Ná fág ‘Go Deireanach, Oíche Nollag’ é – ceannaígí na leabhair Ghaeilge seo anois!

Ní mé an leor coicís le féasta na bliana seo a shlogadh mar is mairg a bheadh ag caoineadh easpa leabhar Gaeilge agus an t-éacht atá déanta ag scríbhneoirí agus foilsitheoirí le cúpla bliain

Ná fág ‘Go Deireanach, Oíche Nollag’ é – ceannaígí na leabhair Ghaeilge seo anois!

Tá de bhrabach ar an Nollaig nach gcáintear an díomhaointeas agus an teolaíocht agus go dtugann an t-airneán agus an dúluachair leithscéal breá do dhuine le sásamh a bhaint as an mbarr is deireanaí leabhar agus athléamh a dhéanamh ar na seanchairde.

Ní mé an leor coicís le féasta na bliana seo a shlogadh mar is mairg a bheadh ag caoineadh easpa leabhar Gaeilge agus an t-éacht atá déanta ag scríbhneoirí agus foilsitheoirí le cúpla bliain.

Is beag againn nach bhfuil eolas againn anois ar Phádraig Mhicheáil Airt as Gaoth Dobhair a crochadh as spíodóir na Invincibles a mharú a bhuíochas do leabhar Sheáin Uí Chuirreáin The Queen v Patrick O’Donnell agus an clár faisnéise a d’eascair as.

Úrscéal le Séamus Ó Grianna [Máire] nár foilsíodh riamh é Báire na Fola atá curtha in eagar ag Nollaig Mac Congáil agus foilsithe ag Arlen House. Tráth seo na beadaíochta bronn an leabhar seo ort féin nó ar aon duine a bhaineann taitneamh as Gaeilge cheolmhar Rann na Feirste atá beag beann ar aon teanga eile a labhraíodh riamh. Tá Báire na Fola ar cheann de mhórsheoda na bliana agamsa.

Is iomaí comhluadar agus pearsa mhór staire a gcaithfidh tú seal ina dteannta sa leabhar seo agus feachtas Chumann na Talún, Home Rule agus na Invincibles faoi lán seoil. Tá dhá inseacht ar gach scéal agus nach cuma ach é a inseacht go maith.

Ní hannamh le saothair faoin bhfealsúnacht a bheith tur tuirsiúil agus fuinneamh is díocas de dhíth le tabhairt fúthu ach eisceacht atá sa leabhar iontach spéisiúil nua le Antain Mac Lochlainn, Tóraíocht na Dea-Bheatha ó Leabhar Breac. Is pléisiúr ceart a bhí sa leabhar seo agus é de bhua ag an ngabha focal ealaíonta seo friotal a scríobh atá soiléir sothuigthe, bíodh an t-ábhar atá faoi chaibidil aige casta nó ná bíodh.

Údar léannta eile a bhfuil bua sin na soiléire is na deise labhartha aici is ea Ríona Mac Congáil agus bhí mé meallta go hiomlán ag an leabhar is déanaí dá cuid a d’fhoilsigh CLÓ [Cló Léann na Gaeilge], An Óige agus an Athbheochan ina ndéanann sí anailís ar an dearcadh a bhí ag lucht na hathbheochana ar an óige.

Ransaíonn sí foilseacháin is tuairiscí go leor agus í i mbun a cuid taighde sula ndéanann sí grinn-anailís ar an gcur chuige agus an meon a bhí taobh thiar de na scéimeanna agus na polasaithe. Ní haon iontas gur aibhsigh an t-údar meabhrach seo a laghad údaráis a bhíodh ag mná agus cinntí á ndéanamh ag teangaghráthóirí agus iad “cherishing all the children of the nation”, bídís faoin tuath nó sa gcathair. Éacht taighde is próis.

Seodleabhar eile nach dtiocfaidh a leithéid faoi do láimh rómhinic is ea Snátha den Seansaol/ Strands of Traditional Life le Pádraig Ó Héalaí, leabhar toirtiúil a mbeidh tú ag baint smailcíní as go brách faoi bhéaloideas is traidisiúin an Bhlascaoid agus na míntíre Duibhní.

Más irisí pobail do ghrásta bainfidh tú an-sásamh go deo as Iorras Aithneach 2022, iris bhliantúil an phobail atá thar maoil le scéalta, pictiúir, stair agus seanchas beag is mór, sa mbaile agus i gcéin. Is iontach go deo an féirín í seo do dhuine ar bith a bhfuil a chroí sna bólaí breátha sin.

Más geampaí filíochta is fearr leat faoi Nollaig, tá leat mar tá cnuasach snoite nua le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, Tonn Teaspaigh & Dánta Eile, foilsithe ag Éabhlóid, foilsitheoirí a chuir an-chomaoin orainn le tamall blianta. Mar is dual di tá lón machnaimh is pléisiúir sa saothar álainn seo ón bpeannaire ildánach.

Ós ag caint ar mhná na filíochta muid ná dearmad Mná dár mhair le Áine Uí Fhoghlú ó Coiscéim, leabhar a dhéanann comóradh ar mhná na cruinne, bíodh ainm in airde orthu nó ná bíodh.

Más le do chluais is milse filíocht faigh an CD Cinnlínte:Breaking Verse leis an draoi Duibhneach Dairena Ní Chinnéide agus tionlacan diamhair ceoil leis ag Steve Cooney agus Rónán Ó Snodaigh. Aoibhinn ar fad.

