Na focail is mó cuardach agus éisteacht in 2023

Na focail is mó cuardach agus éisteacht sna foclóirí Gaeilge in 2023

Na focail is mó cuardach agus éisteacht in 2023

Focail “bheaga shimplí” ab ea na focail ba mhó cuardach ar foclóir.ie arís i mbliana.

‘For’, ‘go’ agus ‘be’ na trí fhocal ba mhó cuardach i mbliana. Bhí ‘love’, ‘fun’ agus ‘help’ i measc na ndeich bhfocal is mó cuardach i mbliana, mar a bhí anuraidh.

Na deich   bhfocal is mó cuardach
2023 2022
1 for for
2 go go
3 be to
4 play play
5 to be
6 get fun
7 do help
8 help get
9 show love
10 love do

Briathra a bhí sna deich bhfocal is mó cuardach ar Teanglann.ie in 2023 agus ‘bí’, ‘téigh’ agus ‘tabhair’ a bhí sa chéad trí áit.

Foclóir Uí Dhónaill
1
2 Téigh
3 Tabhair
4 Faigh
5 Déan
6 Tar
7 Abair
8 Cuir
9 Bain
10 Caith

 

Briathra chomh maith a bhí sna deich bhfocal ba mhó ar lorg daoine eolas fúthu ó thaobh na gramadaí de.

An focal ‘leanbh’ agus an focal ‘Gaeilge’ féin na focail ba mhó a raibh daoine ag iarraidh éisteacht leo á rá ar bhunachar fuaime Teanglann.ie i mbliana. Bhí roinnt focal ar ainmneacha coitianta iad chomh maith ar na deich bhfocal is mó ar éist daoine leo, ina measc Aoibh, Síofra agus Bláithín.

An Bunachar Fuaime
   
1   
   
Leanbh    
   
2   
   
Gaeilge    
   
3   
   
Cuan    
   
4   
   
Caoineadh    
   
5   
   
Aoibh   
   
6   
   
Síofra   
   
7   
   
Oíche    
   
8   
   
Gealach    
   
9   
   
Aoibhinn    
   
10   
   
Bláithín   

 

Cuireadh aistriúcháin Ghaeilge ar fáil i mbliana ar théarmaí amhail ‘Barter account’, ‘air fryer’ ‘non-binary’ agus ‘sucking diesel’ agus cuireadh na céadta focal agus nathanna cainte leis an suíomh foclóir.ie.

Ar Teanglann.ie, ba ar fhoclóir Uí Dhónaill a bhí 47% den trácht in 2023 agus 19% den trácht a bhí ar fhoclóir de Bhaldraithe. 13% den trácht is go dtí na comhaid fuaime a bhí sé agus bhain 10% leis na comhaid ghramadaí.

“An príomhthátal atá le baint as na figiúirí sin ná an riachtanas atá ag pobal na teanga le foclóir cuimsitheach comhaimseartha Gaeilge-Béarla,” a dúirt urlabhraí ó fhoireann foclóireachta Fhoras na Gaeilge.

1.9 milliún duine a bhain úsáid as Foclóir.ie in 2023 agus thug na daoine sin 5.8 milliún cuairt ar an suíomh. 28 milliún ‘amas’ a bhí i gceist.

In Éirinn (68%), na Stáit Aontaithe (21%) agus an Bhreatain (4%) is mó a bhíonn trácht ar na suíomhanna foclóireachta.

Tá lucht na bhfoclóirí tosaithe ag obair ar dhá fhoclóir nua a fhoilsiú, an chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge agus mórfhoclóir nua Gaeilge-Béarla.

Beidh an dá fhoclóir sin ar aon mhéid leis an bhfoclóir clóite Concise English-Irish Dictionary a foilsíodh in 2020.

Fág freagra ar 'Na focail is mó cuardach agus éisteacht in 2023'