Bhí mé ar an LUAS an lá ar tosaíodh an tseirbhís. Trí bliana déag d’aois a bhí mé an Chéadaoin sin, an 30 Meitheamh 2004, agus thug m’athair mé féin agus mo dheirfiúr isteach le turas a thabhairt ar an Líne Uaine (mar a thugtaí an uair sin uirthi ach an ‘Líne Ghlas’ atá anois ann).
Is beag gnó a bhíodh againn ar an taobh ó dheas den chathair – cé is moite de chuairteanna rialta ar an ngabha buí Ray Murphy agus ar an ngloineadóir uaireadóirí George Patton ar Ché an Bhúrcaigh agus ar an soláthraí uirlisí seodóireachta PJ Dix ar Ché Aston – ach rinne muid ár mbealach go speisialta an lá sin ar bhus a 123 go Sráid an Dáma agus de shiúl na gcos go Faiche Stiabhna.
Saor in aisce a bhí na ticéid an lá sin agus bhí an t-ardán ag Coláiste Ríoga na Máinlianna plódaithe le daoine a bhí ag iarraidh geábh amach faoi bhruachbhailte an deiscirt a thabhairt.
Seans maith go raibh gnó tábhachtach ag cuid mhaith de na daoine eile sin a bhí inár dtimpeall ach níor theastaigh uainne ach an turas 20 nóiméad go hÁth an Ghainimh a dhéanamh, imeacht den tram, na rianta a thrasnú, agus an turas 20 nóiméad ar ais go lár na cathrach.
Rinne muid an rud céanna nuair a osclaíodh an Líne Dhearg ó Stáisiún Uí Chonghaile go Tamhlacht trí mhí ina dhiaidh sin, ar chaogadú lá breithe m’athair. Isteach go speisialta ar an mbus gan aon ghnó againn ach triail a bhaint as an tram úrnua. An geábh sin, stop muid leath bealaigh ar an mbealach abhaile mar ar casadh deirfiúr m’athar orainn ag an stáisiún nua ina aice a tí ag an gCapall Dubh.
Trí bliana déag ina dhiaidh sin, chonaic m’athair go leor den obair a bhíothas a dhéanamh ar an Luas Traschathrach agus é ag dul isteach is amach ó Ospidéal an Mater in 2016 agus 2017. Ba le croí trom a rinne mé oilithreacht bheag aonair ina ómós nuair a osclaíodh an líne sin ar an 9 Nollaig 2017, sé lá i ndiaidh a bháis.
Is iontach an tseirbhís é an LUAS agus is fearr fós an scéala go bhfuil sé i gceist na línte atá ann cheana a shíneadh chomh fada le Fionnghlas, Leamhcán, Bré, agus an Poll Beag agus línte eile fós a thógáil. Drochscéal é nach bhfuil a macasamhail de sheirbhís in aon chathair eile in Éirinn fós, 20 bliain i ndiaidh don chéad tram sin na chéad phaisinéirí a thabhairt ó Áth an Ghainimh go Faiche Stiabhna.
Tá cathair na Gaillimhe plúchta ag an trácht agus ag comhairleoirí cathrach nach dtuigeann luach an taistil ghlais. Dá gcaithfí leath an oiread ama agus aon cheathrú cuid den airgead atá curtha amú ar chuarbhóthar breise timpeall na cathrach bheadh ‘Gluais’ dá gcuid féin ag muintir na Gaillimhe cheana féin.
Tá caint bheag ar a leithéid ó bhí casadh na Mílaoise ann ach go dtí gur fhógair an tAire Iompair Eamon Ryan go ndéanfaí staidéar féidearthachta in 2021 níor thug aon rialtas tacaíocht don smaoineamh. Thug an tAire Ryan le fios i mí na Bealtaine go bhfuil an staidéar sin “críochnaithe a bheag nó a mhór” – dea-scéala eile.
Ní leor staidéar féidearthachta amháin i gcathair amháin, mar sin féin. Más fúinn an taisteal glas a chur chun cinn agus na spriocanna aeráide a bhaint amach ní mór don rialtas a bheith ag smaoineamh ní hamháin ar ‘Gluais’ na Gaillimhe, ach ar ‘Cluas’ i gCorcaigh, agus ‘Lluas’ (is dóigh go mbeadh luas dúbailte faoin gceann sin) i Luimneach.
Fág freagra ar 'Más fúinn an taisteal glas a chur chun cinn teastaíonn ‘Gluais’ na Gaillimhe'