Tá bagairt déanta ag coiste pobail i gceantar aontachtach in oirthear Bhéal Feirste go gcuirfidh siad in aghaidh an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge atá le bunú in oirthear na cathrach.
Tá sé á mhaíomh ag Coiste Pobail Chluan Damh, an t-eastát cónaithe is giorra don suíomh ina mbeidh an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste á lonnú, gur “gan comhairliúchán agus gan rannpháirtíocht” an phobail áitiúil a roghnaíodh láthair na scoile.
I ráiteas a scaipeadh ar na meáin shóisialta, léirigh Coiste Pobail Clonduff a míshástacht faoin scoil lán-Ghaeilge nua, Scoil na Seolta a bheith á lonnú sa cheantar. “Ní dúinne aon rud nach bhfuil muid páirteach ann [Nothing without us is for us],” a dúradh.
An tseachtain seo caite, tugadh cead pleanála don chéad bhunscoil lán-Ghaeilge Scoil na Seolta, i gceantar na Creagaí in oirthear Bhéal Feirste.
Ghlac Coiste Pleanála Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste le hiarratas don fhorbairt ina mbeidh naíonra, bunscoil agus áit spraoi ar shuíomh a bhfuil cuid de in aice le 44 Bóthar Montgomery agus cuid de taobh thoir de.
Táthar ag súil go mbeidh trí scór páiste ag fáil oideachas lán-Ghaeilge sa bhunscoil nua agus sa naíonra in Oirthear Bhéal Feirste nuair a chuirfear tús leis sa scoilbhliain úr.
Ag labhairt di ag an chruinniú, dúirt Linda Ervine ó choiste Scoil na Seolta go raibh muintir an cheantair “an-dearfach” faoin scoil nua.
Dúirt Linda Ervine go raibh plé déanta ag coiste Scoil na Seolta le roinnt grúpaí sa cheantar, grúpaí eaglaise san áireamh, agus le ceannairí pobail eastát Clonduff, an t-eastát cónaithe is giorra don suíomh.
Dúirt sí gur chuir lucht na scoile eolas faoin bplean ar fáil ag ócáidí éagsúla in oirthear Bhéal Feirste agus gur dearcadh “dearfach” a léirigh “go leor leor daoine”.
Ag an chruinniú, mhaígh comhairleoirí de chuid an DUP, a vótáil in aghaidh cead pleanála a thabhairt don scoil lán-Ghaeilge nua, go raibh imní ar dhaoine faoin scoil, go raibh teannas fúithi agus nár pléadh an scéal le muintir na háite.
Dúirt Linda Ervine gur a mhalairt a bhí fíor agus gur scaipeadh 17,000 bileog eolais faoin scoil in oirthear na cathrach. Bhí 200 léiriú spéise faighte ó thuismitheoirí páistí de gach aois, ó pháistí nuabheirthe go dtí páistí in aois scoile.
“Faoi láthair tá 60 iarratas againn ar thosú i Meán Fómhair ón gceantar áitiúil áirithe sin,” arsa Linda Ervine.
I ráiteas Choiste Pobail Clonduff dúradh nach raibh sé fíor go raibh tacaíocht mhuintir na háite ag an scoil.
“Ar mhaithe le trédhearcacht, ba mhaith linn a rá go soiléir nach raibh aon phlé in aon chor ag an ngrúpa pobail seo againne le Linda Ervine.
“Ní raibh aon phlé ach an oiread le daoine lena maíonn Linda Ervine a bheith ag obair,” a dúradh.
Mhaígh Coiste Pobail Clonduff go raibh “an rud céanna le rá ag gach áitritheoir agus gach grúpa” ar an eastát ar phléigh siadsan an scéal leo.
“Is mí-ionracas agus míchruinneas ag aon duine a mhaíomh go ndearnadh an togra seo a phlé le pobal Clonduff nuair is léir nár tharla a leithéid.
“Caithfear glacadh leis go ndearnadh é sin lena chur in iúl go rabhthas i gcomhairle leis an phobal agus go raibh tacaíocht ar fáil don togra nuair nach amhlaidh an cás.”
Dúradh nach raibh “aon chinneadh deifnídeach” déanta ag Coiste Pobail Clonduff faoin moladh, ach go gcuirfí deiseanna ar fáil do mhuintir an cheantair plé a dhéanamh faoin scoil lán-Ghaeilge a bheith sa cheantar.
Tá iarrtha ag Coiste Pobail Clonduff ar Linda Ervine, ón eagraíocht teanga Turas atá i mbun Scoil na Seolta a bhunú, teacht chuig oíche eolais le hionadaithe agus lucht cónaithe an cheantair chun an scéal a phlé.
Ag cruinniú coiste pleanála na Comhairle an tseachtain seo caite, vótáil 11 comhairleoir ar son an iarratais agus vótáil cúigear comhairleoirí de chuid an DUP ina choinne.
Mhol oifigigh na Comhairle go nglacfaí leis an iarratas pleanála agus dúradh ina dtuarascáil gur tábhachtaí an buntáiste ó thaobh an oideachais a bhain leis an bhforbairt ná an míbhuntáiste a bhain le bheith ag cailliúint talamh a bhí curtha ar leataobh d’fhorbairt gnó agus eacnamaíochta.
Fuair an Chomhairle dhá aighneacht in aghaidh an iarratais, ceann ó dhuine atá ina chónaí sa cheantar agus ceann ó ionadaí tofa. Bhain an dá aighneacht sin leis an talamh a bheith curtha ar leataobh d’fhorbairt eacnamaíochta. Naoi n-aighneacht ag tacú leis an iarratas a fuair an Chomhairle.
Rinneadh achoimre sa tuairisc phleanála ar na cúiseanna a tugadh le tacú leis an iarratas. Luadh an gá le scoil lán-Ghaeilge sa cheantar agus an scéala gurb é seo an chéad scoil dá leithéid a bheadh ann.
Dúradh go ndéanfadh an t-iarratas leas chomh maith ó thaobh na forbartha pobail agus an imeasctha shóisialta trí pháistí ó chúlraí difriúla a thabhairt le chéile “chun foghlaim le chéile, cóimheas a chothú agus cairdeas a bhunú a mhairfeadh i bhfad”.
Dúradh gur léirigh líon na léirithe spéise a bhí faighte ag an scoil go raibh éileamh uirthi sa cheantar.
Dúirt an comhairleoir de chuid an Chomhaontais Ghlais Áine Groogan gur léiriú a bhí i mbunú na scoile ar shochaí a raibh athrú chun feabhais ag teacht uirthi.
“Maidir le himní a bheith i measc an phobail, níl mé cinnte cén t-údar imní faoin bpobal a d’fhéadfadh a bheith agat faoi scata páistí idir 3-11 bliain d’aois a bheith ag teacht chun an cheantair,” arsa Áine Groogan.
In 2021 bhí ar Naíscoil na Seolta, an chéad naíonra lán-Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste, láthair nua a aimsiú mar gheall ar fheachtas fuatha a reáchtáladh in aghaidh bhunú na naíscoile.
Carraig
Pléitear leo é, labhartar leo faoi, téitear chun cainte leo mar gheall air arís is arís eile nó go bhfeicfidh siad an MHAITH a dhéanfaidh sé.
Bídís rannpháirteach ann!
Carraig
Agus bíodh páistí in bhur dteannta, sin iad an todhchaí, fágtar na biogóidí ar an gclaí.