchán a lorg do rás an Árais

Ní bheidh ainmniúchán á lorg do thoghchán na huachtaránachta ag an Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh

‘Ní bheadh seans réadúil agam’ – cinneadh déanta ag Ó Céidigh gan ainmniúchán a lorg do rás an Árais

Níl sé i gceist ag an Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh ainmniúchán a lorg do thoghchán na huachtaránachta.

Bhí an fiontraí as an Spidéal i gConmara i mbun marana le roinnt míonna anuas faoi sheasamh i dtoghchán an fhómhair, ach dúirt sé inniu go bhfuil cinneadh déanta aige gan ainmniúchán a lorg.

“Déanta na fírinne is í an phríomchúis atá leis sin ná nach dóigh liom go mbuafainn é,” a dúirt Ó Céidigh.

Dúirt sé go raibh suim “dáiríre” aige a bheith ina Uachtarán, ach gur ar éigean go mbeadh seans réadúil aige toisc na páirtithe móra a bheith ag tacú leis an Uachtarán Michéal D Ó hUigínn.

Dúirt Ó Céidigh gur seacht mbliana ó shin a chéad smaoinigh sé ar thabhairt faoin uachtaránacht.

Dúirt gur dóichí ná a mhalairt go mbeidh Micheál D Ó hUigínn fós ina uachtarán faoin am go dtiocfaidh Donald Trump ar chuairt chun na hÉireann an bhliain seo chugainn, ach gur chreid sé féin gurb amhlaidh go bhfuil “athrú” ag teastáil in Áras an Uachtaráin agus sa tír le go mbeadh “fuinneamh nua” agus “treo nua” ann.

Fágann cinneadh Uí Chéidigh a d’fhógair sé ar Newstalk inniu go bhfuil an chuma ar an scéal gur iarrthóir Gaeltachta amháin ar a mhéid a bheidh san iomaíocht i dtoghchán mhí Dheireadh Fómhair.

Tá an Feisire Eorpach as Múscraí Liadh Ní Riada á lua go tréan mar iarrthóir do pháirtí Shinn Féin. Ar an 16 Meán Fómhair a fhógróidh Sinn Féin a n-iarrthóir don toghchán.

Fág freagra ar '‘Ní bheadh seans réadúil agam’ – cinneadh déanta ag Ó Céidigh gan ainmniúchán a lorg do rás an Árais'