Neosfar mórán anocht faoi Thiobraid Árann agus Corcaigh

Tá ag méadú anois ar dhóchas na bhfoirne eile gur féidir leo Luimneach a chloí i mbliana

Neosfar mórán anocht faoi Thiobraid Árann agus Corcaigh

A leithéid de choimhlint a bhí againn seachtain ó shin idir Luimneach agus an Clár. Bhí sé ina chath ceart ón tús agus lean an imirt fhíochmhar go dtí an fhead deiridh. Ba chun leasa an chomórtais é gur chaill Luimneach. Bhí sciorta den ádh leo gur bhuaigh siad i gcoinne Phort Láirge agus tá ag méadú anois ar dhóchas na bhfoirne eile gur féidir iad a bhualadh arís. Ach sin díospóireacht do lá eile. Tá ardmholadh ag dul do bhainistíocht agus d’imreoirí an Chláir as a mbua iontach, fiú agus gan a ngaiscíoch mór Tony Kelly i mbarr a mhaitheasa go fóill. An cleas anois ná an caighdeán imeartha sin a bhaint amach i gcoinne Phort Láirge an tseachtain seo chugainn. Bheadh bua ansin an-mhilis do Brian Lohan i gcoinne a sheanchomrádaí Davy Fitzgerald.

Leanfar le réamhbhabhtaí na Mumhan inniu. Bhí deireadh seachtaine saor ag Tiobraid Árann an tseachtain seo caite, rud a thug seans dóibh scíth a ligean ar feadh cúpla lá sular thosaigh siad ag prapáil le haghaidh chluiche an lae inniu. Go dtí seo i mbliana tá éacht déanta ag an mbainisteoir Liam Cahill agus a fhoireann bainistíochta. Ag deireadh an fheachtais craoibhe anuraidh, bhí cuma an-ghruama ar chúrsaí do na Tiobraid Árannaigh. Bhí feachtas sraithe sásúil acu agus chuir siad tús maith leis an gcraobh coicís ó shin. Is dócha gur mó an tuiscint a bheidh againne agus acu féin ar a gcumas anocht. Fuaireadar dhá chúl thar a bheith bog i gcoinne an Chláir agus ghéilleadar 3-23 sa chluiche sin.

É sin ráite bhuadar an cluiche agus an dá phointe luachmhar a ghabh leis .

Beidh Corcaigh lán de mhuinín anocht agus iad sásta go maith lena dtaispeántas an Domhnach seo caite i gcoinne Phort Láirge. Ach i gcomparáid leis an gcoimhlint idir Luimneach agus an Clár, bhí an cluiche seo leamh. Is deacair a rá fós cé chomh maith nó a mhalairt atá Corcaigh. Ach cinnte neosfaidh an cluiche anocht mórán .

I gCúige Laighean bhí ardchoimhlint seachtain ó shin sa dara leath againn  idir Cill Chainnigh agus an Ghaillimh agus is dócha gur féidir a rá go raibh sciorta beag den ádh ar na Gaillmhigh an comhscór a fháil. Cheapas ar an iomlán go raibh Cill Chainnigh níos fearr agus faobhar ar a gcuid imeartha don chuid is mó den chluiche. Bhí an Ghaillimh an-mhaith ar feadh tréimhsí áirithe agus measartha i dtréimhsí eile

Bhíodar buíoch dá laoch scórála Brian Concannon a chríochnaigh le 1-5 ón imirt ar an lá. Ach tá dul chun cinn á dhéanamh ag an dá fhoireann agus, i mo thuairimse, beidh siad fós san iomaíocht ag tosach mhí Iúil.

Tá an-tábhacht ag baint leis an gcoimhlint idir Baile Átha Cliath agus Loch Garman i bPáirc an Chrócaigh um thráthnóna. Seo an cluiche is tábhachtaí sa ghrúpa don dá chontae. Tá trí phointe ag Áth Cliath agus péire ag Loch Garman agus bunaithe ar an méid atá feicthe againn go dtí seo sa chomórtas bheinn ag ceapadh go mbeidh an buaiteoir sa tríú háit ag an deireadh.

Tá an Ghaillimh agus Cill Chainnigh fós le himirt ag Áth Cliath rud a chiallaíonn go bhfuil toradh an chluiche seo inniu thar a bheith tábhachtach dóibh. Agus dar ndóigh tá Cill Chainnigh fós le himirt ag Loch Garman. Is deacair a rá cé a bhuafaidh an ceann seo agus bheinn ag súil le cath go dtí an deireadh.

Sa dá chluiche eile i gcúige Laighean is dócha go mbeidh an bua ag an nGaillimh i gcoinne na hIarmhí agus ag Cill Chainnigh i gcoinne Aontroma.

Fág freagra ar 'Neosfar mórán anocht faoi Thiobraid Árann agus Corcaigh'