‘Na mórchainéil eile in Éirinn ag brath níos mó agus níos mó ar ábhar intleachta na Breataine’ – Ardstiúrthóir TG4

Deir Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont gurb í an chruthaitheacht ‘bonnchloch shlánú na Gaeilge’ agus sceideal fómhair an stáisiúin seolta inniu sa Ghaillimh

‘Na mórchainéil eile in Éirinn ag brath níos mó agus níos mó ar ábhar intleachta na Breataine’ – Ardstiúrthóir TG4

Beidh ról níos mó ag TG4 i saol na craoltóireachta poiblí amach anseo, toisc na mórchainéil eile a bheith ag brath níos mó agus níos mó ar ábhar intleachta na Breataine nó leagan den ábhar sin.

B’in a bhí le rá inniu ag Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont agus sceideal fómhair an stáisiúin á sheoladh aige i gcathair na Gaillimhe.

Dúirt Esslemont gurb í “an chruthaitheacht” bonnchloch shlánú na Gaeilge agus go raibh an chruthaitheacht sin lárnach i saothar TG4 a leagann béim, dar leis, ar ábhar intleachta sainiúil na hÉireann.

I measc na saothar nua a bheidh á gcraoladh ar TG4 an fómhar seo, tá clár cainte nua Seal le Dáithí ina mbeidh aoi speisialta faoi agallamh gach seachtain ag an láithreoir aitheanta Dáithí Ó Sé, a thosaigh amach leis an gcraoltóireacht leis an stáisiún Gaeilge. 

I measc na gclár nua eile, beidh sraith faisnéise darb ainm Finné a inseoidh na ‘scéalta pearsanta’ a bhaineann le cuid de na scéalta is conspóidí a tharla in Éirinn le leathchéad bliain anuas.

Is í Orla O’Donnell, comhfhreagraí cúirte RTÉ, a chuirfidh Finné i láthair. 

Eoghan McDermott, an craoltóir le 2fm, a chuirfidh an clár Tabú i láthair, clár a phléifidh le sárú cearta agus “mórcheisteanna i sochaí na linne”. 

Tabharfaidh an tsraith Gaeil UK “léargas ar shaol na n-imirceach Éireannach sa lá atá inniu ann” agus níos faide ó bhaile a cuireadh Hector Ó hEochagáin don chlár taistil Hector – Ó Siberia go Saigon.

Sraith nua eile í C.L.U.B. a mbeidh  léargas inti ar chlubanna CLG ar fud na tíre agus gealltar go dtabharfaidh sraitheanna nua amhail ‘Bailte’, ‘Beidh Aonach Amárach’ agus ‘Bádóirí’ éachtaint dúinn ar “shaol na ngnáthdhaoine agus ar phobail faoi leith in Éirinn…ar bhealach cruthaitheach agus siamsúil”.

Tá athbheochan á déanamh ag an stáisiún an fómhar seo ar an tsraith Underdogs a thugann deis d’imreoirí nár imir peil idirchontae cheana imirt in aghaidh foireann mór le rá. Is iad Paul Galvin, Ray Silke agus Valerie Mulcahy roghnóirí na Underdogs i mbliana agus bhí siad triúr i láthair ag seoladh an lae inniu.

An stair agus an seanchas a bhaineann le cúrsaí bia in Éirinn a bheidh faoi chaibidil sa tsraith nua Blasta agus caithfear seal i bhfochair foireann óstáin i nDún na Gall sa tsraith Shandon

I measc na gcraoltaí beo a bheidh ar TG4 an fómhar seo, tá Samhain Live, clár ceoil agus siamsaíochta a chraolfar as cathair Dhoire Oíche Shamhna.

Fág freagra ar '‘Na mórchainéil eile in Éirinn ag brath níos mó agus níos mó ar ábhar intleachta na Breataine’ – Ardstiúrthóir TG4'