Tá níos mó tacaíochta acu mar pháirtí ná mar a bhí riamh cheana, de réir na bpobalbhreitheanna. Tá machnamh agus iniúchadh ar siúl ach faoi thoradh an toghcháin i mí na Samhna seo caite. Tar éis an méid sin sí an cheist atá á cur i Meiriceá – cén fáth go bhfuil an páirtí Daonlathach ina dtost agus gur ag troid le chéile atá siad seachas a bheith ag díriú ar réimeas nua an Tí Bháin
Tá an domhan ar fad curtha trína chéile ag a bhfuil fógartha ag Donald Trump mí na Samhna seo caite. Idir orduithe feidhmeacha agus fógraí i dtaobh trádáil idirnáisiúnta chomh maith lena chuid iarrachtaí taidhleoireachta i gcás an Mheánoirthir agus na hÚcráine, tá tíortha an domhain ar a n-airdeall ag faire an chéad fhógra eile uaidh.
Sa mbaile sna Stáit Aontaithe tá sé féin agus Elon Musk sa roinn nua DOGE ag ciorrú ranna rialtais gach lá agus cuid de na ranna céanna á gcur ar ceal ar fad chun geallúintí Trump a chomhlíonadh. Tá pobal na Stát Aontaithe i mbun agóide ó lá go lá ag cruinnithe a eagraíonn ionadaithe comhdhála. Tá Bernie Sanders agus Alexandria Ocasia Cortez ag taisteal na tíre agus na mílte ag freastal ar shlógaí in aghaidh na holagarcachta, mar a thugann siad air. Tá siad ag iarraidh lucht leanta na nDaonlathach a ghríosadh le bheith níos gníomhaí in aghaidh Donald Trump.
Idir an dá linn níl smid ó cheannasaíocht na nDaonlathach. Más tada é, tá a gceannaire sa Seanad Chuck Schumer tar éis tuilleadh armlóin a thabhairt do lucht a gcáinte. Thacaigh sé le gairid le moltaí an Tí Bháin le réiteach a dhéanamh sa mbuiséad seachas, dar le Schumer, cead a thabhairt dóibh smacht iomlán a ghlacadh ar an gcóras eacnamaíochta sna Stáit Aontaithe trí dhiúltú do na moltaí agus cead a gcinn a thabhairt do Trump agus a rúnaí tráchtála Howard Lutnick.
Is éard a chiallaíonn sin go praiticiúil nach ann don fhreasúra i Meiriceá faoi láthair. Tá roinnt feisire comhdhála ag iarraidh go n-éireodh Schumer as ach is beag aird atá faighte acu mar go gcítear do dhaoine nach bhfuil aon mhalairt ar fáil. Gan ceannaire ní féidir leis an bpáirtí cur in aghaidh Trump agus a rialtas.
Tá beagán le cois bliain go leith idir muid agus na toghcháin lár téarma in 2026. Tá súil ag na Daonlathaigh go n-éireoidh leo suas le scór suíochán breise a bhaint amach sna toghcháin sin agus smacht a fháil in athuair ar thithe na comhdhála. Má tá siad leis sin a dhéanamh níor mhór dóibh aghaidh a thabhairt láithreach ar a laghad tacaíochta atá acu i measc an phobail. Theastódh uathu freisin ceannaireacht láidir a cheapadh ar an bpáirtí. Ní hiad pobal na Stát Aontaithe amháin atá ag tnúth le hathrú i bpolaitíocht na Stát Aontaithe mar thoradh ar na toghcháin in 2026. Tá sé in am ag na Daonlathaigh biorú má tá siad leis an athrú sin a thionscnamh agus cur ina luí ar phobal na Stát Aontaithe go bhfuil malairt ar fáil dóibh.
Siob
Níl suim againn i scéalta seo mar 1. ní bhíonn aon rud nua iontu 2. níl a dhóthain den chineál scéalta ar suim linn sa nuachtán seo.