Nach deas é? Nollaig cheobharnach a ghníos reilig shéasúrach

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Nollaig cheobharnach a ghníos reilig shéasúrach

Nollaig cheobharnach a ghníos reilig shéasúrach, a deirtear.

Ciallaíonn sin má bhíonn an aimsir bog faoi Nollaig gur mó daoine a chuirfeas an geimhreadh den saol.

Ní nach ionadh ba mhinic an focal reilig sa gcaint.

D’fhéadfadh marach a bheith ar chos páiste a dtugtaí cam reilige air. Ceapadh gur mhór an chontúirt do bhean a bheadh ag súil le páiste siúl i reilig mar go bhféadfadh an cam reilige a bheith ar an bpáiste dá bharr. Bheadh sé crúbach nó reiligíneach, lena rá ar bhealach eile.

Tá éan ann a dtugtar an scréachóg reilige air. Bhíodh réabóirí reilige ann. Dream a bhí iontu sin a bhíodh ag goid corp as reiligeacha le díol le lucht leighis.

Urtheach reilige a thugtaí ar fhoirgneamh beag taobh amuigh de gheata na reilige. Choinnítí an chónra agus an corp ann go dtí go dtagadh an sagart nó an ministir ar an láthair.

An reilig bheag a thugtaí ar ghiodán le hais na reilige móire, áit a gcuirtí páistí a cailleadh gan bhaisteadh.

Chreidtí gur go Liombó a théadh páistí mar sin. Níl caint ar bith ar Liombó anois tar éis ar chuir an Eaglais d’imní ar thuismitheoirí a chreid sna Flaithis agus a mbeadh súil acu gur ansin a bheadh a bpáiste.

Seo leaganacha eile a bhfuil an focal reilig iontu:

Is iomaí lá sa reilig orainn.

Níl péist ar bith chomh ramhar le péist reilige.

An cóngar chun an Aifrinn ach an timpeall chun na reilige.

Casacht reilige – casacht throm a thabharfadh le tuiscint nach fada eile a mhairfeadh an té a mbeadh sí air.

Nollaig cheobharnach a ghníos reilig shéasúrach.

Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Nollaig cheobharnach a ghníos reilig shéasúrach'

  • Larry Phelan

    Ab shin é an focal ‘ceobhránach’ in áiteanna eile, a Joe? Is deas é cinnte.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Déarfainn gurb é go deimhin.