Nach deas é? Lá fireann agus lá baineann…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Lá fireann agus lá baineann…

Is iomaí sin caint atá tarraingthe ag cúrsaí inscne agus cineáil le tamall de bhlianta ach ní dóigh gur aon scéal nua é sin. Fireann nó baineann atá sé, an chéad cheist a chuirtí orainn agus uan nó lao óg faighte againn agus muid ag súil le toirtín gnaíúil.

Bhíodh raithneach bhaineann agus fraoch fireann faoinár gcosa chuile lá agus ar ndóigh bhíodh an aimsir fireann scaití. Bhíodh na héin fhireanna i bhfad níos péacaí agus níos feiceálaí. ‘Dishwasher’ a thug fear amháin ar a chéad ghin a bhí díreach leagtha ar an sop, agus fágfaidh mé fút féin inscne an pháiste sin a thomhas!

Níor chuala mé féin aon allagar faoin déghnéasacht ar an teallach ach duine ar dheacair é a bharraíocht nó a n-athródh a ghnaoi ort ar iompú do bhoise, déarfá go raibh sé lá fireann agus lá baineann. Is minic gurbh é an leithscéal a thabharfadh duine duit as aon doicheall a bhraith tú air romhat – ná bac liomsa, bímse lá fireann agus lá baineann.

Lá fireann agus lá baineann…Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Lá fireann agus lá baineann…'

  • Antain Mac Lochlainn

    Iontach deas – cuireann sé ‘Bím lá binn agus lá searbh’ i gcuimhne dom – manadh a bhí ag an Cheithearnach Chaoilriabhach.