Ná meáin Ghaeilge 1916-2016 – údar gaisce nó a mhalairt?

Níor mhiste a chuimhneamh gur bhain eagarthóirí ar nós Eoin Mhic Néill, Pádraig Mac Piarais agus Piaras Béaslaí leis an aois a raibh siad beo ann

Press

Cé gur baolach an ealaín í a bheith ag cleachtadh ‘cur i gcás-achas’ nó ag nochtadh barúla faoi céard a mheasfadh daoine atá marbh le céad bliain faoi seo siúd agus uile, tá bunús áirithe ag baint leis an ‘cur i gcás-achas’ i gcomhthéacs na meán Gaeilge de bharr go raibh an oiread sin de cheannairí an Éirí Amach ag plé leis an iriseoireacht Ghaeilge.

Ar nós go leor nithe eile de shaol comhaimseartha na hÉireann, ba í fís an aosa eagna sin a chuir na síolta as a bhfuiltear ag baint fómhair anois. D’fhág glúin na haoise sin dúshraith de thraidisiún na hiriseoireachta chlóite mar thiomna orainn.

B’iontach amach an t-éacht é leithéidí An Claidheamh Soluis, Misneach, An Barr Buaidh agus Fáinne an Lae a fhoilsiú gan aon tacaíocht stáit cé gur uirlisí bolscaireachta don chonradh a bhí iontu don chuid is mó agus iad ar maos i mbaothrómánsachas.

Thuig ceannródaithe na nuachtán Gaeilge an tábhacht a bhain le craobhscaoileadh theachtaireacht an náisiúnachais chun daoine a mhealladh i dtreo na gluaiseachta agus a ghríosadh chun gnímh. Ach bhí an lámh in uachtar ag an sprioc sin ar an chumadóireacht agus ar an réimse ábhar machnaimh is díospóireachta a bhí i gcló iontu.

Ach níor mhiste a chuimhneamh gur bhain eagarthóirí ar nós Eoin Mhic Néill, Pádraig Mac Piarais agus Piaras Béaslaí leis an aois a raibh siad beo ann agus caithfear aitheantas cuí a thabhairt daofa as iarracht fhónta a dhéanamh glúin léitheoireachta Gaeilge a bhunú. Níor mhór a admháil leis, gur theip ar a gcuid comharbaí tógáil ar na bunchlocha a leagadh agus cur leis an mhargadh léitheoireachta.

Stair chianach, chasta a bhí ag iriseoireacht chlóite na Gaeilge ó bhunú an stáit i leith. Ba é An t-Éireannach an chéad nuachtán seachtainiúil Gaeilge a bhí ag plé le cúrsaí nuachta agus d’éirigh leis go pointe saol corrach polaitiúil na dtríochaidí a cheangal le cúis na Gaeltachta. Bhí rath áirithe fosta ar an iliomad nuachtán seachtainiúla státurraithe a tháinig sna sála air idir Inniu, Amárach, Anois, Foinse, agus Gaelscéal.

Bhí a sciar féin de bhuanna agus de lochtanna ar achan cheann de na foilseacháin sin agus iad ag síor streachailt le fadhbanna dáileacháin, ualach trom oibre agus neamhshuim an phobail léitheoireachta.

Is cinnte nach rogha beatha ró-sheasmhach a bhí san iriseoireacht chlóite Ghaeilge in imeacht na mblianta siocair nár mhair aon fhoilseachán ach seal measartha gairid. B’iondúil go ndeachaigh taithí na bhfoirne iriseoireachta éagsúla le sruth fosta nuair a dhruid a gcuid nuachtán, rud a d’fhág easpa leanúnachais san earnáil.

Cén iontas mar sin go bhfuil an traidisiún iriseoireachta chlóite Gaeilge a bhunaigh ceannródaithe an Éirí Amach ar na smeacha deireanacha anois? Is beag ábhar nuachta a fhoilsítear i nGaeilge faoi láthair diomaite de leathanach seachtainiúil san Irish Times, forlíonadh san Irish Independent, corr-thréimhseachán agus na seirbhísí idirlín Tuairisc.ie agus Nós, atá chan amháin Gaelach ach saor fosta.

Ní hionann sin le rá nach bhfuil aon ábhar maíte ann – ach a mhalairt. Tá borradh agus biseach tagtha ar na meáin Ghaeilge ón uair a bhí an Piarsach agus a chomhghleacaithe ag salú a gcuid lámha le dúch agus clóphreasanna. Ní tionscal tinteáin é a thuilleadh ach gnó mór atá ar cheann de na príomhfhostóirí sna ceantair Ghaeltachta.

Ba dheacair do cheannródaithe an stáit a shamhlú go mbeadh stáisiún teilifíse nua-aimseartha againn agus stáisiún raidió atá ag craoladh 24 huaire an chloig seacht lá na seachtaine. Cé go bhfuil difir lá agus oíche idir iriseoireacht an lae inniu agus í sin a chleacht ár sinsir, ar bhealach tá muid fós go mór faoina n-anáil.

Athrú suntasach amháin atá tarlaithe in imeacht na mblianta ná go bhfuil an tionscal préamhaithe a bheag nó a mhór sna ceantair Ghaeltachta anois. Má tá mantanna ann is orainn féin atá an locht. Ba é deireadh na nóchaidí agus tús an chéid seo buaicphointe ré órga na cumarsáide Gaeilge sa Ghaeltacht, dar liom.

