‘Neamart córasach’ ba chúis le comharthaí sláinte i mBéarla amháin i gcathair na Gaillimhe

Rinneadh gearán leis an gCoimsinéir Teanga faoi bhreis is 12 comhlacht poiblí maidir le comharthaí sláinte poiblí i mBéarla amháin a bheith crochta, ach ba í Comhairle Cathrach na Gaillimhe an t-aon dream nár thángthas ar réiteach neamhfhoirmiúil leo

‘Neamart córasach’ ba chúis le comharthaí sláinte i mBéarla amháin i gcathair na Gaillimhe

“Neamart córasach” agus ní géarchéim “nár tharla riamh cheana” ba chúis le teip Chomhairle Cathrach na Gaillimhe comharthaí sláinte poiblí i nGaeilge a chur in airde le linn na paindéime.

Is é sin breithiúnas an Choimisinéara Teanga Rónán Ó Domhnaill i ndiaidh dó imscrúdú a dhéanamh faoi fhaillí na Comhairle Cathrach ina dualgais reachtúla i leith na Gaeilge.

Idir Márta 2020 agus deireadh na bliana sin, rinneadh gearán leis an gCoimsinéir Teanga faoi bhreis is 12 comhlacht poiblí maidir le comharthaí sláinte poiblí i mBéarla amháin a bheith crochta, ach ba í Comhairle Cathrach na Gaillimhe an t-aon dream nár thángthas ar réiteach neamhfhoirmiúil leo.

Dá bharr sin, b’éigean don Choimisinéir Teanga tús a chur le himscrúdú.

Ina thuarascáil bhliantúil 2020, a foilsíodh inniu, deir an Coimisinéir nár cuireadh ar fáil don imscrúdú sin “aon fhianaise” go raibh a ndualgas teanga “ag déanamh scime don Chomhairle Cathrach”.

“Rinneadh dearmad comharthaí dátheangacha a chur in airde. Neamart córasach i gcleachtais riaracháin na Comhairle Cathrach fad is a bhaineann sé le reachtaíocht teanga ba bhunchúis leis an teip,” a deirtear.

Deir an Coimisinéir gur chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe comharthaí i mBéarla amháin in airde in ainneoin gurbh í an Chomhairle féin a d’fhógair go raibh an chathair ina cathair dhátheangach.

Ghlac an Chomhairle Cathrach leis ar deireadh go raibh “bearnaí do-ghlactha… i gcleachtais chumarsáide laethúla” na heagraíochta a d’fhág gur theip orthu comharthaí Gaeilge a chur in airde. Thugadar le fios don Choimisinéir Teanga go raibh “bearta á gcur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis na laigí ina cultúr oibriúcháin”.

Sa chéad fhreagra a chuir siad ar fáil don imscrúdú, ghlac Comhairle Cathrach na Gaillimhe leis go ndearna sí neamhaird den riachtanas comharthaí a chur in airde i nGaeilge nó i Gaeilge agus i mBéarla agus nár comhlíonadh an dualgas reachtúil sa chás.

D’iarr lucht na Comhairle ar an gCoimisinéir Teanga, áfach, go gcuirfí san áireamh gur sháraigh sí a dualgas tráth a rabhadar “ag oibriú faoi chúinsí nár tharla riamh cheana i lár phaindéim dhomhanda shláinte a raibh mar thoradh uirthi go raibh ar chéatadán suntasach dár bhfoireann cianoibriú ar dhóigh bainistithe géarchéime”.

I mí Iúil 2020, rinneadh gearán le hOifig an Choimisinéara Teanga faoi líon an-mhór comharthaí i mBéarla amháin a bheith curtha in airde ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar fud na cathrach. Bhain na comharthaí sin le gnéithe éagsúla den ghéarchéim sláinte phoiblí, comhairle sláinte, treoracha, an scaradh sóisialta agus fógraí faoi áiseanna poiblí a bheith dúnta.

Fág freagra ar '‘Neamart córasach’ ba chúis le comharthaí sláinte i mBéarla amháin i gcathair na Gaillimhe'