Naomh Anna agus Bhulf Tón ina máistrí, údar díomá do Bhéal an Mhuirthead agus conspóid i dTír Chonaill

Caitear súil siar anseo ar chúrsaí CLG i nGaeltacht na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Dhún na nGall agus na Mí in 2021

Naomh Anna agus Bhulf Tón ina máistrí, údar díomá do Bhéal an Mhuirthead agus conspóid i dTír Chonaill

Gaillimh

Bhí ábhar ceiliúrtha ag foirne as Conamara i gcraobhacha idirmheánacha peile agus iomána na Gaillimhe i mbliana agus na comórtais sin buaite ag peileadóirí Naomh Anna agus iománaithe Mhaigh Cuilinn.

Níor éirigh le Maigh Cuilinn an Chraobh Shinsir Peile a bhuaigh siad den chéad uair riamh in 2020 a bhuachan arís i mbliana ach beidh na hiománaithe ar ais sa phríomhghrád i nGaillimh a bhuiochas dá mbua. Aisteach go leor, d’éirigh le Maigh Cuilinn i gcluiche ceannais an chontae cúpla mí tar éis dóibh ceann eile a chailliúint.

D’fhág an Covid-19 nár imríodh cluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Iomána 2020 go dtí mí Lúnasa 2021. Níorbh fhiú an fanacht do Mhaigh Cuilinn, áfach, agus thug Cill Chon Iarainn greadadh dóibh nuair a imríodh an cluiche faoi dheireadh. D’éirigh le fir na Gaeltachta cluiche ceannais na bliana seo a bhaint amach arís agus bua drámatúil acu in aghaidh Chill Íomair. Ba é Niall Mannion an laoch agus cúl cinniúnach faighte aige leis an mbuille deireanach. Chaill Maigh Cuilinn i gcluiche ceannais Chonnacht in aghaidh an Tuairín ach ní chuirfidh sé sin as móran dóibh faoi Nollaig.

Tá deis ag peileadóirí Naomh Anna, Leitir Móir Craobh Chonnacht a thabhairt leo freisin sa bhliain nua agus cluiche in aghaidh Naomh Fhlaitheach as Ros Comáin beartaithe luath sa bhliain nua.

Bhain fir Cheantar na nOileán áit amach sa chomórtas cúige mí na Samhna nuair a bhuaigh siad Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe den tríú huair riamh. Fuair siad an ceann is fearr ar an Dún Mór sa chluiche ceannais a bhuíochas don ógánach Warren Seoige a fuair cúilín an bhua agus an t-am nach mór caite.

Léirigh Naomh Anna an teacht aniar atá iontu níos mó ná uair amháin i rith na craoibhe. Bhí bua seacht bpointe ar Mhicheál Breathnach ag teastáil chun go dtiocfadh siad slán ón ngrúpa agus d’éirigh leo sin a bhaint amach. Bhí orthu teacht ar ais in aghaidh Oileáin Árann sna babhtaí leathcheannais den chraobh chomh maith agus d’éirigh leo na hoileánaigh a dhíbirt faoi dheireadh.

Buaileadh Micheál Breathnach roimhe sin sa chraobh nuair a theip orthu in aghaidh Naomh Breandán sna babhtaí ceathrú ceannais, ach bhí dea-scéal ag na Breathnaigh ag deireadh na bliana agus Craobh Faoi 19 B na Gaillimhe buaite ag peileadóirí an chumainn.

Sa Chraobh Shinsir Peile, bhuaigh An Creagán/Maigh Locha ar Mhaigh Cuilinn sna babhtaí leathcheannais agus ba iad na babhtaí dícháilithe a bhí i ndán d’fhoirne eile Chonamara. Bhuaigh An Cheathrú Rua ar Bhearna i gcluiche leathcheannais dícháilithe ach d’éirigh le fir Bhearna an ceann is fearr a fháil ar Sheamróga Chortúin sa chluiche ceannais dícháilithe. Bhí An Spidéal tar éis na Seamróga a chloí sa bhabhta roimhe sin chun fanacht sa Chraobh Shinsir Peile agus tá iománaithe an Spidéil fós sa Chraobh Idirmheánach Iomána tar éis dóibh Baile Átha an Rí a bhualadh i gcluiche dícháilithe.

