Ná diail an country é? Seó bóthair RTÉ agus na coistí Oireachtais

Bheadh thiar ar lucht na cruthaitheachta in HBO dá mbeadh orthu scéal chomh háiféiseach le conspóid RTÉ a scríobh

Ná diail an country é? Seó bóthair RTÉ agus na coistí Oireachtais

Ní raibh riamh an oiread iomrá san meáin faoi fhlip fleapanna agus ní raibh an oiread tóra ar Oireachtas TV. Amhail Colasaem na sean-Róimhe bhí gliairí agus sceilpíní gabhair RTÉ ar ais os comhair coiste Dála ar an gCéadaoin lena gcaifeachas a mhíniú. Cíocras fola ar na Teachtaí Dála. Iad buíoch go bhfuil cíor thuathail RTÉ ag tarraingt airde ar Dhomhnach Broc seachas orthu féin. Súp go cluasa ar chuid acu go bhfuil deis acu sleaiseanna a chaitheamh le dream a bhíonn ag caitheamh sleaiseanna leo. Sé huaire an chloig de spórt fola. Bhí an áit agus an tír ar tinneall.

Dá n-iarrfaí ar lucht na cruthaitheachta in HBO a leithéid a scríobh bheadh siad i bponc. Go deimhin ag tosach an chruinnithe thug an Cathaoirleach Niamh Smyth aitheasc sollúnta uaithi ag impí ar rannpháirtithe guaim a choimeád orthu féin. Vae linn ansin. Chuir Cathaoireach an Bhoird, Siún na Raghallaigh an lasair sa bharrach ar an bpointe ag rá go bhfuil an eagraíocht ‘croite ó bhonn’. D’admhaigh an Cathaoirleach chomh maith go bhfuil sí in amhras go dtiocfaidh a thuilleadh eolais chun solais sna laethanta agus seachtainí amach romhainn. Amhail na sraitheanna teilifíse coimeádfar ar cipíní sinn ó shéasúr go séasúr.

Bhí ceisteanna agus freagraí á raideadh soir siar. Carúil, sleaiseanna agus gach re sea acu le chéile. Timmy Dooley ag luí isteach ar liúntais charranna, aird á tarraingt ar chairt a bhí ar iasacht neamhcheadaithe ar feadh cúig bliana agus a tugadh ar ais an lá roimhe sin.

Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin gur fear eile ó chontae an Chláir, Marty Morrissey, fear na cairte. Thug Imelda Munster fogha faoi Geraldine O’Leary, ceann feadhna na tráchtála, maidir lena “hubby” a thabhairt léi chuig ócáidí éagsúla. Chaith Geraldine speach á rá gurbh ise ba chionsiocair le teacht isteach tráchtála €1.65 billiún. Ní raibh sa chaiteachas fánach seo ach 0.1% de sin.

Chaitheas gúgláil a dhéanamh ar Soho House a bhfuil táille bhliantúil €4,200 ag baint le ballraíocht ann. Ambaiste níl aon droch-chuma ar an áit ach shamhlóinn é mar áit spraoi seachas áit ghnó, ach cá bhfios domsa. Ansan bhí na flip fleapanna againn. Is gearr go mbeidh a gcuntas giolcaireachta féin acu. €25 an ceann. ‘Ná diail an country é?’ fé mar deir siad ó dheas. Ní foláir nó go bhfuil lógó RTÉ greanta orthu; coimeád do shúile oscailte ar an tráigh i mbliana féachaint an gcífeá aon cheann acu.

D’fhéadfaí sraith teilifíse 10 séasúr, 20 clár an ceann, a dhéanamh ar cheolchoirm an Toy Show. Tubaiste má bhí a leithéid riamh ann. Caillteanas de €2.2 milliún ag dul leis. Ba dheas mar a bhí sé déanta amach ag Brendan Griffin go raibh siad cothrom le táille an cheadúnais teilifíse ó mhuintir Thrá Lí agus Chill Airne. Luach ar airgead?

Deinimse amach go bhféadfadh 88,000 flip fleap a bheith ceannaithe ar an méid sin.

Seó bóthair agus ní faic é go dtiocfaidh Ryan Turbridy é féin os comhair an choiste an tseachtain seo chugainn.

 

Fág freagra ar 'Ná diail an country é? Seó bóthair RTÉ agus na coistí Oireachtais'

  • Gael thar lear

    Cúis díomá dhom go bhfuil na meáin gafa leis an scéal gan tábhacht seo. Is beag suarach iad na caiteachais atá i gceist, agus nach cuma sa tsioc cén tuarastal a gheibheadh Ryan Tubridy nó cén tslí gur íocadh é. An cuimhin le héinne an ghéarchéim tithíochta? Easpa rialtais sa Tuaisceart? An cogadh san Úcráin?