Nach deas é? Ní raibh aige ach an fata beag leis an bhfata mór…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Ní raibh aige ach an fata beag leis an bhfata mór…

Cloisim nach bhfuil cead ar bith againne Connachtaigh an focal fata a scríobh níos mó. Má bhreathnaíonn tú ar an bhfocal fata i bhFoclóir Uí Dhónaill seo é a bheas romhat: fata=práta.

Cuirfidh sé sin go leor de na leaganacha cainte a bhíodh againn sa taobh seo den tír as a riocht.

Ní raibh aige ach an fata beag leis an bhfata mór a déarfá faoi fhear nach mbeadh aon anlann lena bhéile aige.

Diabhal fata a d’íosfadh sé lena shaol dá dtiocfadh mo dhuine suas leis, a déarfaí faoi dhuine a bhí i mbaol mór.

Ní raibh saol fata i mbéal muice ag an té nár mhair i bhfad.

Níor moladh riamh fataí báistí: fataí a chuirfí le linn báistí.

Bhíodh fataí rosacha againn, fataí garbhchraicneacha agus fataí spréite (fataí a fhágtar sa talamh is a chuirtear in uachtar aimsir spréite an choirce).

Préataí atá acu i dTír Chonaill.

Potátaí a thug na Gaeil ar an mbia seo a thug na Sasanaigh chucu i ndeireadh an séú haois déag.

Bhí an focal potáta ag Dáibhí Ó Bruadaír i gceann dá chuid dánta— dán a rinne sé i 1674 nó i 1675.

Thagair an scoláire Gaeilge Seosamh Laoide do na hainmneacha éagsúla in ábhar a scríobh seisean i 1911. Dúirt sé an méid seo : Is iad an t-aos óg do chum ‘préataí’, ‘fataí’, ‘prátaí’ agus ‘preátaí’ agus rinne fir agus mná aithris ar an urlabhra sin.

Is cosúil go raibh an focal fata bunaithe go maith faoin am sin mar nuair a tháinig foclóir Phádraig Ua Duinnín amach i 1904 bhí an t-eolas seo aige: bheadh na fataí nite, bruite agus ite ag an gConnachtach fhaid is bheadh an Muimhneach ag rá ‘prátaí’.

Ba bhreá liom a fháil amach cén uair go díreach ar tháinig an focal ‘fata’ sa nGaeilge? Bíonn scoláirí móra Gaeilge ag léamh Tuairisc.ie. B’fhéidir go gcuirfeadh duine acu ar an eolas muid.

Ta sólás amháin fágtha againn i gConnachta fós: tá cead againn ‘Futa Fata’ a rá.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Ní raibh aige ach an fata beag leis an bhfata mór…'

  • Tash

    Sa Spáin tugann siad “patatas” orthu, ach i bPeriú, áit dúchais an práta, tugann siad “papas” orthu.
    Níl an fuaimniú ‘fata’ i bhfad ó ‘papa’, b’fhéidir go bhfuil ceangail éigin ann?