An brú ar Biden ag méadú agus cinneadh le déanamh

De réir na dtuairiscí, tá cainteanna go leor taobh thiar de dhoirse dúnta faoi iarrthóir eile seachas Joe Biden a chur chun catha in aghaidh Donald Trump

An brú ar Biden ag méadú agus cinneadh le déanamh

Ar an 31 Márta 1968 d’fhógair Uachtarán na Stát Aontaithe, Lyndon B. Johnson, nach mbeadh sé ag iarraidh ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh do thoghchán na huachtaránachta an bhliain sin. Ba é Richard M. Nixon a toghadh mar uachtarán i mí na Samhna an bhliain sin nuair a fuair sé an ceann is fearr ar Herbert Humphrey, a bhí ina leasuachtarán ag Johnson.

An tseachtain seo, d’impigh Lloyd Doggett, fear atá tofa anois sa gceantar comhdhála céanna in Texas le Johnson lá dá raibh, ar an Uachtarán reatha, Joe Biden sampla Johnson a leanacht agus seasamh i leataobh ó thoghchán na bliana seo.

Baineann sé seo ar fad leis an méid a tharla i ndíospóireacht na seachtaine seo caite nuair ba léir nach raibh Biden ar fónamh ná iomlán inniúil ar an bplé. D’admhaigh sé féin an tseachtain seo nach raibh sé ag aireachtáil go maith le linn na díospóireachta agus go raibh néal ag teacht air lena linn mar gheall go raibh slaghdán air. Mar sin féin, bhí sé diongbháillte i gcónaí I ndiaidh na díospóireachta go leanfadh leis an bhfeachtas agus é ag áitiú gurb eisean an duine is fearr le haghaidh a thabhairt ar Donald Trump.

Níl léir go bhfuil a chomhghleacaithe Daonlathacha ar aon intinn leis faoi sin. Chomh maith le Lloyd Doggett, a rinne an chéad achainí phoiblí ar Biden seasamh i leataobh, tá glórtha go leor ag ceistiú chumas an Uachtaráin leanacht leis an bhfeachtas. D’iarr James Clyburn, fear a raibh ról cinniúnach sa bhfeachtas ceithre bliana ó shin, ar Biden a mhachnamh a dhéanamh. Dúirt Mike Quigley, atá ina bhall comhdhála in Illinois, gur cheart do Joe Biden smaoineamh ar leas na n-iarrthóirí eile ón bpáirtí a ndéanfar dochar dóibh má leanann sé ar aghaidh lena fheachtas. Is ceart a mheas cé acu an eachtra aonair nó léargas ar thinneas níos tromchúisí a bhí sa mhéid a tharla sa díospóireacht, a dúirt iarCheann Comhairle Theach na nIonadaithe, Nancy Pelosi.

Is léir go bhfuil imní ar a pháirtí féin faoin tráth seo agus chuir tuairiscí sa New York Times an tseachtain seo faoin imní atá i measc na foirne sa Teach Bán faoina chumas a chuid oibre a dhéanamh tuilleadh leis an imní sin. Bíonn sé dearmadach, codlatach agus an chuma air nach bhfuil sé in ann a aird a choinneáil ar an bplé, a dúradh. Tá deacrachtaí sin ag éirí níos follasaí, a dúradh. Tá an brú, mar sin, ag méadú ar Biden agus ar an bPáirtí Daonlathach.

Ní athraíonn sé sin ar fad an cheist bhunúsach – an mbeadh Kamala Harris, an leasuachtarán nó aon iarrthóir eile in ann ag an tráth seo an ceann is fearr a fháil ar Donald Trump? An bhfuil aon duine in ann a chur ina luí ar Joe Biden go gcaithfidh sé, ar mhaithe le muinín sa gcóras polaitiúil i Meiriceá, beart a dhéanamh lena chinntiú nach dtoghfar Trump arís? Go dtí seo, tá sé féin agus a theaghlach ag seasamh go daingean lena fheachtas. Tá cainteanna go leor taobh thiar de dhoirse dúnta de réir na dtuairiscí. Seo rud a chaithfidh tarlú sciobtha más leis na Daonlathaigh seans ar bith a bheith acu Trump na choinneáil as an Teach Bán. Bímis ag súil le fógra de shaghas éigin sna laethanta seo romhainn.

Fág freagra ar 'An brú ar Biden ag méadú agus cinneadh le déanamh'