Na Muimhnigh ar thóir a dtríú bua as a chéile

Na Muimhnigh atá sa séú háit ar an tábla is túisce a bheas ag dul chun páirce inniu agus iadsan ag tabhairt faoi na hOspreys sa mBreatain Bheag

Na Muimhnigh ar thóir a dtríú bua as a chéile

Joey Carbery. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Níl aon dabht ann ach go bhfuil scíth tuillte go maith acu siúd a d’imir sa dá bhabhta deireanach den chomórtas na Sé Náisiún rud a chiallaíonn nach mbeidh siad ar fáil dá gcuid cúigí i mBabhta 12 den URC a bheas á imirt an deireadh seachtaine seo.

Na Muimhnigh atá sa séú háit ar an tábla is túisce a bheas ag dul chun páirce inniu agus iadsan ag tabhairt faoi na hOspreys sa mBreatain Bheag. Is iad na hOspreys an fhoireann is airde ar an tábla, as na ceithre fhoireann ón mBreatain Bheag. Tá siad sa deichiú háit, ceithre áit agus ceithre phointe níos ísle ná na Muimhnigh.

Fágann sin go bhfuil an brú a bhaineann lena bhfuil i ndán dóibh sa gcomórtas orthu ach tá cáil agus sprid rugbaí chlubanna na Breataine Bige ag brath orthu freisin. Beidh na Muimhnigh ar thóir a dtríú bua as a chéile agus pointí luachmhara dá réir. Ba cheart go mbeadh sárchoimhlint sa gcluiche seo agus in ainneoin gur as baile atá siad, beidh díomá orm muna n-éiríonn le Cúige Mumhan na pointí a shlánú.

Amárach san Afraic Theas a bheidh na hUltaigh, áit a mbeidh siad go ceann coicíse i gcoinne na Sharks. Seans go bhfuil an t-ádh orthu gur i gcoinne na Sharks atá siad, an fhoireann is laige sa gcomórtas inniu. Ní ach bua amháin cláraithe ag na Sharks as aon iarracht déag go dtí seo agus tá siad sáinnithe ar íochtar an tábla. Ní bhíonn sé riamh éasca bua a chlárú san Afraic Theas ach má tá fonn ar bith ar na hUltaigh iad féin a ardú ar thábla an URC caithfidh siad an lámh in uachtar a fháil sa gcluiche seo.

Ar an mBóthar Beag a bheas na Connachtaigh amárach agus iad i gcoinne Lions, foireann eile ón Afraic Theas, foireann atá san aonú háit déag, ceithre áit níos ísle ná foireann na Gaillimhe. Is deis iontach an cluiche baile seo do na Connachtaigh a n-áit i measc na n-ocht bhfoireann atá ar bharr an URC a neartú. Tá súil agam go dtapóidh siad an deis.

San Iodáil a bheas Cúige Laighean atá ar bharr an tábla in iomaíocht le Zebre atá i bhfad siar sa tríú háit déag. Ábhar iontais a bheas ann má theipeann ar Chúige Laighean bua eile a shlánú, go háirithe agus iad i gcoinne foireann nár bhuaigh ach aon chluiche amháin sa gcomórtas go dtí seo.

Fág freagra ar 'Na Muimhnigh ar thóir a dtríú bua as a chéile'