Nasc tábhachtach i scéal na Gaeilge in Ard Mhacha briste le bás Mháire Bean Uí Ádhmaill

Rugadh Máire Ní Ghormáin i gceantar na bhFál i mBéal Feirste i 1923 agus thug sí a saol ag saothrú ar son na Gaeilge

Nasc tábhachtach i scéal na Gaeilge in Ard Mhacha briste le bás Mháire Bean Uí Ádhmaill

Máire agus Pádaí Ó hÁdhmaill

Briseadh nasc tábhachtach i scéal na Gaeilge i gcathair Ard Mhacha le bás Mháire Bean Uí Ádhmaill.

Bhí sí ar an duine deireanach de ghlúin a choinnigh an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach beo sa chathair ar feadh na mblianta sa chéad seo caite.

Bean mhisniúil ab í agus ba ghá misneach faoi sheanrialtas Stormont a raibh drochmheas amach is amach ar an Ghaeilge acu.

Bhí Máire agus a fear céile Padaí (nach maireann) iontach gníomhach i gComhaltas Uladh, mar a bhíodh ar an Chonradh i gCúige Uladh agus thóg siad a gcúigear clainne le Gaeilge.

Rugadh Máire Ní Ghormáin i gceantar na bhFál i mBéal Feirste i 1923, agus duine de sheachtar clainne ab ea í le Eddie agus Maud (née Maginess) Gorman. Fuair sí a cuid oideachais in Ardscoil Naomh Doiminic agus i gColáiste Oiliúna Naoimh Muire sa chathair. Chuir sí suim sa Ghaeilge ó bhí sí ar scoil. I ndiaidh di cáiliú mar mhúinteoir bunscoile, chaith sí tamall ag teagasc ina cathair dhúchais. Ba ar chúrsa Gaeltachta i Rann na Feirste a casadh Padaí Ó hÁdhmaill, múinteoir as Ard Mhacha, uirthi.

Thug sí bua an spóirt óna hathair, a bhíodh ar fhoirne peile agus iomána Aontroma agus a bhí ar an fhoireann peile a fuair an bua ar Chiarraí i gcluiche leathcheannais na hÉireann i 1912. D’imir Máire féin camógaíocht don chontae agus sí ar fhoireann Aontroma a bhuaigh Craobh na hÉireann den chéad uair i 1945. Trí bliana ó shin, bhronn sí a bonn uile-Éireann sí ar Chumann Lúthchleas Gael, le go mbeadh sé ar taispeáint i mBéal Feirste. Chuir sí spéis sa spórt ar feadh a saoil agus thosaigh sí ag imirt gailf agus í thart ar 50. Bhí cumhacht sna slinneáin aici agus bhí sí ábalta buille láidir a thabhairt don liathróid agus í a chur as radharc.

Tráth a mbíodh na mná ina gcomhaltaí den dara grád sna clubanna gailf, níor ghlac sí leis an stádas sin agus d’íocadh sí síntiús níos airde chun go mbeadh cearta iomlána aici. Dar léi gur ghlac Coiste na mBan sa Chlub Gailf go ró-réidh lena stádas. D’fhaigheadh sí a ceart achan Lá na mBan, mar a gcuireadh sí an ruaig ar fhear ar bith a d’fheiceadh sí ar an ghalfchúrsa. 

Bhí sí páirteach i nGluaiseacht na gCearta Sibhialta ag deireadh na 1960idí. Nuair a cuireadh an SDLP ar bun, chláraigh sí leis an pháirtí agus bhí sí seal ar Choiste Gnó an Pháirtí. Lean sí leis an pholaitíocht go dtí go raibh sí amach sna blianta.

Bhí aithne uirthi mar dhuine díreach macánta nach raibh aon dúil aici sa bhunaíocht.

Bhuail néaltrú í tamall ó shin. Sa teach altranais, labhraíodh sí Gaeilge leis an uile dhuine. Bhí foireann mheasctha ag obair ann, idir Chaitlicigh, Phrotastúnaigh, agus daoine de bhunadh oirthear na hEorpa agus d’fhoghlaim siad uilig cúpla focal uaithi.

Maireann a hiníonacha Fionnuala, Brighdín agus Úna: a mic Cormac agus Pádraig: a deirfiúr Deirdre: agus a deartháireacha Aidan agus Conn. 

Pic: lena fear céile lá a mbainise. Le caoinchead chlann Hamill.

Fág freagra ar 'Nasc tábhachtach i scéal na Gaeilge in Ard Mhacha briste le bás Mháire Bean Uí Ádhmaill'

  • Niall Comer

    Suaimhneas síoraí agus comhbhrón ó chroí lena muintir ar fad.