Bhí údar ceiliúrtha ag mná an Spidéil, an comórtas sraithe acu ina gcéad bhliain ar ais agus roinnt blianta caite ag an gcumann gan aon fhoireann ban.

Bhuaigh mná Naomh Anna an chraobh an lá céanna ar bhuaigh fir an chumainn craobh an chontae agus d’éirigh leo fanacht slán sa Chraobh Shinsir ina gcéad bhliain inti. Shroich mná Mhaigh Cuilinn babhtaí leathcheannais na Craoibhe Sinsir ach bhuaigh Cill Chóirín/Cluain Bheirn orthu.

Maigh Eo

Is beag duine a chreid ag tús na bliana go mbeadh Béal an Mhuirthead i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Mhaigh Eo 2021 ach b’in a tharla. Cé nár éirigh le fir Iorrais sa chluiche ceannais in aghaidh an Chnoic Mhóir, ba cheart go ndéanfaí ceiliúradh ar an ngaisce a rinne Béal an Mhuirthead agus dul chomh fada sin sa chomórtas. Níl dabht ach go raibh bliain den scoth ag an gcumann.

Bhuadar ar an gCnoc Mór, seaimpíní 2020, ag tús na craoibhe agus chuadar ar aghaidh gur sháraíodhar Bréachmhaigh agus Cathair na Mart sna babhtaí díbeartha. Bhí cosaint láidir ag an bhfoireann ach ba é Ryan O’Donoghue réalta na foirne agus gaiscí scórála déanta aige arís agus arís eile. Cosúil le go leor eile i ngeansaithe Bhéal an Mhuirthead, coinníodh O’Donoghue ciúin go maith sa chluiche ceannais, faraor, ach tá fir na Gaeltachta fós ag fanacht ar Chraobh Shinsir Peile Mhaigh Eo a bhuachan den chéad uair riamh.

Béal an Mhuirthead an t-aon fhoireann Ghaeltachta a bheidh ag imirt sa Chraobh Shinsir an bhliain seo chugainn tar éis do Chill tSéadhna dul síos go dtí an grád idirmheánach. Chaill siad cluiche ceannais dícháilithe in aghaidh Bhalla mí na Samhna.

Chaill cumann eile as Gaeltacht Iorrais, Cill Chomáin, amach ar áit sa Chraobh Idirmheánach nuair a chaill siad cluiche ceannais Chraobh Shóisir an chontae in aghaidh Chill Mhíona.

An Mhí

Bhí bliain iontach ag peileadóirí Bhulf Tón i gcontae na Mí agus Craobh Shinsir Peile an chontae tugtha leo acu den dara huair riamh. Fuair fir Bhaile Ghib an ceann is fearr ar Naomh Peadar, Dún Búinne sa chluiche ceannais ag tús na míosa seo caite, toradh nach raibh mórán ag súil leis. Ba é an cúl a scóráil Saran Ó Fionnagáin luath sa chluiche ceannais cúl na cinniúna.

Seans nach mbeadh an chraobh tugtha leo ag Bhulf Tón gan an seanfhondúir Cian Ward, fear a bhí ag imirt nuair a bhuaigh an cumann Craobh na Mí den chéad uair in 2006. Thug sé fíorthaispeántas sa chluiche leathcheannais nuair a bhuaigh Bhulf Tón ar sheaimpíní 2020, Ráth Tó, ach saothar foirne a bhí i mbua Bhulf Tón. Bhí Cill Mochuda rómhaith dóibh i gCraobh Laighean ach bhí a gcuid déanta ag fir na Gaeltachta roimhe sin.

Níor éirigh chomh maith céanna le hiománaithe Bhulf Tón agus iad díbeartha ón gCraobh Shinsir nuair a theip orthu aon cheann de na cúig chluiche a bhí acu i nGrúpa B a bhuachan. Bhuaigh Clann na nGall dhá chluiche sa ghrúpa céanna ach fós níor leor é le dul ar aghaidh sa chomórtas.

Sa Chraobh Idirmheánach Peile, d’éirigh le Clann na nGael teacht slán ó Ghrúpa B tar éis dóibh dhá chluiche as trí cinn a bhuachan ach fuair Baile an Bháitéaraigh an ceann is fearr orthu sna babhtaí díbeartha.

