Tá a gcuid éileamh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2025 curtha faoi bhráid Theachtaí Dála agus Seanadóirí ag Conradh na Gaeilge inniu agus an eagraíocht ag lorg €57 milliún breise don teanga ón Rialtas.
Bhí ionadaithe ón gConradh ag cruinniú i dTeach Laighean inniu agus bhí siad i mbun stocaireachta freisin in Óstán Buswells trasna ó Dháil Éireann.
I measc na bpríomhéileamh atá ag an gConradh mar chuid dá bhfeachtas réamhbhuiséid, táthar ag iarraidh go gcuirfeadh an Rialtas na milliúin bhreise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta, do Roinn na Gaeilge, d’Fhoras na Gaeilge agus do TG4.
Tá an Conradh ag éileamh go gcuirfí €7 milliún ar fáil do bhuiséad caipitil an Údaráis chun postanna nua a chruthú sa Ghaeltacht agus chun uasghrádú agus athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh atá i seilbh an Údaráis.
Tá an Conradh ag moladh freisin go gcuirfí €2.5 milliún breise ar fáil don phleanáil teanga sa Ghaeltacht chun oifigeach óige a fhostú i ngach limistéar pleanála teanga agus chun duine breise a fhostú i ngach Baile Seirbhíse Gaeltachta.
Tá an eagraíocht ag moladh go gcuirfeadh an comhrialtas ó dheas €10 milliún breise ar fáil i mbuiséad an fhómhair “chun réimse gníomhartha a bhaint amach” – ina measc, tuilleadh scoláireachtaí Gaeltachta a chur ar fáil agus breis lárionaid Ghaeilge a bhunú ina measc.
Agus é ag labhairt i dTeach Laighean inniu, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go mbeadh “tionchar dochreidte” ag an maoiniú breise atá á lorg i mBuiséad 2025 ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
“Chruthófaí 9,000 post breise, go háirithe sa Ghaeltacht. Bheadh 5,000 lán-scoláireacht agus 5,000 leath-scoláireacht ar fáil do pháistí faoi mhíbhuntáiste le freastai ar chúrsaí Gaeltachta. Bheadh 10,000 scoláireacht ar fáil do dhaoine fásta leis an teanga a fhoghlaim,” a dúirt sé.
Tá an Conradh ag iarraidh freisin go gcuirfí €7 milliún eile ar fáil do na comharchumainn Ghaeltachta, do na coláistí samhraidh agus do theaghlaigh a bhíonn ag iarraidh a gcuid gasúr a thógáil le Gaeilge
“Tá obair na gComharchumann Gaeltachta lárnach i gcosaint, i bhforbairt agus i gcomhordú seirbhísí do na pobail Ghaeltachta. Ní hamháin sin, ach tá na Comharchumainn tar éis glacadh le freagrachtaí breise le cúpla bliain anuas maidir leis an bpleanáil teanga.” a dúirt Gráinne Nic Niallais, Oifigeach Pleanála Teanga ar an gClochán Liath.
“Is gá a chinntiú go n-íocfar na bainisteoirí ar na Comharchumainn ar leibhéal atá cothrom, tarraingteach agus a choinníonn bainisteoirí sna poist.”
€14.5 milliún breise atá á lorg ag Conradh na Gaeilge chun tacú leis an teanga lasmuigh den Ghaeilge. Chaithfí €4.5 milliún den mhaoiniú sin ar chúrsaí pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht agus ar líon na Líonraí Gaeilge timpeall na tíre a mhéadú.
Dúirt Foras na Gaeilge an tseachtain seo caite go bhfuil grúpaí ar fud na tíre ar mhaith leo aitheantas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach ach nach féidir leis an bhForas glacadh le hiarratais eile ceal airgead breise, go háirithe ón rialtas ó thuaidh.
Maidir le TG4, tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go gcuirfí €26 milliún breise ar fáil don stáisiún Gaeilge in 2025 chun tuilleadh cláracha Gaeilge a fhorbairt le buiséad TG4 “a bhogadh i dtreo an bhuiséid a chuirtear ar fáil do S4C sa Bhreatain Bheag”, sprioc atá luaite go minic ag Ard-Stiúrthóir an stáisiúin, Alan Esslemont.
Tá éilimh Chonradh na Gaeilge do Bhuiséad 2025 bunaithe ar phlean infheistíochta na heagraíochta, An Plean Fáis, ina n-iarrtar breis is €220 milliún a chur ar fáil don Ghaeilge ó thuaidh agus ó dheas roimh 2029 chun “cothrom na Féinne” a bhaint amach don teanga.
€100 milliún a chuir an Rialtas ar fáil do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta faoi Bhuiséad 2024, i bhfad níos lú ná mar a bhí á éileamh ag an gConradh.
Agus iad ag casadh le polaiteoirí tráthnóna, tá Conradh na Gaeilge ag éileamh freisin go nglacfaí lena bpolasaí #Gaeilge4All, polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an 3ú Leibhéal, agus freisin an polasaí náisiúnta don phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht atá forbartha ag an eagraíocht.
Fág freagra ar '€57 milliún breise á lorg ag Conradh na Gaeilge ón Rialtas do chúrsaí teanga agus Gaeltachta'