‘An tríú cluiche a chonaic mé riamh, bhí mé ag imirt ann os comhair 80,000 duine’ – ón Spideál go dtí an NFL

Tá páirt mhór ag Conamara agus ag an Spidéal ag iarimreoir NFL amháin

‘An tríú cluiche a chonaic mé riamh, bhí mé ag imirt ann os comhair 80,000 duine’ – ón Spideál go dtí an NFL

Neil O'Donoghue ag imirt do na St Louis Cardinals san NFL

Níos deireanaí anocht imreofar Super Bowl LV sa Raymond James Stadium in Tampa Florida. 20 míle ó bhaile in Clearwater suífidh Neil O’Donoghue síos os comhair na teilifíse ag breathnú air mar a dhéanfaidh cuid mhaith eile againn. Beidh aon difríocht mhór amháin eadrainn – d’imir Neil san NFL, an tÉireannach dúchasach ba dheireanaí a rinne sin.

Gan amhras tiocfaidh a chuid laethanta imeartha féin (1977-1985) ar ais ina chuimhne – leis na Buffalo Bills, na Tampa Bay Buccaneers agus na St. Louis Cardinals.

Tá páirt mhór ag Conamara agus ag an Spidéal go háirithe sna cuimhní céanna sin mar go mba ansiúd a tógadh a athair, Mick O’Donoghue.

Tá scéal Mick, a thug aghaidh ar Bhaile Átha Cliath agus ar phost leis an gcomhlacht iarnróid Great Southern Railways sna 1930idí chomh suimiúil le scéal a mhic, mar a léifidh sibh ar ball beag.

“Is cinnte go mba é cumas lúthchleasaíochta m’athar agus a shuim i ngach cineál spórt a d’fhág mise ag siúl an bhóthair a shiúil mé,” a dúirt Neil O’Donoghue nuair a labhair sé liom ar an teileafóin as Florida Dé hAoine seo caite.

“Leis an bpeil Ghaelach agus leis an iománaíocht a thosaigh mé ag imirt le Cumann an Chlogthigh i gCluain Dolcáin, mé féin agus mo dheartháir Colí. Bhí m’athair an-sáite sa gcumann sin. Bhí mé ar fhoireann mhionúir Átha Cliath a bhuaigh Craobh Laighean i 1971 le John McCarthy, Mick Hickey agus Mick Holden.

“Bhí dearcadh an-liobrálach aige ar chúrsaí spóirt, ainneoin an méid a tharla dó féin. Ba chuma leis céard a d’imir tú ach a bheith páirteach i spórt. D’imir mise sacar, rud a thug isteach sa bPeil Mheiriceánach mé agus d’imir mé féin agus mo dheartháir Colí rugbaí freisin.”

An bhliain ar imir sé i mbabhta leathcheannais mionúir na hÉireann fuair Neil O’Donoghue áit ar fhoireann sacair Ruagairí na Seamróige, an club ab fhearr in Éirinn ag an am. Bhí suim ag Liverpool agus ag Ceiltigh Ghlaschú ann freisin, ach shocraigh sé glacadh le scoláireacht a thairg ollscoil bheag in Alabama dó.

Ní fada a bhí sé ansiúd nuair a chaith an coláiste céanna an sacar i leataobh, rud a chuir imní ar an bhfear óg go raibh deireadh an bhóthair sroichte aige. Ach ansin fuair sé scéala go raibh foireann Peil Mheiriceánach Ollscoil Auburn, a bhí gar do láthair, ar thóir ciceálaí dá bhfoireann. Iadsan ceann de na hollscoileanna peile is cáiliúla sna Státaí.

Cuireadh O’Donoghue ar a thriail agus fuair sé an job.

“Tá mé ag ceapadh gur dhá chluiche den Pheil Mheiriceánach a bhí feicthe go dtí sin agam,” a deir sé. “Ba mar imreoir agus os comhair 80,000 duine a chonaic mé an tríú ceann.”

Na deartháireacha Neil agus Coli O’Donoghue i Staid Jordan-Hare in Auburn, Alabama

Ach mar aon le bheith ábalta bhí sé meabhrach agus níor ghlac sé i bhfad air na scileanna riachtanacha a fhoghlaim. Sa mbliain 1976 chuir sé cic 57 slat thar an trasnán, an ceann is faide riamh roimhe ná ó shin i stair pheile Auburn. Roghnaíodh é mar ‘All American’ – foireann a roghnaítear ag deireadh an tséasúir, mar a dhéantar leis na All Stars anseo.

Ba é OJ Simpson an réalta mhór a bhí in Buffalo nuair a shínigh Neil O’Donoghue conradh leo go gairid ina dhiaidh agus d’imir sé freisin le St. Louis agus le Tampa, a chasfas ar na Kansas City Chiefs anocht i Super Bowl LV.

I gCorcaigh a saolaíodh a athair Mick O’Donoghue ach ba ar shráidbhaile an Spidéil a tógadh é – céad slat ón gcrosaire, ar Bhóthar Mhaigh Cuilinn, amach os comhair na háite a mbíodh Oifig an Phoist fadó.

Bhí muirín mhór i dteaghlach Uí Dhonnchú sa mbaile agus mar a tharlaíodh go minic i saol an lae sin, chuaigh Mick ag cónaí le aintín leis ar an Spidéal, Mary Murphy. Ní raibh aon chlann ar Mary ná ar a céile Paddy agus d’éirigh an buachaill óg aníos ar an gcuma chéanna lena chomhaoiseanna sa bparóiste – ag imirt peile agus iomána, ag snámh ag an Dumhach Mhór, ag iascaireacht ronnachaí ar na céibheanna agus ar ndóigh ag Gaeilgeoireacht.

