Nach deas é? Is fada siar a bheas an tóin inti…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Is fada siar a bheas an tóin inti…

Ní baileach go bhfuil sí básaithe ar fad fós mar theanga agus is cinnte ná sin go maireann an t-éad go láidir. 

Ag dul go Gaillimh ar an mbus dom an lá faoi dheireadh bhí beirt bhan a bhí amach sna blianta suite ar mo chúl agus iad ag geabstaireacht leo i nglan na Gaeilge. Thimpeall Bhearna tháinig gearrchaile óg shlachtmhar thanaí isteach ar an mbus.

Agus í ag déanamh orainn, dúirt duine acu siúd a bhí ar mo chúl ‘Féach aníos í. An scioltar féin níl uirthi’.

D’fhreagair a comrádaí.

‘B’fhéidir muise nuair a bheas sí comhaois linne gur fada siar a bheas an tóin inti.’

Fág freagra ar 'Nach deas é? Is fada siar a bheas an tóin inti…'