Ná dearmadtar na déagóirí agus dhá aistriúchán phaiteanta le Máirín Nic Con Iomaire tagtha chugainn ó Barzaz a bhaineann le saol corrach an lae inniu, Na Ríthe Beaga le Delphine de Vigan agus Khalil le Yasmina Khadra. Úrscéal álainn eile do dhéagóirí é Faoi Cheilt le Thierry Robberecht atá aistrithe ag Aifric Mac Aodha agus foilsithe ag An Gúm, scéal dóchais atá bunaithe ar champaí teifeach Calais na Fraince.

In 2021 a tháinig Feirm na nAinmhithe le George Orwell ó Coiscéim agus é aistrithe ag Aindrias Ó Cathasaigh ach is maith tráthúil an lón é do dhéagóirí i mbliana. Tá dhá leabhar áille eile do dhéagóirí óga ar fáil ó shaineolaí léitheoireachta Inis Oírr, Máire Uí Dhufaigh, An Garda Cósta agus Raic a bhfuil eachtraíocht, dúchas agus nádúr ag brúchtaíl iontu.

Ar ndóigh is do leanaí an Nollaig agus is dóibh a chumtar an draíocht agus má tá aon pháiste ar d’aithne ná fág gan leabhar nua Gaeilge iad a bheidh fós acu nuair a bheidh na bréagáin cuileáilte. Níl duine fásta ná leanbh nach mbeidh práinneach as mo rogha féin de leabhair na leanaí. Faoi dhathanna an chuilinn atá Cuairt San Nioclás nó ‘Go Deireanach, Oíche Nollag’ ó Leabhar Breac a scríobh [b’fhéidir] Clement Clarke Moore ar dtús in 1823 i Nua-Eabhrac.

Tá aistriúchán breá Gaelach déanta ag Darach Ó Scolaí ar an dán cáiliúil agus na pictiúir a rinne Jessie Wilcox Smith athsheolta go snasta ag an dearthóir stuama Caomhán Ó Scolaí. Seo leabhar a bheidh fós sa teach agus na páistí ag tindeáil ar a sliocht féin mar is seod ar leith gach orlach maoithneach di. Leag ar an matal an féirín seo agus beidh do chuid maisiúchán Nollag déanta agat! Is breá liom ainmneacha na réinfhianna cáiliúla siúd.

Cuir sa stoca é in éineacht leis An Slipéar Gloine le Fearghas Mac Lochlainn, a d’fhoilsigh an foilsitheoir Futa Fata, agus a thuill Gradam Réics Carló do leabhar leanaí na bliana. Tá na véarsaí sa leabhar seo chomh fileata nádúrtha so-ráite go mbeidh tú á n-aithris leat agus an páiste tite ina chodladh agus bainfidh seanghasúir sásamh astu freisin. Leabhar iontach eile atá tráthúil tráth seo an éadóchais faoin gcomhshaol is ea Rita agus an Fathach le Máire Zepf foilsithe ag An tSnáthaid Mhór agus ealaín fhíorghleoite ann ag Mr Ando.

Tá trí leabhar eile sa tsraith Dónall Dána|/Horrid Henry ó Chló Iar-Chonnacht, aistrithe ag Fearghas Mac Lochlainn, sraith a bhfuil an-tóir ag Gaeil óga uirthi. Téama na Nollag atá sna trí leabhar nua seo –Dónall Dána agus Dráma na Nollag, Dónall Dána agus Fear Sneachta an Uafáis, agus Ag Maisiú Pheigí Phusach.

Sibhse ar gean libh scéalta Joe Steve Ó Neachtain tá leabhar nua leis foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, Oiread Áiméan, ina bhfuil 5 scéilín a thaitneoidh le gasúir agus le daoine fásta – ábhar a raibh Joe ag obair air sular sciobadh uainn é. Scéalta airneáin is siamsaíochta ar an tseanstíl iad seo atá go haoibhinn ar fad, bíodh tú sean nó óg. Á gcloisteáil cois tine a bhí mé agus mé á léamh ar bhus plódaithe! Cá bhfios nár mhaith linn againn an scéalaíocht arís nuair a theipfeas ar an leictreachas?

Tá mo lón Gaeilge Nollag fhéin coinnithe i dtaisce sa gcomhra agamsa ar fhaitíos nach gcasfaí Santaí an bealach. Ceallach le Diarmuid Johnson ó Leabhar Breac. Cín lae atá anseo le Ceallach – manach, deoraí, díthreabhach, bunaitheoir mainistreacha a thug a ainm do Sankt Gallen san Eilvéis.

Thabharfainn barántas le saothar ar bith ó Leabhar Breac agus Johnson mar tá a gcumas léirithe acu cheana. Murdar ar an Lochán Beag le Peadar G Ó Máille, ceann eile atá ag fanacht liom, scéal faoi Chogadh na Saoirse a bhfuil blaiseadh beag blasta de faighte agam. Is le déanaí a casadh Fatwa le Proinsias Mac an Bhaird i mo bhealach agus má tá aon ghaol aige leis an leabhar iontach Tairngreacht leis an údar céanna, tá pléisiúr i ndán dom. Leabhar eile ó Chló Iar-Chonnacht atá á spáráil agam len í a léamh ar mo shuaimhneas, Dhá Leagan Déag – Léargas Nua ar an Sean-Nós le Philip Fogarty, Tiber Falzett agus Lillis Ó Laoire.

Fág freagra ar 'Ná fág ‘Go Deireanach, Oíche Nollag’ é – ceannaígí na leabhair Ghaeilge seo anois!'