Bhí uncail leis agus deartháir le Mary a raibh Colí mar ainm air sa teach freisin, eisean ag múineadh i Scoil Náisiúnta an Spidéil.

“Colí na Scoile a thugaidís air agus is ina dhiaidh atá mé féin baistithe,” a deir an mac eile a bhí ag Mick O’Donoghue liom as Baile Átha Cliath an tseachtain seo. “Nuair a bhí mé féin agus Neil óg, ba ar an Spidéal a chaitheadh muid beagnach chuile shamhradh. Thagadh ár máthair in éindí linn agus ansin thiocfadh m’athair ar feadh coicíse, nó pé fad laethanta saoire a bhíodh aige féin.

“Bhásaigh m’athair go hóg i 1968 agus chuaigh m’aintín ar Shlí na Fírinne go gairid ina dhiaidh, ach níor stop ár gcuairteanna leis sin. Go dtí an lá atá inniu ann féin nuair a thagann Neil abhaile, ní bhíonn sé i bhfad anseo nuair a déarfas sé……. ‘meas tú nach bhfuil sé in am cuairt a thabhairt siar?’. Tá luí faoi leith againn leis an Spidéal agus beidh go deo, mar gheall ar m’athair.”

Mick O’Donoghue agus a bhean, Mary, ar thrá an Spidéil sna 1960idí

Ní nach ionadh ba leis an gcluiche a chleacht sé agus é ina ghasúr a chloígh Mick O’Donoghue nuair a chuaigh sé go Baile Átha Cliath ag obair agus gan ann ach go raibh an scoil fágtha aige. Chláraigh sé le cumann iomána a raibh Banba mar ainm air.

Ag an am ba iad na ‘Cluichí Gallda’ a bhí chun cinn i gcuid de chomhlachtaí móra na príomhchathrach agus bhí Great Western Railways ar cheann acu. Ansiúd ba mhinic a iarradh ar Mick seans a thabhairt don haca, ach níor bhac sé leis gur cuireadh i dteannta é – ruaig den fhliú a bhí san áit a d’fhág go raibh sé ag dul rite leo foireann a chur chun páirce. D’imir sé go maith agus níorbh fhada go raibh áit bhuan aige mar lánchúlaí. I rith an ama choinnigh sé air ag iománaíocht le Bamba.

Ag an am bhí Riail 27 agus an ‘Bac’ i bhfeidhm ag Cumann Lúthchleas Gael. Ba ghearr gur thugadar siúd é sin faoi deara agus tugadh Mick os comhair an Choiste Forairdill, áit ar cuireadh ceist air an raibh aon mhíniú aige ar a chuid iompair.

Bhí, trí leathanach ar fad agus chuile fhocal beo de ghlan na Gaeilge, teanga nach raibh máistreacht dá laghad ag lucht a chúisithe uirthi. Iarradh air Béarla a labhairt, ach dhiúltaigh sé.

Caitheadh amach an cás. ‘The Three Wise Nationalist Men’ an cheannlíne a bhí i nuachtán lá arna mhárach!

Litir faoi chás Mick O’Donoghue a scíobhadh chuig nuachtán agus pictiúr dó (an dara duine ar chlé sa líne láir) ar fhoireann haca na hÉireann

Is iomaí duine a thug cúl don Chumann Lúthchleas Gael mar gheall ar a leithéid d’eachtra, ach bhí dearcadh i bhfad níos oscailte ar an saol ag Mick O’Donoghue ná a bhí acu siúd agus ag lucht a chúisithe.

Ní hamháin gur lean sé air ag imirt haca ach bhain sé áit amach ar fhoireann na hÉireann agus b’iomaí cluiche a d’imir sé dóibh. Agus é éirithe as an imirt bhí sé gníomhach i gcúrsaí riaracháin agus sa mbliain 1953 toghadh é mar Uachtarán ar Chumann Haca na hÉireann – an chéad Chaitliceach riamh a raibh an post sin aige.

Deir Colí go raibh grá ag a athair do chuile spórt.

“Is cuimhin liom é a bheith ag éisteacht le tráchtaireacht ar bhabhta ceannais an 1,500m ag na Cluichí Oilimpeacha i 1956 agus mé i mo pháiste ina ucht aige. Nuair a thrasnaigh Ronnie Delaney an líne chaith sé suas san aer mé. Bhí geábh eile i bhfad níos deireanaí ná sin agus mé ag dul a chodladh i lár an mheán oíche nuair a chuala mé torann sórt aisteach ag teacht amach as a sheomra codlata. D’oscail mé an doras féachaint an raibh sé ceart go leor – ina shuí suas sa leaba ag éisteacht le tráchtaireacht ar chluiche cruicéid idir an Astráil agus Sasana a bhí sé.”

Fág freagra ar '‘An tríú cluiche a chonaic mé riamh, bhí mé ag imirt ann os comhair 80,000 duine’ – ón Spideál go dtí an NFL'

  • Liam Ó Maolaodha

    Píosa deas agat a Mhártan, bail ó Dhia ort. Bhí sé de phribhléid agam imirt le Neil (Corny a thug muidne air i gcónaí) nuair a bhíomar ar fad i bhfad níos óga. Bhí sé gar go maith don sé troigh nuair a bhíomar faoi 13 bl. Bhí a athair, beannacht Dé leis, mar mhaor ar cluiche s”againne an lá sular chailleadh é.