Neil O’Donoghue, an Gael deireanach san NFL

Ní hamháin nár imir Neil O’Donoghue an pheil Mheiriceánach riamh, ní fiú go bhfaca sé a leithéid go ndeachaigh sé ar scoláireacht sacair go Alabama agus an Ardteist déanta aige

Neil O’Donoghue, an Gael deireanach san NFL

Neil 'Corny' O'Donoghue agus Coiste Chumann an Chlogthí 1985 - an bhliain ar éirigh sé as an NFL. Ó chlé: Liam Ó Maoladha (IarStiúrthóir an Oireachtais), Sean McAuley, Neil O' Donoghue, Bernard Cronin agus Tommy Keogh. Pic: Tommy Keogh

Trí bliana ó shin, nach mór, thug mé cuntas anseo ar shaol Neil O’Donoghue. Ag an am ba eisean an tÉireannach deireanach a d’imir san NFL sna Stáit Aontaithe – bhí naoi séasúr aige, idir 1977- 1985, mar chiceálaí leis na Buffalo Bills, na Tampa Bay Buccaneers agus na St. Louis Cardinals.  

Faoi Bhealtaine na bliana seo shínigh ógánach darbh ainm Dan Whelan conradh leis na Green Bay Packers – in Áth na Sceire a rugadh an Faolánach, ach tá cónaí airsean sna Státaí ó bhí sé 13 bliain agus d’imir sé an Pheil Mheiriceánach sa meánscoil agus le hOllscoil California. 

Ar an lámh eile, ní hamháin nár imir Neil O’Donoghue an cluiche riamh, ní fiú go bhfaca sé a leithéid go ndeachaigh sé ar scoláireacht sacair go Alabama agus an Ardteist déanta aige. Agus dhá bhliain den scoláireacht sin istigh chuir an ollscoil deireadh leis an gclár sacair a bhí acu agus fágadh an t-ógánach as Cluain Dolcáin ar an trá fholamh. 

Ag cuimhneamh ar fhilleadh abhaile a bhí sé nuair a dúirt comrádaí leis go raibh Ollscoil Auburn i ngar do láthair ag tairiscint trialacha do chiceálaithe. Tá Auburn ar cheann de na hollscoileanna is cáiliúla i Meiriceá ó thaobh oideachais agus peile – áit ag 88,000 sa bpáirc imeartha atá acu, Jordan-Hare Stadium. 

Ní hamháin gurbh é Neil a roghnaíodh as na trialacha sin, ach bhí sé féin ag imirt sa Jordan-Hare agus an áit lán sa 3ú cluiche den Pheil Mheiriceánach a chonaic sé riamh. 

B’aoibhinn leis an t-achar a chaith sé in Auburn, áit a raibh plúr na lúthchleasaithe ag cleachtadh spórtanna éagsúla. In aon áras cónaithe le Neil bhí an t-imreoir leadóige Drew Everett (deartháir le Chris a bhuaigh 18 mórchomórtas sa spórt sin) agus Clifford Outlin a raibh curiarracht an domhain sa rás 60m ina sheilbh. 

Murar chiceáil Neil O’Donoghue liathróid ubhchruthach na bponcánach go ndeachaigh sé go Auburn, níorbh shin le rá nach raibh sé ábalta port a bhaint as an gceann cruinn a chleacht sé le Cumann CLG an Chlogthí ina bhaile dúchais agus le Rangers, foireann sacair an cheantair. 

Ba le linn a óige a bhí an t-athrú ollmhór ag teacht ar Chluain Dolcáin. San achar sin bhí cathair Bhaile Átha Cliath ag tosaí ag leathnú amach agus ag slogadh na bpáirceanna glasa a bhí idir í agus na bruachbhailte. 

Tá Cumann an Chlogthí agus Cumann Lúthchleas Gael ar comhaois (1884), ach chuidigh an borradh tógála sna 1960idí agus 70idí go mór leo.  

Neil O’Donoghue le hiar-bhainisteoir ar fhoireann peile Átha Cliath, Jim Gavin. Pic: Tommy Keogh

Bhí Neil O’Donoghue agus a dheartháir Colí (a thug cúnamh ollmhór dom agus mé ag réiteach an cholúin in 2021) lárnach sa mborradh sin. Ar pháirceanna na himeartha ba léir ón tús go raibh luí faoi leith ag Neil leis an bpeil. Bhí sé ar fhoireann faoi 13 an Chlogthí ó bhí sé 8 mbliana d’aois.  

Diaidh ar ndiaidh, séasúr i ndiaidh séasúir, rinne sé féin agus a chomrádaithe a mbealach aníos as na ranna is ísle den chomórtas sin nó go dtáinig 1965 nuair a bhuaigh siad an Phríomh-Chraobh i 1965 i bPáirc an Chrócaigh.

Nuair a lainseáladh an podchraoladh a bhaineann lena shaol i gclubtheach an Chloghthí tráthnóna Dé Céadaoin seo caite, dúirt Neil go mba é sin fós an lá ba mhó ina shaol spóirt. 

Fágadh faoi Uachtarán an chumainn, Tommy Keogh, a rá ina dhiaidh go mba é Neil a fuair iomlán na scóranna a bhí ag a fhoireann 3-2. 

Mar mhionúr bhí sé ar fhoireann Átha Cliath 1971 le John McCarthy, Mick Hickey agus Mick Holden.  

Bhí Ruagairí na Seamróige i bhfad chun cinn ar fhoirne sacair eile na hÉireann ag an am agus iadsan iad féin sa tóir ar Ó Donnchú, a raibh cuid d’fhoirne Shasana ag tosaí á thabhairt faoi deara freisin. 

An bhliain a ndearna Neil an Ardteist bhí Coili ar ollscoil agus chaith seisean saoire an tsamhraidh ag obair in Alabama ar víosa J1. Ansiúd chas fear dó a bhí ag plé le plean sacair na hOllscoile, luaigh Coli a dheartháir agus d’eascair an scéal as sin. 

An rud ba mhó a ghríos mé nuair a thosaigh mé ag tochailt cúpla bliain ó shin gur luadh in áit éicint go raibh ceangal ag athair na beirte leis an Spidéal. Bhí go cinnte. 

I gCorcaigh a saolaíodh Mick O’Donoghue, ach ba i dteach a aintín Mary Murphy sa mBaile Ard ar an Spidéal a tógadh é – bhí sise pósta le Garda a bhí lonnaithe ansiúd.  

Cornelius a baisteadh mar ainm ar Neil ach ba ‘Corny’ a thugtaí air. B’in an leagan a bhí ag chuile dhuine i gCluain Dolcáin air an oíche faoi dheireadh áit a raibh an teach lán, na céadta tagtha chun ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí an chiceálaí agus chun a bheith i láthair ag seoladh an phodchraolta, ar fiú go mór éisteacht leis. 

Corny – The Last Irishman in the NFL is teideal dó siúd. Tá teacht air ar na hardáin mhóra podchraoltóireachta. 

Leagan den alt a scríobh sé ar Tuairisc bronnta ag an údar ar Neil O’Donoghue. Pic: Tommy Keogh

Fág freagra ar 'Neil O’Donoghue, an Gael deireanach san NFL'