Focail “bheaga shimplí” ab ea na focail ba mhó cuardach ar foclóir.ie arís i mbliana.
‘For’, ‘go’ agus ‘be’ na trí fhocal ba mhó cuardach i mbliana. Bhí ‘love’, ‘fun’ agus ‘help’ i measc na ndeich bhfocal is mó cuardach i mbliana, mar a bhí anuraidh.
| Na deich bhfocal is mó cuardach | ||
|---|---|---|
| 2023 | 2022 | |
| 1 | for | for |
| 2 | go | go |
| 3 | be | to |
| 4 | play | play |
| 5 | to | be |
| 6 | get | fun |
| 7 | do | help |
| 8 | help | get |
| 9 | show | love |
| 10 | love | do |
Briathra a bhí sna deich bhfocal is mó cuardach ar Teanglann.ie in 2023 agus ‘bí’, ‘téigh’ agus ‘tabhair’ a bhí sa chéad trí áit.
| Foclóir Uí Dhónaill | |
|---|---|
| 1 | Bí |
| 2 | Téigh |
| 3 | Tabhair |
| 4 | Faigh |
| 5 | Déan |
| 6 | Tar |
| 7 | Abair |
| 8 | Cuir |
| 9 | Bain |
| 10 | Caith |
Briathra chomh maith a bhí sna deich bhfocal ba mhó ar lorg daoine eolas fúthu ó thaobh na gramadaí de.
An focal ‘leanbh’ agus an focal ‘Gaeilge’ féin na focail ba mhó a raibh daoine ag iarraidh éisteacht leo á rá ar bhunachar fuaime Teanglann.ie i mbliana. Bhí roinnt focal ar ainmneacha coitianta iad chomh maith ar na deich bhfocal is mó ar éist daoine leo, ina measc Aoibh, Síofra agus Bláithín.
| An Bunachar Fuaime | |
|---|---|
| 1 |
Leanbh |
| 2 |
Gaeilge |
| 3 |
Cuan |
| 4 |
Caoineadh |
| 5 |
Aoibh |
| 6 |
Síofra |
| 7 |
Oíche |
| 8 |
Gealach |
| 9 |
Aoibhinn |
| 10 |
Bláithín |
Cuireadh aistriúcháin Ghaeilge ar fáil i mbliana ar théarmaí amhail ‘Barter account’, ‘air fryer’ ‘non-binary’ agus ‘sucking diesel’ agus cuireadh na céadta focal agus nathanna cainte leis an suíomh foclóir.ie.
Ar Teanglann.ie, ba ar fhoclóir Uí Dhónaill a bhí 47% den trácht in 2023 agus 19% den trácht a bhí ar fhoclóir de Bhaldraithe. 13% den trácht is go dtí na comhaid fuaime a bhí sé agus bhain 10% leis na comhaid ghramadaí.
“An príomhthátal atá le baint as na figiúirí sin ná an riachtanas atá ag pobal na teanga le foclóir cuimsitheach comhaimseartha Gaeilge-Béarla,” a dúirt urlabhraí ó fhoireann foclóireachta Fhoras na Gaeilge.
1.9 milliún duine a bhain úsáid as Foclóir.ie in 2023 agus thug na daoine sin 5.8 milliún cuairt ar an suíomh. 28 milliún ‘amas’ a bhí i gceist.
In Éirinn (68%), na Stáit Aontaithe (21%) agus an Bhreatain (4%) is mó a bhíonn trácht ar na suíomhanna foclóireachta.
Tá lucht na bhfoclóirí tosaithe ag obair ar dhá fhoclóir nua a fhoilsiú, an chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge agus mórfhoclóir nua Gaeilge-Béarla.
Beidh an dá fhoclóir sin ar aon mhéid leis an bhfoclóir clóite Concise English-Irish Dictionary a foilsíodh in 2020.
Fág freagra ar 'Na focail is mó cuardach agus éisteacht in 2023'