Nach é Raiftearaí file, an fear bocht, lán dóchais is grá, tamall, ach anois ‘droim le balla, a’ seinm cheoil do phócaí folmha’ a bheadh sásta leis na moltaí breátha maidir le feabhas a chur ar shaol an ‘ealaíontóra thraidisiúnta’ a chualamar le déanaí.
Is é a tháinig chun cuimhne chugam, gan trácht ar na daoine breátha saonta a chaitheann a saol ag adhradh ar altóir an dóchais…dóchas go bhfaighidh siad ‘cuireadh chun ceoil’ is luach saothair fiúntach, nach ar an gcaolchuid a bheidh siad síoraí seasta, nó a’ déircínteacht go Lá an Luain, go bhféacha Dia orainn.
Ag léacht a thug sé mar chuid den tsraith ‘Notes and Narratives’ i seomra Na Píobairí Uilleann, Sráid Henrietta i mBaile Átha Cliath, agus a d’fhoilsigh sé ina dhiaidh san iris ar líne The Journal of Music, arb eisean an t-eagarthóir, chuir Toner Quinn veidhleadóir ladhair moltaí fénár mbráid, ar a mbaist sé ‘Impossible ideas’.
Tugann sé impossible orthu toisc iad a bheith dúshlánach, a deir sé, ach chomh maith, is mó gníomh a ceapadh a bheith ‘dodhéanta’ tamall de bhlianta ó shin, agus nach amhlaidh atá in aon chor anois, a deir sé.
Bunráta pá a bheith ar fáil do cheoltóirí a chaitheann a saol i mbun a gceirde.
Scéim phíolótach ar ndóigh agus gan ach glactha isteach uirthi ach dornán.
Nach é saol an mhadaidh bháin a bheadh ag ár gcara fileata Antoine ag imeacht ar fuaid na dúthaí. Níor ghá dó cur suas le ‘pátrúin’ nár thaitin leis.
D’fhéadfadh sé a rogha fhéin a bheith aige anois is arís. Ní beag san!
Moladh eile, láthair cheoil a bheith i ngach paróiste nó baile nó cathair in Éirinn, áit ina mbeadh teacht ag daoine ar áiseanna ceoil, idir cheachtanna, choirmeacha agus imeachtaí dá sórt. Áit a thabharfadh pobal daoine le chéile.
Nach iad ceoltóirí is amhránaithe traidisiúnta a bheadh sásta dá mbeadh a fhios acu cén sórt táille a bheadh a’ dul dóibh agus ceolchoirm nó seisiún á dhéanamh acu? Go mbeadh a fhios acu go raibh luach saothair macánta á thairiscint dóibh seachas a bheith ar brath air ‘fhlaithiúlacht’ fhear nó bean a tí.
Is mó uair im thaithí fhéin ná mór go mbeadh sé ina bhruíon ag deireadh na hoíche agus bligeardaíocht á déanamh ar cheoltóirí, gan luach a saothair á thabhairt dóibh.
Beag an baol ná go raibh an deacracht chéanna ag Raiftearaí bocht agus a rá gur scrígh sé dán chomh cumhachtach truamhéalach mar gheall air.
An réabhlóid mhíréasúnta é go mbeadh bunráta féaráilte ar fáil do cheolchoirmeacha, do cheardlanna, seisiúin, obair raidió nó teilifíse?
Níl an fhadhb san ag lucht ceolfhoirne clasaiceacha mar tá ceardchumann acu.
Canathaobh ná fuil a leithéid ag ceoltóirí traidisiúnta?
Nárbh iontach an ní é, uirlisí ceoil is ceachtanna a bheith ar fáil do gach leanbh i mbunscoileanna na tíre. Bunchloch chruthaitheachta a leagadh síos. Sin moladh fiúntach eile ag Toner Quinn.
Cáil idirnáisiúnta ar cheol traidisiúnta na hÉireann, conas nach bhfuil Ceannasaí ceoil ceaptha in RTÉ ná i TG4, eagraíochtaí atá chomh tábhachtach san ó thaobh cur chun cinn chultúr na tíre?
Tá éacht á dhéanamh aige TG4, ní mór a rá, as ardán agus gradam a thabhairt do cheoltóirí is amhránaithe na tíre.
Cláracha den scoth idir shean is nua acu gach tráthnóna Domhnaigh fé láthair. Ar aon dul nach mór leis an “ardán ceoil” a thugann BBC 2 do gach sórt, tráthnóna Dé Sathairn, ar thrian, nó an ceathrú cuid b’fhéidir, den mbuiséad, bí cinnte de.
Canathaobh ná tugann AOSDÁNA bheith istigh do níos mó ceoltóirí traidisiúnta?
An tábhachtaí an peann ná an tsreang?
Conas nach bhfuil leithéidí Gael Linn is Ceirníní Cladaigh a’ déanamh taifead níos mó ar amhránaithe ná ar cheol traidisiúnta? An bhfuil an ré órga san scaoilte le sruth?
Fé láthair tá Aire Rialtais samhlaíoch cruthaitheach againn agus Catherine Martin i mbun Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Turasóireacht, Spórt is na Meáin.
Duine í a mheasaim a thuigeann tábhacht ‘cultúr’ na tíre, slán mar a n-instear é. Léas dóchais duine a bheith sa phost san a thuigeann tábhacht an cheoil is na teangan.
An Chomhairle Ealaíon a’ fáil pinginí substaintiúla ó chiste an Stáit, d’fhéilte is tionscnaimh is d’oirfidigh, pé faid a sheasfaidh an dea-mhéin san.
Déarfadh daoine eile gur mó rud níos tábhachtaí sa tsaol ná tacaíocht is cúnamh seasmhach a thabhairt d’ealaíontóirí. Canathaobh ná héiríonn siad amach as an leaba ar maidin agus lá oibre mar a dheineann an chuid eile againn?
Cad a thiomáineann iad? Na ‘ealaíontóirí’ seo. Cad as a thagann an cíocras is an craos is an dúil mhallaithe, an gá len iad fhéin a chur i lár an aonaigh agus gan an gabhar féin acu uaireanta … an muse is na Béithe osnádúrtha á dtiomáint, a’ lorg sásaimh….?
Ceist mhaith, arsa tusa.
Ní agamsa faraor atá freagra na ceiste san, mar go bhfuil iarracht den ngalar úd ag gabháil dom fhéin.
Fágfaidh mé an focal scoir ag Saoi fileata Choillte Mach…
Mise Raiftearaí an File
Lán dóchais is grá
Le súile gan solas
Le ciúnas gan chrá.
Dul siar ar m’aistear
le solas mo chroí
Fann agus tuirseach
Go deireadh mo shlí.
Féach anois mé
Is mo chúl le balla
Ag seinm ceoil
Do phócaí folmha.
Fág freagra ar 'Nach é Raiftearaí file, an fear bocht, lán dóchais is grá, a bheadh sásta le bunráta pá?'