Dún na nGall

Tá 2022 ag teannadh linn ach tá amhras fós ann i nDún na nGall maidir le buaiteoir Chraobh Shinsir Peile an chontae in 2020. Tar éis don chluiche ceannais a bheith curtha siar go dtí i mbliana de bharr Covid-19, bhuaigh Naomh Conaill ar Chill Charthaigh le ciceanna éirice mí Lúnasa. Níorbh é sin deireadh an scéil, áfach, mar rinne Cill Charthaigh achomharc toisc gur thug Naomh Conaill an iomarca fear ionaid chun páirce. Tá deireadh tagtha le Craobh 2021 ó shin ach níl cinneadh déanta faoi chomórtas na bliana seo caite go fóill.

Chas Naomh Conaill agus Cill Charthaigh ar a chéile i mbabhtaí leathcheannais na craoibhe i mbliana agus fir na nGleanntach a bhí buacach i gcluiche crua. Bhí Naomh Conaill mar rogha láidir na coitiantachta don chluiche ceannais, go háirithe tar éis dóibh an ceann is fearr ar Ghaoth Dobhair freisin i gcluiche ceathrú ceannais, ach tháinig Naomh Adhamhnáin aniar aduaidh ar chách chun Corn Mhig Uidhir a bhuachan den chéad uair ó 2014.

Ar an taobh eile den scéal, is sa Chraobh Idirmheánach a bheidh An Tearmann ag imirt an bhliain seo chugainn tar éis dóibh cluiche ceannais dícháilithe in aghaidh Bhun Dobhráin a chailliúint mí na Samhna. Bhí Gleann Fhinne agus Ard an Rátha i measc na bhfoirne Gaeltachta eile a bhí i mbaol a ndícháilithe ach d’éirigh leo teacht slán.

Ag dul sa treo eile tá Cloich Cheann Fhaola, a bhuaigh Craobh Idirmheánach Thír Chonaill den cheathrú huair. Chaill fir an Fháil Charraigh cluichí ceannais in 2019 agus 2020 agus bhí droch-chuma orthu arís i mbliana nuair a bhí siad seacht bpointe chun deiridh agus ceathrú uaire fágtha in aghaidh an Chlocháin Léith. D’aimsigh Cloich Cheann Fhaola trí chúl in achar gairid, áfach, agus ba cheart, i ndáiríre, go mbeadh an cluiche buaite acu. Comhscór a bhí ann ach rinne siad an beart faoi dheireadh sa chluiche athimeartha. Ba é cúl Blake McGarvey leath bealaigh tríd an dara leath a chinntigh an bua do Chloich Cheann Fhaola agus áit arís acu sa Chraobh Shinsir.

Beidh Naomh Columba agus Gaeil Fhánada i measc na gcumann Gaeltachta a bheidh ag iarraidh an Chraobh Idirmheánach a thabhairt leo an bhliain seo chugainn. Bhain Naomh Columba an babhta leathcheannais amach agus Gaeil Fhánada an babhta ceathrú ceannais amach i mbliana agus beidh Na Dúnaibh leo sa chraobh tar éis don chumann Craobh Shóisir Dhún na nGall a bhuachan den tríú huair le blianta beaga anuas. Chuaigh na Dúnaibh chomh fada le cluiche ceannais Uladh ach bhuaigh seaimpíní an Chabháin, Deinn, i mbéal na Nollag.

I gCraobh Shinsir Peile na mBan i nDún na nGall, is iad Gleann Fhinne a thug leo an corn arís nuair a bhuail siad An Tearmann i gceann de na coimhlintí is géire a bhí sa chontae i mbliana. Bhí am breise ag teastáil chun na foirne a scaradh óna chéile ach bhuaigh Gleann Fhinne le dhá phointe faoi dheireadh, 1-23 in aghaidh 2-18. Scóráil Yvonne Bonner 1-9 do Ghleann Fhinne agus fuair Geraldine McLaughlin 1-16 don Tearmann.

Fág freagra ar 'Naomh Anna agus Bhulf Tón ina máistrí, údar díomá do Bhéal an Mhuirthead agus conspóid i dTír Chonaill'