Nach mé a bhí sásta filleadh ar Mheice na nGael tar éis cuibhriú cúig ráithe!

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: La Scala na báire tráthnóna breá samhraidh buillí na fuinseoige an ceol a d’ardaigh an croí

Nach mé a bhí sásta filleadh ar Mheice na nGael tar éis cuibhriú cúig ráithe!

Gamhainín a scaoilfí as cró an gheimhridh amach sa móinéar ní bheadh a leath oiread macnais air agus a bhí ormsa tar éis cuibhriú cúig ráithe agus gan feicthe d’fhairsinge ná de ghlaise agam ach corrchoirnéilín i bhfad uaim ó bharr cnoic.

Nach beag an t-iontas go raibh mo dhá shúil leata agus m’aghaidh soir ar an Eachréidh ar mo bhealach go Meice na nGael ar bhruach na Canálach Ríoga i bpríomhchathair na tíre. Iontas mór eile a bhí romham ansin – teaspach is grian agus is mise a bheannaigh di go hurramach agus d’impigh mé uirthi corrsciurd a thabhairt siar chugainn.

I La Scala na báire tráthnóna breá samhraidh buillí na fuinseoige an ceol a d’ardaigh an croí agus mná an iarthair ag iarraidh cait na naoi saol a cheansú, gan ceachtar foireann buailte ó thús an sraithe i mbliana.

Cluiche ceannais na sraithe Dé Domhnaigh agus cead arís ag lucht tacaíochta i bPáirc an Chrócaigh.

Loinnir sa bhféar glas, maoir is lucht slándála suáilceach oibleagáideach agus fíorchúramach faoi chúrsaí sláinte is sábháilteachta.

Aitheantas, ómós is buíochas dá ndaoine gaoil is tacaíochta, tiománaithe is ceannaitheoirí sliotar is feisteas le blianta, go raibh siad scaipthe go tanaí sábháilte thart ar fud na n-ardán don ócáid mhór seo.

Ar a laghad a locht ach aon gháir mholta, ugaigh nó comhairle a ligeadar ní baol nár cloiseadh iad. Gach aon Carrie, Niamh, Denise is Mary ag cur ola faoi ioscaidí na mban óg ar an bpáirc agus á saighdeadh le mórtas pobail is muintire. Mná óga atá inniu ag obair ar a lá pá agus gan aon chasaoid acu faoi éiric na coimhlinte.

Ní mé arbh é an siorradh láidir gaoithe a chuidigh le mná na Gaillimhe sa gcéad leath cé nach raibh aon teannas ná aon chomórtas ródhian le brath agus an focal ‘leamh’ ó chorrdhuine i mo thimpeall.

Ní fhaigeann minic onóir a bhí fonn orm a rá leosan. Dhá chúilín a bhí le spáráil ag Gaillimh ag leatham, is mairg a lochtódh iad.

Ach is deacair cleas an chait a fhoghlaim agus pé deochaín bhainne a bhí ag Brian Dowling do mhná Chill Chainnigh bhí tine ar a gcraiceann ag teacht amach agus taobh istigh de dheich nóiméad bhíodar coinnithe le Gaillimh.

Ceithre nóiméad d’am breise a d’fhág Cill Chainnigh trí chúilín chun cinn, 1-18 in aghaidh 1-15.

Sraith na hÉireann sciobtha ó dheas cois Feoire le comhluadar a choinneáil le Corn Uí Dhufaigh Chraobh na hÉireann a bhuadar ar Ghaillimh faoi Nollaig. Níl an cath seo caillte uilig fós mar tá Gaillimh agus Cill Chainnigh sa ngrúpa céanna sa gcraobh chamógaíochta.

Lá dár saol, cruthúnas gur beo fós ár spiorad agus údar misnigh is dóchais go gcloífidh an eolaíocht an aicíd agus go dtabharfaidh lucht spóirt is aclaíochta údar ceiliúrtha dúinn arís.

D’ainneoin íocshláinte na gcamóg, mise á rá leat gur gearr gur bhain Sráid Uí Chonaill an spleodar sin díom. Bonn mo bhróige ag gabháil i bhfostú sna leacracha a ghoin m’aire gur bhreathnaigh mé fúm.

Draoibeáilte, salach, smeartha a bhí an cosán, d’fhéadfainn tráchtas a scríobh ar bhia lucht na cathrach mar ina mhúisc scaipthe faoi mo chosa a bhí cuid mhaith de.

Is léir go bhfuil pobal na cathrach ag cloí le comhairle an Rialtais agus ‘samhradh faoin aer’ á chaitheamh acu.

Teach ósta galánta Toddy Byrne agus lán carr asail buidéal, cannaí is brocamas in aghaidh an dorais dúnta. Teach ina mbíodh lucht na cánach agus a chac fágtha mar íocaíocht ag duine éigin sa doras. Ag ‘Clery’s Quarter’ bhí beirt bhan de na hoibrithe riachtanacha sin a mbíodh muid ag bualadh bos dóibh bliain ó shin agus iad ag díghalrú proibithe poiblí atá feistithe ansin. Le balla lena n-ais a bhí fear ag fual, bíodh sin le leisce a ghabháil isteach nó le mórtas as a steall. Bhí an tsráid lán le gasúir bheaga a bhí ag screadach le codladh is tuirse agus gan an fón cliste a bhí mar bhréagán acu á mbréagadh níos mó ach iad ag impí ar a muintir a ghabháil abhaile.

Chuala mé urlabhraí na n-óstán an lá cheana ag impí ar Ghaeil turas a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath mar nach raibh lucht na saoire baile ag taobhachtáil na príomhchathrach agus go raibh 90% de na leapacha folamh ansin. Is fánach air muis.

Nach orainn atá an t-ádh go bhfuil clubanna, oiliúnóirí agus daoine óga againn a fhaigheann deiseanna agus atá sásta oícheanta fada geimhridh a chaitheamh sa bpuiteach le hardú croí agus meanma a thabhairt dúinne nuair a chorraímid den chathaoir mhór?

Mo ghraidhin go deo sibh agus gura fada sona sláintiúil bhur saol.

Fág freagra ar 'Nach mé a bhí sásta filleadh ar Mheice na nGael tar éis cuibhriú cúig ráithe!'

  • Pádraic

    Bainim sult i gcónaí as altanna Mháire a bhíonn scríofa i nGaeilge bhreá shaibhir chraicneach. Níl a sárú le fáil. Gura fada buan thú, a Mháire!