Deir ceathrar den 14 feisire Eorpach atá tofa chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn san AE go labhróidh siad Gaeilge sa Pharlaimint “go rialta” agus mar “ghnáthchleachtas”.
I dtoghlach an Deiscirt a toghadh triúr den cheathrar cainteoirí Gaeilge a bheidh sa chéad Pharlaimint eile san Aontas Eorpach, Seán Kelly (FG), Billy Kelleher (FF) agus Cynthia Ní Mhurchú (FF) agus i mBaile Átha Cliath a toghadh Aodhán Ó Ríordáin (LO).
Fágann sin gur toghadh ceathrar den seachtar iarrthóirí a dúirt le Conradh na Gaeilge roimh an toghchán go labhróidís Gaeilge sa Pharlaimint go rialta.
Cainteoirí Gaeilge an-líofa iad Seán Kelly, Cynthia Ní Mhurchú agus Aodhán Ó Ríordáin.
Tá dóthain Gaeilge ag Billy Kelleher chomh maith chun agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge, an tslat tomhais a bhíonn ag Tuairisc chun líofacht polaiteoirí a mheas.
Labhair Seán Kelly agus Billy Kelleher Gaeilge le linn a dtréimhsí go dtí seo i bParlaimint na hEorpa.
Deir Kelly, Kelleher, Cynthia Ní Mhurchú agus Aodhán Ó Ríordáin go ndéanfaidh siad amhlaidh sa Pharlaimint nua.
Cinneadh mí an Mhárta seo caite nach mbeadh dualgas ar an bParlaimint seirbhísí iomlána aistriúcháin agus ateangaireachta a chur ar fáil i nGaeilge go dtí deireadh na bliana 2029 ar a luaithe.
Vótáladh san earrach síneadh go dtí deireadh an chéad téarma eile a chur le riail a fhágann nach gá na seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge agus i Máltais.
Easpa aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge is cúis leis an gcinneadh gan seirbhísí uile na Parlaiminte a chur ar fáil i nGaeilge, a deirtear
Dúirt Cynthia Ní Mhurchú go dtabharfadh sí tús áite don Ghaeilge dá dtoghfaí í agus dúirt sí gur chóir deireadh a chur láithreach leis an socrú “a fhágann ár dteanga náisiúnta ar leataobh in institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil”.
“Má éiríonn liom a bheith tofa, geallaim go dtabharfar tús áite do vóta nua i bParlaimint na hEorpa maidir le soláthar ateangaireachta Gaeilge sa Pharlaimint, chun deireadh a chur leis an maolú ar sholáthar na seirbhíse seo go 2029, agus chun a chinntiú go gcuirfear deireadh le constaicí d’ateangairí a fhostú le Gaeilge.
@cynimhurchu ag caint ar @NuachtTG4 anocht faoina cuspóirí maidir le stádas na #Gaeilge san Aontas Eorpach @CnaG pic.twitter.com/BWyZSJ06w4
— Ailbhe Ó Monacháin (@AilbheOM) June 11, 2024
“Is mór an náire é an maolú seo. Céim siar arís í don Ghaeilge agus ní chuirfidh mé suas le díghrádú na teanga a thuilleadh.”
As an 40 iarrthóir a thug freagra ar shuirbhé réamhthoghcháin Chonradh na Gaeilge, ní raibh ach seachtar a thug le fios go mbeadh siad in ann agus sásta an Ghaeilge a labhairt go rialta sa Pharlaimint agus go mbainfeadh siad úsáid as an teanga mar ghnáthchleachtas.
Tá 14 feisire Eorpach tofa i dtoghlaigh na hÉireann. Sa Deisceart, toghadh Seán Kelly (FG), Billy Kelleher (FF), Michael MacNamara (NS) agus Kathleen Funchion(SF) agus Cynthia Ní Mhurchú (FF). I Lár Tíre-an tIarthuaisceart toghadh Luke ‘Ming’ Flanagan (NS), Barry Cowen (FF), Nina Carberry (FG), Maria Walsh (FG) agus Ciarán Mullooly (NS).
I mBaile Átha Cliath, toghadh Barry Andrews (FF), Regina Doherty (FG), Lynn Boylan (SF) agus Aodhán Ó Ríordáin (LO).
Pádraig
Is é an trua nach bhfuil Gaeilge ag Maria Walsh ar cainteoir dúchais as Conamara í a máthair.
Maidir leis an srian ar na seirbhísí teanga san AE, baineann sé sin leis an easpa daoine oilte le Gaeilge. Ní ar an AE atá an locht.
Conán Maol
Scéal osreálaíoch ar fad é an hurlamáboc go léir faoin Ghaeilge san AE nuar nach labhairtear í ach go hannamh i Leinster House, sa Seanad ach go háirithe.