Tá feabhas a chur ar na meáin Ghaeilge luaite i measc na bpríomhphrionsabail atá leagtha síos ag Coimisiún na Meán i straitéis nua.
Coimisiún na Meán féin agus “an earnáil ina hiomláine” a bheidh freagrach as feabhas a chur ar “cháilíocht agus éagsúlacht” na meán Gaeilge, a deirtear sa straitéis nua a bhaineann le cúrsaí inscne, comhionannais agus éagsúlachta sna meáin chlosamhairc.
Dúirt an Coimisinéir ar Fhorbairt na Meán, Rónán Ó Domhnaill, gur “dlúthchuid” de chur chun cinn an chomhionannais agus na héagsúlachta in Éirinn é go mbeadh ábhar Gaeilge ar ardchaighdeán sna meáin.
Deirtear sa straitéis nua go dtabharfar aghaidh ar fheabhas a chur ar na meáin Gaeilge freisin san athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge atá á dhéanamh ag Coimisiún na Meán faoi láthair.
Agus é ag labhairt mar gheall ar fhoilsiú An Straitéis um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht, dúirt Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir ar Fhorbairt na Meán, gur tosaíocht ag an gCoimisiún ó uair a bhunaithe “éagsúlacht na sochaí in Éirinn a léiriú i gceart sna meáin”.
“Céim mhór is ea é gur foilsíodh An Straitéis um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht le haghaidh earnáil na meán in Éirinn agus cinnteofar mar thoradh go mbeidh teacht ag cách in Éirinn ar earnáil meán closamhairc atá ionchuimsitheach agus éagsúil agus ina léirítear Éire ár linne,” arsa Rónán Ó Domhnaill.
Tá athbhreithniú agus measúnú á ndéanamh faoi láthair ar na meáin Ghaeilge ag Coimisiún na Meán chomh maith.
Díreoidh an t-athbhreithniú sin ar na meáin Ghaeilge chraolta agus scríofa, ar líne agus as líne, agus ar an soláthar don Ghaeilge sna meáin Bhéarla. Seo an chéad uair a ndearnadh athbhreithniú cuimsitheach dá leithéid.
Déanfar athbhreithniú ar na róil atá ag TG4 agus RTÉ “mar choimisinéirí agus soláthróirí ábhair Ghaeilge”.
Féachfar chomh maith ar shaothar Raidió na Gaeltachta, a “ról náisiúnta” agus “a ról i gceantair Ghaeltachta” agus “ar an teacht atá aige ar ioncam tráchtála”.
Beidh béim chomh maith ar na dualgais reachtúla atá ann i dtaobh soláthar ábhar i nGaeilge agus féachfar ar na “deiseanna comhpháirtíochta” idir na meáin éagsúla.
Mar chuid de chéad chéim an athbhreithnithe, déanfar anailís ar an ábhar atá ar fáil i nGaeilge sna meán.
Reáchtálfar chomh maith pobalbhreith sa Ghaeltacht agus lasmuigh di chun tuairimí an phobail a bhailiú “faoi éifeachtúlacht agus ábharthacht na meán Gaeilge”.
Bainfear leas as torthaí na pobalbhreithe agus an anailís a dhéanfar orthu le polasaithe nua a cheapadh.
Ar deireadh foilseofar tuarascáil a bheidh bunaithe ar an anailís agus an taighde, tuarascáil ina ndéanfar moltaí maidir leis na réimsí is práinní a dteastaíonn gníomh iontu.
Gerry Sóna
Nuair nach bhfuil móran Gaeilge clóite againn anois…gan núachtán agus b’fhiedir cúpla iris ar a meid, ba chóir díriú ar na núachtan ó Sasana ar díol sa tír seo. Níl sid ag deanamh freastal ar pobal na tíre ar fad gan cúpla iriseoir le Gaeilge a fhostú le altanna i nGaeilge a chur amach gach lá sna nuachtáin sin….iad scaipthe anseo is ansiud ar na leathnaigh go normalta .