NACH DEAS É? Ní ar leathchois a tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn

Ní ar leathchois a tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn a deirtí. Is éard a chiallaigh sé sin nár mhór dhuit ullmhúchán a bheith déanta agat sula dtabharfá faoi bheart ar bith. D’óltaí scalach maith leanna, uisce beatha, srl Lá Fhéile Pádraig. An pota Pádraig a thugtaí air. Bhí an cuntas seo ag Amhlaoibh Ó Súilleabháin […]

NACH DEAS É? Ní ar leathchois a tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn

Ní ar leathchois a tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn a deirtí. Is éard a chiallaigh sé sin nár mhór dhuit ullmhúchán a bheith déanta agat sula dtabharfá faoi bheart ar bith.

D’óltaí scalach maith leanna, uisce beatha, srl Lá Fhéile Pádraig. An pota Pádraig a thugtaí air.

Bhí an cuntas seo ag Amhlaoibh Ó Súilleabháin ar Lá Fhéile Pádraig 1829: 

D’ól gasra againn ár bpota Pádraig ag tigh an tsagairt paróiste. ,i.e, an tAthair Séamas Henebaire. Bhí ceann troisc nó féilteoige, langa maothaithe, bradán deatach-thirim agus bric úra againn le cáise cumhra agus coilís glas mar phroinn. Bhí fíon fionn agus fíon port agus uisce beatha agus scailtín go leor againn.

Tháinig athrú ar an saol an bhliain dár gcionn agus luaigh sé sagart eile:

Is é seo an lá Féile Pádraig beannaithe, óir ní fheicim duine ná daonnaí, fear, bean ná buachaill ar meisce, míle milliún buíochas le Dia! Is tré sheanmóna an Athar Tomás Ua Deoráin tharla so, le grása Dé tré Íosa Críost.

Ní hin í an intinn a bhí ag Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin ar an ól. An bhiotáille bheannaithe a choisric Naomh Pádraig a thug sé ar an bhfuisce. Seo mar a dúirt sé:

Cé chuirfeadh é i gcomórtas le fíonta na Spáinne,

Le Burgundy na Fraince nó Hock na hAlmáine.

Leagan eile a bhí ann ba ea brachán Bríde agus poitín Phádraig, i.e. go gcaitear brachán Lá Fhéile Bríde agus go n-óltar fuisce Lá Fhéile Pádraig.

Bhí tagairt don phota Pádraig in amhrán as Cúige Uladh ar an gcaoi seo:

Lá Fhéile Pádraig ní gnás dúinn a bheith ag faire na haonbhó ach na cártaí is na gloiní a bheith os cionn boird.

Bhíodh daoine ag tnúth i gcónaí le feabhas a theacht ar an aimsir tar éis na Féile Pádraig.

Lá Fhéile Pádraig na mBeart tigeann scaipeadh ar an bhfuacht a deirtí.

Nuair a bhí Raiftearaí ag moladh áite darb ainm An Leathbhaile dúirt sé an méid seo:

Gaireann an chuach ann i dtráth na Féil’ Pádraig

Mar mothaíonn sé scáth ann ó bháisteach is ó ghaoth.

Seo mar a mhol sé Caorán Íomhair;

Áras breá deas níl baol go brách air

Mar d’fhág Naomh Pádraig a bheannacht ann.

Na daoine a bhíodh ag cuartaíocht ó theach go teach is iondúil go n-éirídís as aimsir na Féile Pádraig. Bhí leagan cainte ann faoi sin freisin:

Airneán go Féile Pádraig, cuartaí maith go Bealtaine agus fíréan thríd is tríd.

Suipéar ó ló ó lá Fhéile Pádraig amach.

Ní dírí a fhásann an droim sa lacha ná Lá Fhéile Pádraig i lár an earraigh.

Seo é an t-am de bhliain a mbíonn Rabharta Mór na Féile Pádraig ann.

Oileán Phádraig a thugtaí ar Éirinn scaití—níl fear a bharrtha le fáil in Oileán Phádraig.

Cuir an donas ar cairde mar d’ordaigh Pádraig.

Dar iarann Pádraig. Dar bachall Pádraig.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Ní ar leathchois a tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn'

  • Eoin Ó Murchú

    Tá se seo ró-chasta dom. Táim ag dul ag ól!