NACH DEAS É? Hata bán a chur ar dhaoine…

Ciallaíonn ‘hata bán’ a chur ar dhuine é a scrios, é a bhochtú ar fad. Ní féidir ‘hata bán’ a rá leis—ní féidir aon rud a rá leis nach n-éireoidh sé achrannach faoi. Is doiligh ‘hata bán’ a rá leis anois – tá sé éirithe suas sa saol; tá sé láidir nó ar chaoi eicínt […]

NACH DEAS É? Hata bán a chur ar dhaoine…

Ciallaíonn ‘hata bán’ a chur ar dhuine é a scrios, é a bhochtú ar fad.

Ní féidir ‘hata bán’ a rá leis—ní féidir aon rud a rá leis nach n-éireoidh sé achrannach faoi.

Is doiligh ‘hata bán’ a rá leis anois – tá sé éirithe suas sa saol; tá sé láidir nó ar chaoi eicínt gur deacair araoid ar bith a chur air.

Is iomaí cineál hata ann: Hata ard (síoda), hata bog (feilte), hata bádóra, hata cúil.

Hata an tsagairt a thugtaí corruair ar an mbundún leice.

Bhí hata Acla ann. Deirtear nach raibh ach hata amháin in Acaill fadó agus go mbíodh an hata sin le caitheamh ag an té a bheadh ag dul go tír mór aon lá áirithe.

Cáibín a thugtar ar sheanhata.

Chuirfeá do lámh i do hata do dhuine a mbeadh ómós faoi leith agat dó.

Bíonn cuid de na daoine ag caint trína hata –caint gan chéill.

D’ólfadh sé leann as hata duine mhairbh.

Dheamhan a gcuirfeá ag ruaigeadh na bpréachán an hata a bhí air.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Hata bán a chur ar dhaoine…'