Bhí Raidió na Gaeltachta in ard a réime agus TG4 díreach tagtha ar an saol mar aon le Foinse, nuachtán nua Gaeilge (a raibh baint agam féin leis). Ní raibh comhairimh ar líon na n-iriseoirí a bhí lonnaithe i gCois Fharraige ag an am ach dála ceirnín a ndeachaigh an tsnáthaid i bhfostú ann tá an tionscal imithe i ndísc beagáinín ó shin agus cuid den fhuinneamh, den chruthaitheacht agus den díocas chun tochailte ídithe.

Ní thig a shéanadh ach an oiread gur cúram mionlaigh iad na meáin Ghaeilge go fóill agus gur ábhar tánaisteach léitheoireachta/ féachana agus éisteachta atá iontu. Ach an oiread le tús an chéid seo caite, is beag duine in Éirinn an lae inniu atá ag brath go huile agus go hiomlán ar na meáin Ghaeilge lena chíocras nuachta nó cumarsáide a shásamh.

Lena chois sin, níl i láithreacht na teanga sna meáin shóisialta ach mún dreoilín san fharraige. Ar an dóigh sin, is beag dul chun cinn atá déanta ó aimsir bhunaitheoirí an stáit i leith.

Ach is doiligh staid na teanga agus an rath atá ar na meáin Ghaeilge a dhealú óna chéile. An dtig i ndáiríre a bheith ag dréim le figiúirí arda faire, éisteachta agus léitheoireachta má tá an teanga féin ag dul bealach an gharraí? Tá meath leanúnach tagtha ar labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht fad is atá borradh faoi Ghaelscoileanna i gceantair uirbeacha. Tá maolú tagtha dá réir ar shaibhreas agus ar shaíocht na teanga a chleachtaítear sna meáin ach ag an am céanna tá an teanga á aclú ag béarlagair na freacnairce agus na teicneolaíochta.

Má ghlactar leis mar sin go bhfuil athrú déimeagrafach ag teacht ar lucht labhartha na Gaeilge, cén iontas go mbeadh éiginnteacht ar na meáin Ghaeilge faoi cé air a bhfuil siad ag díriú?

Táthar fós ag streachailt leis an tsíorchoimhlint idir scéalta atá dírithe go sonrach ar an teanga agus ar an Ghaeltacht agus réimse ábhar a mheallfadh pobal níos leithne.  Is iomaí blas i mbéal an tomhaltóra agus dhealródh sé go mbraithfeadh an té a bhíonn ag faire ar Rugbaí Beo nó ar Pioc do Ride go mbíonn boladh na móna ar chuid den ábhar eile a chraoltar.

Ach an bhfuil an baol ann go gcaillfear raison d’être na meán Gaeilge má thugtar droim láimhe don phobal as ar fuineadh iad? An bhfuil gá mar shampla le cláracha Béarla ar TG4 chun lucht féachana a mhealladh? An é leas Mhurchaidh aimhleas Mhánais?

Saoithiúil go leor bhí an díospóireacht chéanna go mór idir chamána ag ceannródaithe na hiriseoireachta Gaeilge fosta. Ag scríobh dó chuig an bPiarsach (a bhí ina eagarthóir ar an Claidheamh Soluis ag an am) ar an 13 Aibreáin, 1907, rinne Éamonn Ceannt gearán go raibh an tréimhseachán ag tabhairt ardáin d’ábhar agus do scríbhneoirí a bhí ag fáil neart poiblíochta cheana féin sna meáin Bhéarla.

“There is a place for everything. The English-writing Irishman has a huge field open to him in Ireland and out of it. The English-writing dramatist will, unfortunately, have little difficulty in finding an audience anywhere in Ireland, English beautiful and otherwise, being universally spoken. His Gaelic brother is not so fortunate. His audience is necessarily more restricted. He needs encouragement and deserves it…He ploughs a lonely furrow indeed.”

B’é an freagra a thug an Piarsach air ná go mbeadh an Conraitheoir “who confines himself to Irish” dall ar shaibhreas scríbhneoireachta i dteangacha eile.

Bíonn macalla an bhriatharchatha seo le cluinstean go tráthrialta i seomraí nuachta mheáin Ghaeilge an lae inniu agus ceisteanna á gcur faoin ábhar agus faoin bhfócas atá againn. Is é an gnáthphort a sheinntear ná go mbíonn ‘súil eile’ á cleachtadh againn.

Ach is rosc catha tuirsiúil í an tsúil eile um an dtaca seo, a chaitear amach go leisciúil gan mórán anailíse ná luachála a bheith déanta uirthi. Ní hionann sin le rá gur sprioc í nach dtig a bhaint amach. Tá lucht labhartha na teanga brúite ar an imeall le fada agus dá bharr sin tá deis againn dearcadh eile ar an saol eile a léiriú.

Mar sin de, cé go santaíonn go leor d’iriseoirí Gaeilge an lae inniu an t-aitheantas céanna a fhaigheann a gcuid comhghleacaithe a bhíonn ag saothrú i mBéarla, seans gur ón imeall seachas ón lár is fearr a fheidhmíonn an tsúil eile. Déanaimis áil den éigean.

Logo 1916 wide

Fág freagra ar 'Ná meáin Ghaeilge 1916-2016 – údar gaisce nó a mhalairt?'