NACH DEAS É? Tá a chloigeann ataithe…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Tá a chloigeann ataithe…

Dá molfaí duine go mór agus go fairsing agus go dtaitneodh sé go hiontach leis b’fhéidir go ndéarfaí go raibh a chloigeann ataithe dá bharr.

Tharlódh sé go ndeachaigh an moladh ina cheann dó, a déarfadh duine eile.

D’fhéadfadh sé gur duine leitheadach a bheadh ann ar aon nós.

Níor fágadh fuíoll molta air, a déarfaí. Moladh go rothaí na gréine é.

Ní moladh mairbh a bheadh ann – moladh bréige. Moladh óna fiacla amach lena rá ar bhealach eile.

Más maith leat tú a mholadh faigh bás.

Molann an saothar an fear. Molann agus an bhean freisin ar ndóigh.

Ná mol is ná cáin an fómhar go mbí Mí an Mheáin thart.

Mol an páiste is molann tú an mháthair.

Ná mol aon duine go mbí céad salainn ite aige i bpáirt leat.

Ná mol is ná cáin daoi mar nach mbíonn saoi gan locht.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Tá a chloigeann ataithe…'