‘Tubaisteach go bhfuil an Rialtas ag dul siar ar ghealltanas maidir le cur le líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas trí Ghaeilge’ – Sinn Féin

Deir Sinn Féin go bhfuil an Rialtas ag iarraidh gealltanas a rinneadh in 2020 a chaitheamh i dtraipisí

‘Tubaisteach go bhfuil an Rialtas ag dul siar ar ghealltanas maidir le cur le líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas trí Ghaeilge’ – Sinn Féin

Deir Sinn Féin gur léir go bhfuil an Rialtas ag iarraidh tarraingt siar ó ghealltanas a rinneadh líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas trí Ghaeilge a mhéadú faoi dhó.

Sa chlár rialtais a foilsíodh in 2020, dúirt Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas go raibh sé mar chuspóir acu “líon na ndaoine óga atá i scoileanna Gaeilge faoi láthair a dhúbailt”.

Léirigh anailís atá déanta ag Tuairisc agus ag an Roinn Oideachais féin go bhfuil líon agus céatadán na ndaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge tite ó tháinig an rialtas seo i bhfeidhm.

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, gur léir ó fhreagra ar cheist Dála a fuair sé ón Aire Oideachais, go bhfuil an Rialtas anois ag iarraidh an gealltanas a rinneadh in 2020 a chaitheamh i dtraipisí i bhfianaise.

Lorg an Teachta Ó Snodaigh dáta faoina mbainfí amach an gealltanais faoi líon na ndaltaí sa chóras Gaeloideachais a dhúbailt ach sprioc dhifriúil a luaigh an tAire Norma Foley ina freagra.

Agus í ag tagairt d’aidhmeanna an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, atá á fhorbairt faoi láthair, dúirt an tAire go raibh a Roinn ag iarraidh “an líon leanaí agus daoine óga atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge a mhéadú”. Níor luaigh sí an sprioc sa Chlár Rialtais na figiúirí a dhúbailt áit ar bith sa fhreagra.

“Tá sé thar a bheith tubaisteach go bhfuil an Rialtas agus an tAire Norma Foley ag tarraingt siar ó gheallúint a rinne siad sa Chlár Rialtais,” a dúirt an Teachta Ó Snodaigh.

“Níl fiú tagairt sa bhfreagra don gheallúint úd. Is léir nach bhfuil dúbailt ar an nGaeloideachas mar sprioc a thuilleadh ag Fianna Fáil, Fine Gael nó na Glasaigh.

“Tá Sinn Féin den tuairim gur chóir cloí le geallúintí, go háirithe maidir le soláthar an Ghaeloideachais, atá mar cheart ag ár leanaí, agus oibreoidh Sinn Féin ag gach leibhéal chun an ceart sin a bhaint amach.”

Chomh maith leis an ngealltanas cur le líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge, bhí gealltanais eile sa chlár rialtais maidir le beartas cuimsitheach a sholáthar don Ghaeilge ón oideachas réamhscoile go hoiliúint múinteoirí le haghaidh gach scoil, agus Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a chur ar fáil san áit a mbíonn éileamh mór ann.

D’éiligh Conradh na Gaeilge ar an Taoiseach nua Simon Harris go gceapfaí Aire Stáit don Ghaeloideachas a bheadh freagrach as na gealltanais sin agus as an nGaeilge sa chóras oideachais.

Maidir leis an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, dúirt an tAire Foley go raibh súil aici go mbeadh sé i bhfeidhm sa bhfómhar, roimh thús na chéad scoilbhliana eile.

Chomh maith le líon na ndaltaí sa chóras Gaeloideachais a mhéadú, dúirt sí go mbeadh sé mar sprioc ag an bpolasaí iniúchadh a dhéanamh ar na deiseanna atá ann scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú agus iniúchadh a dhéanamh freisin ar an soláthar múinteoirí atá in ann teagasc trí Ghaeilge.

Fág freagra ar '‘Tubaisteach go bhfuil an Rialtas ag dul siar ar ghealltanas maidir le cur le líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas trí Ghaeilge’ – Sinn Féin'

  • Gabriel Rosenstock

    Tréas cultúrtha?

  • Seán Mac Cearáin

    Níl mé i bhfách leis an rialtas seo ar bhealach ar bith,ach nil sa mhéid a deir Sinn Féin fá dtaobh de seo ach bolscaireacht.Ní féidir le Rialtas jabana a chruthú agus ar an dóigh céanna ní féidir le rialtas ar bith brú a chur ar dhaoine a gcuid páistí a chur chuig Gaelscoil.

  • PádraigÓB

    Cá bhfaigheann an léitheoir roimhe seo an t-eolas san alt gur BRÚ a bheadh i gceist? Mar eolas, tá éileamh mór ar an nGaelscolaíocht le blianta fada i gceantair éagsúla ar fud na tíre agus is rogha tuismitheoirí a gcuid páistí freastal ar ghaelscoileanna ach níl teacht ag na páistí ansin ar oideachas trí mheán na Gaeilge san iar-bhunscoil! Cá bhfuil an brú?! A mhalairt atá i gceist. D’aon duine gur spéis leo an Ghaeilge, agus a leanann na feachtais atá ar bun ar an ábhar, thuigfidís gur tiomantas atá ann don oideachas lán-Ghaeilge agus don Ghaeilge! Ní BRÚ!