NACH DEAS É? An-bhean cocaireachta í…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? An-bhean cocaireachta í…

Is iontach an tábhacht a bhíonn le síneadh fada ar fhocal Gaeilge. Dá bhfeicfeá scríofa faoi bhean eicínt gur an-bhean cocaireachta í ní shin le rá gur cheart dhuit a bheith a cheapadh nach dtógfadh sé i bhfad uirthi pláta spaigití bolognese a chur os do chomhair. Tharlódh sé go deimhin go ndéarfadh duine eicínt nach mbuailfeadh fear na méaracán í le cocaireacht.

Is ionann a bheith ag cocaireacht agus a bheith ag tabhairt focal ar an bhfocal do dhuine eile, a bheith ag coinneáil dea-chainte, a bheith ag athléamh ar dhuine eile. D’fhéadfá a rá go raibh beirt ag coinneáil coc ar choc le chéile: ag freagairt cainte gearblaí le caint den sórt céanna.

D’éirigh sí ina coc is ina coileach: thosaigh sí ag cur di sa gcaint.

Níl a fhios agam féin an bhfuil baint ag an bhfocal cocaireacht le cearca a mbíonn coc orthu.

Cíor a bhíonn go hiondúil orthu.

Bíonn cearca plucacha freisin ann. ach sin scéal eile.

An-bhean cocaireachta í. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? An-bhean cocaireachta í…'