Na curiarrachtaí á sárú ag Buckley agus údar dóchais Luimnigh – ceachtanna CLG…

Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar chluichí ceannais Faoi-21 iomána agus camógaíochta na hÉireann a imríodh thar an deireadh seachtaine

Na curiarrachtaí á sárú ag Buckley agus údar dóchais Luimnigh – ceachtanna CLG…

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Rena Buckley gan sárú

Nuair a d’ardaigh sí Corn Uí Dhufaigh ar Ardán Uí Ógáin inné, ba í Rena Buckley an chéad bhean riamh a thug léi mar chaptaen ar a contae dúchais Craobhchomórtas Sinsear Pheil na mBan agus Craobhchomórtas Sinsear na Camógaíochta.

Ní hamháin sin, ach ó bhuaigh sí bonn eile Dé Domhnaigh, níl a sárú le fáil anois ó thaobh líon na mbonn uile-Éireann. 18 bonn atá anois buaite ag bean Inis Cara ó 2005, 11 bonn sa pheil agus seacht gcinn sa chamógaíocht.

Cé gurb é seo an 13ú séasúr atá caite ag Buckley ag imirt le foirne idirchontae Chorcaí, ní hé go bhfuil na boinn seo á mbuachan aici gan dua.

Is í Buckley croílár na cosanta ag Corcaigh sa líne lánchúil agus ainmníodh í ar fhoireann na bliana The Sunday Game de thoradh ar a cuid taispeántas i mbliana.

Agus é soiléir go bhfuil sí fós i mbarr a maitheasa, seans go bhféadfadh sí scór bonn ar a laghad a bhaint amach dá mba mhian léi.

Paudie Murray. Pictiur: NPHO/Bryan Keane

‘Mind games’ á imirt ag Murray ach cé leis a bhfuil sé ag spraoi?

Tar éis dóibh an cluiche ceannais a bhuachan inné, thapaigh bainisteoir Chorcaí, Paudie Murray an deis a ndúshlán a thabhairt dóibh siúd a dúirt go raibh an t-ádh ar Chorcaigh áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann.

Níor luaigh Murray duine ar leith ná níor luaigh sé go ndúirt sé féin i ndiaidh an chluiche leathcheannais in aghaidh na Gaillimhe nach raibh an bua tuillte ag Corcaigh sa chluiche sin.

Níorbh é seo an chéad agallamh ait a thug Murray i rith an lae ach oiread.

Agus é ag labhairt le RTÉ díreach roimh an gcluiche, dúirt an bainisteoir amach díreach nach mbeadh Gemma O’Connor, imreoir thar a bheith tábhachtach do Chorcaí, ag tosú toisc gortú a bheith ag cur as di.

Nuair a thosaigh an cluiche bhí O’Connor istigh sa líne leatosaigh aige. An é gur cheap Murray go mbeadh duine de lucht bainistíochta Chill Chainnigh ag faire ar an Sunday Game cúpla nóiméad roimh an gcluiche is mó den bhliain agus go n-athróidís an plean a bhí acu dá réir?

Dúirt bainisteoir na gCat, Ann Downey ina hagallamh féin roimh an gcluiche go raibh sí lánchinnte go mbeadh O’Connor ag tosú. Ní fios, mar sin, ar bhuail Murray bob ar dhuine ar bith.

Tharraing sé aird air féin i ndiaidh chluiche ceannais na sraithe i mbliana chomh maith. Tar éis do Chill Chainnigh na Corcaígh a shárú, thug sé treoir dá chuid imreoirí téamh síos cé go raibh captaen na gCat, Meighan Farrell, fós ag tabhairt a hóráide.

Cian Lynch. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Misneach áirithe tugtha do lucht tacaíochta Luimnigh

Agus Craobh Faoi-21 Iomána na hÉireann buaite acu don dara huair le trí bliana anuas, is léir go bhfuil imreoirí óga cumasacha ag teacht chun cinn i Luimneach.

Beidh lucht leanúna an chontae an-dóchasach faoina a bhfuil i ndán d’fhoirne iomána an chontae amach anseo cé gur maith a thuigfidh siad nach i gcónaí a bhláthaíonn imreoirí óga maithe ag leibhéal na sinsear.

Tá go leor tráchta déanta cheana féin ar fhoirne Faoi-21 Luimnigh a bhuaigh trí Chraobh na hÉireann as a chéile idir 2000 agus 2002.

Bhí gach cuma ar an scéal an uair sin go raibh dóthain imreoirí maithe ar na foirne sin a chinnteodh go mbuafadh an contae Craobh na Mumhan ar a laghad ag leibhéal na sinsear. Ar chúis amháin nó cúis eile, níor tharla sé.

Rud beag a thabharfaidh misneach do mhuintir Luimnigh an babhta seo ná go bhfuil taithí ag roinnt mhaith imreoirí ón bhfoireann Dé Sathairn ar chraobh na sinsear cheana féin. D’imir ochtar den scuad leis na sinsir i mbliana agus d’éirigh go maith leo. Dá bhféadfaí duine nó beirt eile a fháil ó churaidh na bliana seo, ba mhór an cúnamh é.

Conor Delaney agus Aaron Gillane. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Teip Chill Chainnigh i measc na dtosaithe

Agus neart scóranna aimsithe ag Luimneach ina gcuid cluichí sa Chraobh Faoi-21 go dtí seo, bhí ar Chill Chainnigh srian a chur le tosaithe an fhreasúra má bhí aon seans le bheith acu cluiche an tSathairn a bhuachan.

D’éirigh leo é sin a dhéanamh, ba é an 17 cúilín a d’aimsigh Luimneach an dara scór is lú acu sa chraobh, ach níor bhain tosaithe na gCat leas as an dea-obair sin.

Ba é John Walsh a d’aimsigh na cúil do Chill Chainnigh nuair a chas na foirne seo ar a chéile i gcluiche ceannais mionúr na hÉireann trí bliana ó shin ach baineadh Walsh den pháirc ag leath ama Dé Sathairn.

Ba é Richie Leahy duine de bheirt ar fhoireann Chill Chainnigh a raibh taithí aige leis na sinsir ach, arís, baineadh den pháirc é agus beagnach ceathrú uaire fágtha.

Ar deireadh, níor aimsigh Cill Chainnigh ach ceithre phointe ón imirt i rith an 60 nóiméad. Is beag seans atá ag foireann cluiche ceannais a bhuachan agus na scóranna chomh gann sin.

Fág freagra ar 'Na curiarrachtaí á sárú ag Buckley agus údar dóchais Luimnigh – ceachtanna CLG…'