Na sluaite ag triall ar an Tuaisceart agus muintir na háite á thréigean

Cé go bhfuil féile mhór na nOráisteach ar siúl, tá carrchlóis Bhéal Feirste pacáilte le gluaisteáin ón bPoblacht agus áirithintí riachtanach ar na traenacha mar go bhfuil an-éileamh orthu

Na sluaite ag triall ar an Tuaisceart agus muintir na háite á thréigean

Mór idir na haimsirí. Is fíor go bhfuil tionscal na turasóireachta buailte go dona ag srianta taistil na paindéime Covid-19 ach tá cúrsaí iompaithe droim ar ais i dTuaisceart Éireann. Tá borradh faoin tionscal abhus, faoi láthair, tráth ar dual don bpobal áitiúil imeacht agus do thurasóirí fanacht glan ar an áit.

Go traidisiúnta tharlaíodh tréigean mór an Tuaiscirt an deireadh seachtaine roimh fhéile mhór na nOráisteach, an 12 Iúil. Cé’s moite de na daoine a ghlac páirt sa cheiliúradh bhailíodh na mílte eile leo ar laethanta saoire chun na paráidí agus gach ar bhain leo a sheachaint. D’fhanadh na mílte sa bhaile ar ndóigh chun freastal ar ócáidí éagsúla, idir thinte cnámh, máirseálacha nó cóisirí sráide agus thagadh na céadta de na bráithre oráisteacha as Albain.

Thairis sin ba é an comhartha sóirt eile ar shéasúr na máirseála na sluaite a fheiceáil ag imeacht i ngluaisteáin, i gcarbháin, ar thraenacha, busanna agus eitleáin. Bhíodh comharsanachtaí i mBéal Feirste, cuir i gcás, ina mbíodh na bóithre chomh ciúin is a bheidís lá Nollag. Ar an láimh eile bhíodh an brú tráchta ar na bóithre ag dul i dtreo na teorann cosúil le lár cathrach ag buaicthráth an tráchta.

Scéal eile ar fad é i mbliana. Tá daoine áitiúla ag bualadh leo más féidir leo ach níl oiread ag imeacht is a bhíodh blianta eile i ngeall ar shrianta Covid-19 ar thaisteal chuig ionaid saoire thar lear. Ach ’sé an t-athrú mór an líon cuairteoirí aneas atá anseo, fiú i séasúr na máirseála. Tá na sluaite cuairteoirí le feiceáil i dtithe ósta i mbailte cois teorann agus i mBéal Feirste le sé seachtaine nó mar sin ó maolaíodh srianta Covid-19 abhus. Murab ionann agus an Phoblacht tá cead ag daoine ithe agus ól laistigh i dtábhairní agus bialanna sa Tuaisceart.

Ceapadh go mbeadh laghdú ar an sruth cuairteoirí aneas don deireadh seachtaine seo i ngeall ar an teannas a bhaineann le buaic shéasúr na máirseála. D’ainneoin na sluaite a bheith ag triall ar an Tuaisceart le tamall ceapadh go dtitfeadh a líon don deireadh seachtaine seo i bhfianaise na bolscaireachta in éadan an Phrótacail iarBhreatimeachta.

Is beag dá chosúlacht air, áfach. Tá carrchlóis pacáilte le gluaisteáin ón bPoblacht, Iarnród Éireann ag tabhairt foláirimh go bhfuil áirithint riachtanach mar go bhfuil an-éileamh ar thraenacha, go háirithe ar an tseirbhís ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste.

Tuar dóchais é pobal na Poblachta a bheith ag tarraingt ar Thuaisceart Éireann agus Tuaisceartaigh a bheith ag dul thar teorainn freisin. Ar éigean is gá a rá gur maith an ní é daoine ar dhá thaobh na teorann a bheith ag cur aithne ar a chéile.

Ceist eile é an bhfuil sé stuama a theacht aneas an deireadh seachtaine seo. Airíonn roinnt daoine go bhfuil baol ag baint leis. Ní hamháin go mbíonn an-chuid ólacháin agus taispeántais sheicteacha ag baint leis na tinte cnámh ach inniu freisin beidh lucht leanta sacair amuigh i ndiaidh an chluiche ceannais i gcomórtas na hEorpa; seans maith ar spadhar gan choinne. Tá líon beag de na hóstáin is mó a bhfuil triall na ndeisceartach orthu an-ghar do thinte cnámh i gceantair ina raibh círéibeacha blianta eile. Tá práinn leis go mbeidh a fhios ag daoine cad iad na háiteanna agus na himeachtaí le seachaint.

Ní foláir nó go n-airíonn na cuairteoirí aneas go bhfuil sé sábháilte a bheith anseo fiú don Dara Lá Déag. Táthar ag súil go bhfuil an ceart acu.

Fág freagra ar 'Na sluaite ag triall ar an Tuaisceart agus muintir na háite á thréigean'

  • An Teanga Bheo

    Saor ghluaiseacht in Aontas na Eorapa ag Éireannaigh de gnáth is docha